Poem in printable PDF format
Theast aon
diabhal na nGaoidheal
[Watson, W. J.
Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore
(Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 16,
p. 134]
A ughdar so an
bard Ruadh Fionnlagh
1 Theast aon
diabhal na nGaoidheal,
sgéal as cóir do
chommaoidheamh,
bhaoi ré daorlot
cheall is chros,
an
maoltorc mall gan mhathas.
2 A h-ifreann
thánaig ar dtús:
usaide an sgéal a
iomthús,
mar thá a bheatha
rís ar bail
i gceathaibh
ghrís an diabhail.
3 Do nasgadar air
fá rinn,
an uair dh’fhág
sé teach n-ifrinn,
toidheacht don
dún chéadna ar ais,
’s a chúl ré
réadla pharrthais.
4 An uair thánaig
an torc dubh,
b’iomdha deamhan
’gá chonnradh:
garbh mhothar
gach péiste
shín go h-anbha
oilléitigh.
5 Ar eagal a
bheith gan ní
do-rinneadh do
mhac Ruaidhrí
a chniocht go
h-onáireach ann,
i riocht Chonáin
i n-ifreann.
6 Is cóir an agra
thá i ndiu
ag Ailéin ar na
diabhlaibh,
gurab é fa rí
orra,
ar liom, ’na thím
eatorra.
7 Is mithigh sgur
réd mharbhnaidh,
a shean
bheathaigh bhiothcharnaigh,
mheic Ruaidhrí ón
mhúr a mach,
fhuair ní gan
lúth gan lámhach.
8 Fá chaithréim
do chur i sum
dlighim coinne ré
Colum;
ó’s í caithréim
t’aoir uile,
a Ailéin mhaoil
mhíoghoire.
9 Do rinn tusa,
’s ní h-í a mháin,
creach Ie is
reilge Odhráin;
is tú dhochann go
borb ann
cochall na n-ord
’s na n-aifreann.
10 Is tú bhuair
olc Innse Gall,
’s tú bhocht a
cíos ’s a tearmann;
is tú as gealtach
nós a mach,
lé leantar fós do
thosach.
11 Acht
aonbhuille ar do láimh chlí,
do bhréithir, a
mheic Ruaidhrí;
ní clos do ghleó
ó shoin a mach
is an chros bheó
dod mhallacht.
12 Math an dís fá
bhfuil do shlán,
dóibh-sin fós is
[...................]
ó chéadtosach do
chagaidh,
a bhréanchlosach
anabaigh.
13 Creach eile
nach raibh san lagh
ar Fíonán i
nGleann Garadh;
mhalluigh do
naomh feartach féin
do mhaol
gealtach, a Ailéin.
14 Atá mar gach
naomh eile
ag díoghailt a
oirbhire:
do chuir
Dubhthach lé chúis féin
an cuthach i
ngnúis Ailéin.
15 Do thír
dubhach is do shluagh,
do baineadh
dhíobh an chnámhthuagh;
léigid deireadh
do mhuirne
idir Seile is
Subhairne.
16 Ní h-iongnadh
a bheith i bpéin:
fada ó
b’ionchrochtha Ailéin;
ná luaidh ar
láthair an fhir
chuaidh go a
mháthair ’s go a phiuthair.
17 Mithigh a nois
sgur dot aoir,
a mheic Ruaidhrí,
a ainmhín;
a Ailéin nach
greasann greas,
caithréim
t’easgaine is oircheas. Theast.