firstLine"; ?>

1825. Tiar tainig tus na seanma $
Length: middling 14-22qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Classes:
  1. miscellaneous
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. NLI G 433 Fragments c. 1750
  3. RIA 249 (23/N/13) MmcP Ui Longain 18c
  4. RIA 211(23/G/20) M.Og O Longain 1786-
  5. Mayn. M 2 Micheal Og O Longain 1818
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no. 54
Motifs:
  1. siodh
  2. music
Poet Christian Names:
  1. Piaras (Mayn. M 2)
  2. Fearflatha (NLI G433, RIA 1009)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
  2. Feiriteir
Patron Christian Names:
  1. Nioclas Dall
Patron Surnames:
  1. [Pierse c.1561-1653, Kerry ASJn., 6, 40 ]
Apologue Subclasses:
  1. Milesians divide poetry & music
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tiar táinig tús na seanma


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 54]


1 Tiar táinig tús na seanma;

gnáth dúil a ndiaigh oileamhna;

críoch Mhumhan na séadmhúr sídh

bunadh na ccéadghlún cciníl.


2 Cá beag d’fhiadhnaise air sin

imreasuin dá mhac Mílidh,

ag roinn fhóid bhláthchoille Breagh

don dámhchoinne óig fhéinneadh.


3 Tugsad go hÉirinn eidir

fhilidh agus oirfididh,

a slios Tuir bhratghloin Bhreoghain,

tar muir n-atmhair n-ainbhtheanaigh.


4 Onaoi dob ainm don fhior chiúil,

Cior mac Cis ceann ar seiniúil;

ní leanfam dá slonnadh sin,

dá ollamh mearchlann Mílidh.


5 Ordaighis Éibhear amhra

crannchor fa a n-aos ealadhna

ar mbeith d’Éireamhón ón fhior

ar leith gléimheadhón Gaoidheal.


6 Do thaoibh Éibhir - gárbh fhearr céim?

tarla an t-oirfideach ainnséin:

re gnúis mbuig ngeilmhíolla ngloin

fa neimhdhíogha an cuid crannchoir.


7 Ríoghdhacht na seanma ó so lat

ag leanmhuin luirg na ríomhac:

atá ag seinshliocht Éibhir Fhinn

eighriocht re a n-éirigh inntinn.


8 Dá mbeith fós nach raibh reimhe,

atá an uairsi dh’áiridhe

fréamh an cheóil a muigh Mhumhan,

sgeóil ar a bhfuil fíadhnughadh.


9 Atá aniugh ag Nioclás Dall,

ar cheart ar chumas n-adhbhann,

mír curadh cheóil na Banbha,

bunadh eóil na healadhna.


l0 Cumadóir na ccleas ndoilbhthe,

gaduidhe na geamhoidhche,

musgladh brón baoithchridhe ban,

glór nach saoilfidhe a síothbhrugh.


11 Adhbhar caomhnaidhe cumhadh,

sás meanman do mhórughadh,

siansa ón girre laoi leabhra,

nach binne caoi Céideamhna.


12 Colloid ré caoine a sheanma

na beathadhaigh bhrúideamhla,

ag éisdeacht mharbhchor a mhér mbras

do anfadh én re a amas.


13 Líonmhaire ’ná an fér ag fás

ar leath ó lámhuibh Nioclás,

sreatha a ghéag cceathbhraonach cciúin

do ghealchaolach téad ttaighiúir.


14 Mar dheilbh a ndiaigh a rionnta,

ní fios d’aos aigeanta,

séis marbhghlan a mheóir rathmhair

d’adhnadh an cheóil chuimhrighthi.