Poem in printable PDF format
Téid an mhaith
a-mugha
[McKenna,
Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 22]
1 Téid an mhaith
a-mugha
mór ar a dtéid
teimheal
don chomhrádh do
canadh
don domhnán as
deireadh
2 Ciall do chur
san iompódh
nír fholáir dá
urraidh
glór gach neith
a-nallain
bheith dá chlódh
go cumair.
3 A-tá ag teacht
lér bhfocal
dá bhféachtaoi a
bhfuil síodhach
dá chloinn re Dia
ndúileach
lia don choill
’n-a chríonach,
4 Do theagaisg i
dtalmhain
tráth a sgéal do
sgaoileadh
gach ní as mhaith
dár múnadh
do bh’í an mhaith
[gá] maoidheamh
5 Dá ghaol is
fáth faitchis
a fhiacha an lá
as lugha
ar chaith Dia re
a dheala
go ria an mhaith
a-mugha.
6 Aontochadh an
osaidh
ar fhéachain nír
fholáir
síoth Dé nach áil
d’fagháil
náir is é gá
fholáir
7 Fada a chor don
chonair
cách is siad ag
sírrioth
cia dá fheabhas
d’eolach
leanas Dia go
díreach.
8 Neimh a lot
nach leanfadh
dar lat is lór
d’iongnadh
fala na dtrí
dtairngeadh
cara an tí nach
tiobhradh
9 Do bhaoi ar
eagla Ioruaith
dom fhortacht ó
fhíorairc
mac Dé ag óigh
san Éighipt
is é ar chóir Dé
gá dhíoghailt
10 Re taobh a
chóig gcroidheadh
mo chás ciodh fa
bhfionnfuinn
pian na gcroidhe
gcoimhthinn
cian on oire
iomchruim.
11 Teagmháil rem
thoil ndílis
damh gidh dorus
cumhang
ni bhí d’éigean
oram
ni nach éidear
d’fhulang.
12 Na móide as
mhó coimhéad
dom chroidhe is
cúis biodhgtha
nach truagh na
trí geallta
ar an tí as fhuar
iompa.
13 Riaghail
chruaidh do chomhall
cobhair is ort
iarraim
ní hurusa i
n-Éirinn
an turussa
thriallaim.
14 A thrócaire
thuillmheach
tú fa lár ná
léigeadh
bris reacht Dé
dár ndídean
is dleacht é san
éigean
15 Do thaobh
gaoil is gníomha
is gar dhí mo
dheala
goire iná an gaol
fola
don taobh oile
Eabha
16 Céim i gcoinne
an éaga
ní heagail don
anam
an bás gidh bearn
chumhang
sealbh na ngrás
dá ngabham.
17 A fhir as ard
meanma
mheallas gile a
ghruaidhe
do dhamnadh ort
d’áille
olc an t-adhbhar
uaille.
18 Tar eis
mh’éalóidh uadha
air do hiompúdh
m’aigheadh
mo ghoid damh ón
domhan
is car goid im
ghaineamh
19 Comhrádh Dé ní
théigheann
gé tú i ngioll do
ghlóire
mo chroidhe fuar
feoighe
a uan Moire
móire.
20 Go n-íslighe
m’inntinn
a Íosa a fhir
chumuinn
dá fhuaradh eadh
tamaill
bean dom uabhar
urruim.
21 Ní hurusa i
n-éinfheacht
t’fhagháil agus
t’aimhréir
ní culadh é ar
t’fhagháil
mé umhal don
ainmhéin.
22 Do ionnail sí
ar seinchion
an síoth ciodh
nach ceanglad
dáil t’fhola dá
ionnlad
náir a dola ar
dearmad.
23 Mon-uar is olc
thuigim
tú a Íosa d’ól
neimhe
ní doilghe í
d’ibhe
’s í oirne nach
eire
24 Go beoghuin do
bhuinnse
do bhí rinn ’n-a
rodhruim
sín re guin an
ghealbhuinn
ar chuir dhínn
dár ndoghraing.
25 Do bhiodhbha
uait d’anmhain
budh é an
fuireach fíornáir
i ló mheasa an
mhórshluaigh
gidh measa dhó a
dhíoghbháil.
26 A-déarthar dár
ndamnadh
re Dia an dann fa
sgarfam
briathar
fhaobhrach aithghearr
aonghuth ar a
n-anfam.
27 Is tuigthe
nach tualaing
an té téid ’sna
pianaibh
nach rug lais lón
sluaghaidh
clódh ar a ais
d’iarraidh.
28 An corp as
cóir d’eiteach
ainbhreatha dá
n-iarra
is adhbhar dá
éara
do mharbhadh a
mhiana.
29 Caithfidh rinn
rí nimhe
ar neamh dhúinn
ar ndula
an mhéid nar
chaith cheana
téid an mhaith
a-mugha. Téid.
30 A mhaoir mheic
na flatha
Froinséis fa glan
gníomhradh
bíodh cuid ann
don éarlamh
mo cham duid do
dhíorghadh
31 A bhuime na
mbanógh
id bhun do budh
beithte
dá n-anaimne it
aice
ar gcabhairne is
creidthe. Téid.