firstLine"; ?>

1822. Teine ar n-a fadagh fearg De $
Length: long 39qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/29 16th-17th cent.
  2. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
  3. NLS Adv 72/2/14 ? cent
  4. Mayn. M84 S. O Murch. na Raith. 1738-
  5. Mayn. M95 S. O Murch. na Raith. et al
Prints:
  1. text DiD no 58
Motifs:
  1. King’s officer: fear gradha
  2. cios, tax, tribute
  3. Christ as kinsman
  4. Judgment Day ?
  5. Devil as tempter and witness
  6. legal terminology (finne, feitheamh etc)
Poet Christian Names:
  1. Pilib Bocht (RIA 5)
  2. Tadhg Og (NLS 72/1/29)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn? (cname only)
  2. O hUiginn (‘Eoluinn naomh’ RIA210,256)
Patron Christian Names:
  1. Andrew, Ainnrias
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Andrew: rescues bishop: passion & death
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Teine ar n-a fadágh fearg Dé


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 58]


Philip Bocht Ó hUiginn .cct. (?)


1 Teine ar n-a fadágh fearg Dé;

tearc dínn nach daorfadh fínné;

ní as sia nar fhaduigh i-se

cia nach faduigh fúithei-se.


2 Smál ar an dteine ní théid;

caidhe lasair a leithéid,

gríos as teo iná gach teine

bhíos beo agus do báidhfide?


3 Tairgeam síoth ar son ar gcean,

mithidh turnamh na teineadh;

a chlann Éabha, a fhuigheall áir,

cuiream séala ar an síothcháin.


4 A-tá mar ghrís a gabháil;

ní hurusa a hiongabháil

fearg ag Dia ris gach nduine:

a fhearg cia ren cosmhaile?


5 Ris budh cosmhail ar gcabhair

m’aonghrádh do na heasbalaibh;

síodh an té do bhí agus bhias

go dtí dhíom é agus d’Aindrias.


6 Go gcurthar a-nuas do nimh

le guaillidhe Dé dhúiligh

ní as a dturnfadh an teine

im chlí d’urchar aithrighe.


7 Muna thurna Dia na ndúl

an teine táthar d’fhadúdh

is é ar nDia eile an t-easbal;

cia an teine nach toirnfeadh-san?


8 Ag cur m’éagcóra im aighidh,

dom agra an tráth tiocfaidhir,

gá tarbha don bhreitheamh bhias

is feitheamh m’anma ar Aindrias?


9 A-tá mo bhiodhbha dom brath;

dlighim cobhair óm chomthach;

a samhail roimhe do rad

do chabhair oile an t-easbag.


10 Easbog do bhí eacht eile

i seilbh Aindrias d’áiridhe;

caraidh é tar gach n-asbal

’s é mar raghain rugasdar.


11 Lá dá bhfacaidh inghin óig

chuige - níor chian ó urchóid -

do-chí gné an aisdir uirthe;

caisgidh é dá urnuighthe.


12 Do bhun an ghrádha thruim thug

do-chuaidh - más fhíor - ón easbug

nó go dtoirneadh a dhearc dí

searc a Coimdheadh gan chuimhne.


13 “Beag an fáth fa bhfaghthar guth”

a céadfhocal re a comthach

“ná leagar san teach i dtám

neach budh eagal dar n-iomrádh.”


14 “A-tá fear ag nach fuil treoir

san dorus” ar an doirseoir

“do shir mar aisgidh oram

sibh d’fhaigsin gan uraghall.”


15 “Leig an tí tháinig i bhfad

im fhiadhnaise” ar an t-easbag,

“’s é re calaidh ná congaibh;

tabhair é dom agallaimh.”


16 Do ráidh an bhean do bhí as-taigh:

“ní thiocfa an tí taoi d’iarraidh

gan thomhus do thuigse

tar dorus an dúnaidh-se.”


17 Trí ceasda do chuir a-mach

gearr gur fhuasgail an t-eolach;

do b’é bun na dtrí dtomhus

sí do chur ó chomhshonus.


18 Tug an t-easbog aithne ghrinn,

gabhais a éideadh Aifrinn,

do thoguibh crois Dé na ndúl,

a ghné re a cois ar gclaochlúdh.


19 [Leis] an gcléireach do canadh:

“Créad t’adhbhar dom fhiosrughadh?

a héideadh Dé sul dheachar

budh éigean é d’fhoillseachadh.”


20 Is é comhrádh do chain-se

“Ní anfuinn it fhochair-se

achd i ngné díoghbhála dhuid;

is mé t’fhíornámha, a easbuig.”


21 “Ní fhúigfinn thú - truagh an bheart”

ar an inghean ag imtheacht

“go beith do neamhthoil Dé dhuid.”

ní seachmhaidh an té thánaig.


22 Teithis an bhean - borb an smacht -

téid an t-easbog i n-umhlacht;

an té do dhealaigh an dias

meabhair gurab é Aindrias.


23 Ní fhéadaim foghlaidh Dé dhíom;

fóirfidh Aindrias ar n-imshníomh;

a-tám i n-éigin aibhse

dál an chéidfhir chumainn-se.


24 Mac mo sheathar dom sheoladh

is amhlaidh do fhoigheonadh,

nó a fhear grádha ag labhra linn

is námha m’anma ar mh’uillinn.


25 An céadlá do-chonnairc riamh

Mac Muire - mór an rímhiadh -

páirt a-raon do-róine an dias,

laogh na hóighe agus Aindrias.


26 Cíos ar cathrachaibh iomdha

do thaibhgheadh dá thighearna;

gur leathnuigh a chíosa ar chách

ní seachmhaidh d’Íosa a óglách.


27 Aon do laithibh dar leig soin

do síoladh creidimh i gcathraigh

fuair ag cobhair na cathrach

folaidh mar budh fógarthach.


28 “Don dia dá dtugsam ar dtoil

caithidh umhlacht, a easbail,

re n-oidhche” ar ceann na cathrach

“dá mbeam choidhche connarthach.”


29 “A nabruim is amhlaidh bhias;

an Dia dá n-adhrann Aindrias

rachaidh ’n-a shéana ó sho a-mach

nó no ní mhéara a-márach.”


30 Innsis gurab olc an bhreath,

dá n-ana ar an iul dhíreach,

creideamh achd don té do thogh;

is nír creideadh é ón easbol.


31 Re hAindrias dá haithle sin

do b’é a-rís rádha an chéidfhir:

“Ag sin fad chomhair an chroch,

sir cobhair ar do chodhnach.”


32 “An lá do fhuair a oigheadh

Dia tar ceann na gCríosdoidheadh

is í an phian-sa pian do thogh,

mo mhian-sa í” ar an t-easbol.


33 Ní thug an t-asbal dá óidh

a bhroid achd bheith ag seanmóir,

a bhiodhbha ’s a chorp i gcrann

gér bh’iomdha ag tocht ’n-a thiomchall.


34 ’N-a mharcach ar a muin-se

- do chách creidthe an mhíorbhuil-se -

do bhí sé tráth nó dá thráth,

is é re cách ag comhráth.


35 I dtimcheall an chroinn chéasda

- do chách ciodh nach aithréasda? -

tig doighear gheal mar an ngréin

seal re n-oigheadh an fhíréin.


36 Tig éanlaith d’ainglibh nimhe

uaidh is chuige ar chéilidhe,

lasaidh ós a chionn san chroich

lasair fhionn leis an éanlaith.


37 Do folchadh an chroch ar chách

re hucht an bháis - beart neamhghnáth -

[dar] fhás do dhonnloise dhí

gur chás urmhoise uirre.


38 Más fhíor dá imtheachtaibh féin,

do-chuaidh an t-anam ainn-séin

go port Dé leis an dealradh

sé is an corp ar gceileabhradh.


39 An fear is na fearta so

dom fheitheamh an fheirg Íosa,

cuireadh sé orainn fheithimh;

toghuim é dom fhóirithin. Teine.