firstLine"; ?>

1828. Tinn liom do mhaoith a Mhaire $
Length: middling 27qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. condolence wp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631 index only
  2. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transcribed Eoin MacCarthaigh
Motifs:
  1. imagery for patrons: trees being felled
  2. qualities of patron’s character
  3. nobility of ancestry
  4. comparison with all others
  5. caithreim: poet cannot recount all exploits
  6. conquest fruit of God’s anger
  7. imagery for grief: fire ever refuelled
  8. general grief
  9. condolence for another’s death
  10. Resignation to God’s will
  11. echo of ‘A bhean fuair faill
Poet Christian Names:
  1. Uilliam Og mac Uilliam Oig (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Maire [ingh. Aoidh mhc Mhaghnusa - heading]
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tinn liom do mhaoith, a Mháire

[NLI G 167, 281, new pagination p. 289]

Uilliam Óg mac Uilliam Óig Meic an Bhaird do chum so ag eccaoine tuirsi 7 dobroin inghine Ui Dhomhnuill, Mairé inghen Aodha mheic Maghnasa, fa bhás mheic a derbhrathar, Aodh mac Cathbharr.

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Tinn liom do mhaoith a Mháire

ge doimheasda a diogháire

ni dhligh cách cesda oraibh

da bfesda an fáth fuarabhair.

2 Da ndeachtha le díth socra

tar thoroinn do thromdhochta

gidh lí rodhoirche ar ghné ghloin

nir chronaighthe é umoibh.

3 Lia dar chuirthe mar chuis ttruim

ort a inghen I Dhomhnuill

bheith sodhedhla re a rádh ribh

le crádh oileamhna an imnidh.

4 Fiú gach ádhbhar fuair tusa

nar dhoigh gor dháil urusa

cur bhar ttocráidh ceím ar ccúl

no reim bhar n-acláin d’iompúdh.

5 Uch as ionganta ina sin

acht fiorghrasa Dé duiligh

leith do chéille ar do chummus

ge bheith Eire ar t’fearannus.

6 Frith a bfogus da cheíle [282/290]

iomad n-ádhbhar nimhchéille

led dhreich mhaithmigh ttlaithghil ttinn

nach ttaírthir th’aithghin d’Eirinn.

7 Fríth libh fa lorg bhar n-athar

craidh far chosmail mearachadh

béd do chomhshnoidh do chroidhe

’s tre écc chodhnoigh Calraighe

8 A ta teine do chumhadh

re ré mbuain ar bethughadh

tre bhuing an fhiodhmhuine as feárr

do thuill ionmhuine Eireann.

9 Beathughadh nach beó dheit-si

minic théid fan teinidh-si

d’furtacht tendal chloinne Cuinn

beangán do choille o cConuill.

10 Rug oraibh go nuá a-nosa

i ttrath fhuaraidh th’orchro-sa

sgél da sgoilter do chroidhe

frémh o n-oiltear th’eólchaire.

11 Cloch fhaobhair dot thuirsi truim

oidheadh Aodha meic Cathbha[i]rr

sí ’na cneidh i ccenn guine

ag séin err bhar n-eolchuire.

12 Ni hiongnadh brón dot bháthadh

fa dheghmhac do dhearbhráthar

ni tuamhain don chneidh chroidhe

ar fedh ar ccláir Chonnloi-ne.

13 Biodh nach ccaoinfidhe a chruth geal

da fhuil no d’oilbheim Gaoideal

tar dhiomdaidh Dé ar a dheghfhuil

ionghuil é as a airrdhenaibh.

14 Annamh ma do fhás roimhe

d’uaislibh aicme Úgóine

fear a aoisi in ainm an fhir

ar thairm gáoisi et gaisgidh.

15 Ar fhoghlaim fa hárd n?garma

ar dhaonnacht ar dheghlabhra

ar cheíll ar aóibh ar fhearrdhacht

ar mhéin ccáoin ar chuirteamhlacht.

16 Annamh súil ler silleadh air

annamh cluasa da ccualaidh

gan roimheasgeadh cráidh fa a chenn

moirEsgar cáigh go coitchenn.

17 Ar a aba ni hiongnadh dol [283/291]

dhuit-si [a] deirbhshiur a ator

sgoth mhac Mílidh do chás craidh

tre bhás do mhilidh macáimh.

18 Ort fein aithnighe a easbaidh

dhaoibh as dainmhe a uireasbaidh

neimhiongnamh (neach) do chrádh fa a chenn

tar chlar n-eimhiorghlan nÉireann.

19 Silte bhar seinchrecht cumhadh

tenn a-taid ag núadhughadh

tre neimh t’achláin naoidhe a-nois

tre dháoire an athchraidh fuarois.

20 Biodh nach annamh fuarais goin

fan ccloinn do chin ot th’athoir

goin as crioch do na cneidhibh

fríth isin doigh dheighionaidh.

21 Uch ni heindíth a n-oidhidh

clann oile righ rioghOiligh

tig da bhuain dínn don dulsa

dhibh ’sn?irbh uair don easgar-sa.

22 Eagail linn nar leigset dhúinn

tú it aonar d’éis gach iompúidh

cuire seng go soighin ngráidh

dream ler doiligh ar ndioghbháil.

23 Mo b-. (?) beg da mbeithea ann

agoinn in áit na saorchlann

gar bheg dhúin díth na fóirne

is brudh ar ccrioch cConoill-ne.

24 Eccóir chuirim a cciontuibh

an druing n-ionmhuin n-oirbhiortaigh

tairrnic cionta a med meanma

créd acht cionta cinneamhna.

25 Da mbeithdís ar a mbreith féin

ni bhiadh re a chur ’na ccaithreím

fiú an ordaighthe budh olc linn

fa ghort n-ordfhoirbhthe nEirinn.

26 On trath fa bfuarais iad sin

acht tú ar aithne an uird crádhbaidh

do bheith do lén buan a bhean

tre luadh na sgél do sgaoileadh.

27 An bhean fuair faill ar an bfeart

’san té ler truagh a heisdeacht

laímh léd chrádh as cnesdoigh tinn

go lár do esgoir mh’inntinn. Tinn...