firstLine"; ?>

1817. Teasda eochair ghlais Ghaedheal $
Length: middling 25qq
Certainty: 1
Period:
  1. 13th early
  2. 13th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy wp
Manuscripts:
  1. Bodl. Rawl B514 O’Donnell poems 16c
  2. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
  3. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. Williams, PoemsGBM no. ii
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. nobility of ancestry
  3. death signals end to peace
  4. general grief for subject’s death
  5. symptoms of grief
  6. Resignation to God’s will
  7. house and/or furnishings (door-lock)
  8. childhood, fosterage
  9. sickness
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (Rawl. B514, RIA743,
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe NLI G 167)
Patron Christian Names:
  1. Gormlaith ingh. Domhnaill mhic Dhomhna
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Gormlaith mourns her son Domhnall
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Teasta eochair ghlais Ghaoidheal


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 2]


1 Teasta eochair ghlais Ghaoidheal;

fa Éirinn do héagcaoineadh;

budh anbhfann dóibh greim an ghlais

is a sheim óir ’na fhéagmhais.


2 Teasta eochair a iata;

síoth Eireann budh ainriata;

ó dhul as nochan fhuair síth;

a glas do-chuaidh don choigcrich.


3 Eochair síothchána Síol gCuinn

altrom inghine I Dhomhnuill;

breith Ghormladha tar sliabh soir

do iadh comhladha an chogoidh.


4 Dob athair dhi an Domhnall tíar -

tug a n-aigneadh ar éinrian;

dob oide dhí an Domhnall toir -

dob í conghlann a gceangoil.


5 Dá mbeidis ar tí tachair

a hoide ’s a hardathair,

aghadh na naoidhean do-níodh

sgaoileadh fhaladh na n-airdríogh.


6 Fríoth lé buar is brat naoidhe,

fríoth sochar is somhaoine;

a cumha i gceann a solaidh

earr umha ar na hasgadhaibh.


7 Má táid fa a cumhaidh i gceas

gach fréamh re bhfuil a cairdeas,

tearc adhbhar ríoghna nó ríogh

gan íorna adhbhal d’imshníomh.


8 Biaidh a gcuideach dá cumhaidh

ar chlannmhaicne Conchubhair;

ar aicme Briain biaidh cumha

’s biaidh ar mhaicne Murchudha.


9 Conall, Eoghan dár fhoghain,

Clann Bhríain is Clann Chonchobhair,

bláth do Ghormlaith gach Gaoidheal;

comhdhaith cách dá comhchaoineadh.


10 Éagcóir iomarchar muirne

fa mhacámh an mhórChoimdhe;

teagaimh nach é ar a mbiadh bail

an té budh mian do mharthain.


11 Saoghal dí - ní dál fhoirbhthe -

do iarraidh gach éanoidhche;

an dligheadh uile ní fhuil

duine do shireadh shaoghuil.


12 Gairid beag do bhí i gcolainn

macámh Clainne caomhChonaill;

do sheal - céillidhe an cridhe -

feadh éindighe is aidhbhsighe.


13 Ag éag dot aghaidh niamhdha

nír shlán acht cúig ceirtbhliadhna;

a ríoghan óg Muaidhe, is moch

fód na huaighe dot fholoch.


14 Baladh na n-ubhall n-abuidh

ar an uichtghil n-abhradhuibh;

fríoth fios balaidh an bhrogha

ar slios galair Gormladha.


15 Treas dá buime ag déanamh déar,

treas ag innisin uirsgéal;

gá meabhair budh duilghe dhi

cuimhne a meadhair ’gá muime?


16 Dealuchadh re a dreich mballaigh

díoghlaidh ar a dearnannaibh;

Gormlaidh do bhreith ó a buime

bodhraidh dreich a dearnuinne.


17 Ní thabhair adhbhann dá haoidh,

ní cheis re comhradh macaoimh;

ní bhí a-muigh uirre omhan

a buime ód-chluin criothnoghadh.


18 Do báitheadh isan mBanbha

éanmhacámh a hionnamhla;

fa béin úraigh slat mar sain,

mac Néill Ghlúnduibh re Gormlaidh.


19 Nír bhuail macámh mná eile,

nír thuill osnadh inghine;

a doimheanma ar chách do-chím,

fáth a hoileamhna ón airdrígh.


20 As a croidhe nochar chuir

osnadh inghine Cathuil;

ní gan a dhula ó dhuine

ní bhí acht cumha cholluidhe.


21 Inghean inghine Cathail

is easbhach dá hardathair,

folt maothchaomh géagnúidhe glan

baothlaogh céadúidhe Cruachan.


22 Ubhall abhla Cruachan Cuinn

fa úir dheirg Dhoire Choluim,

aoighe caomh i gcriaidh Doire,

caor chraoibhe Briain Bhóroimhe.


23 Re a fás gion go bhfuil ar súil

do ba gráinne donn deargthúir;

tig síol is táire is ní thig

gráinne ríogh isan roilig.


24 Banua Cathail a Cruachain,

ua do Mhóir a Miodhluachair,

ua Móire Mumhan ni mhair;

pudhar budh fhóille is easbhaidh.


25 Banua Cathail an chruibh dhuinn,

inghean Domhnaill Í Dhomhnuill,

easbhach leam an ti teasta

is í i gceann a céidteasta.