firstLine"; ?>

1832. Togaibh do chroidhe a Chormaic $
Length: short 15qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
  2. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA1076 (24/P/33) L.Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no xx
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. poet invoking blessing
  3. spartan life of warriors
  4. English conquest of Ireland
  5. sickness ?
Poet Christian Names:
  1. Ruaidhri Og (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. O hEachaidhein
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Airt
Patron Surnames:
  1. O Neill Buidhe d. 1707
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tógaibh do chroidhe, a Chormaic


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 20]


Ruaidhri Óg Ó hEachuidhéin .cc.


1 Tóguibh do chroidhe, a Chormuic;

dearmaid, a fhlaith lánordhraic,

a dtáthraisi d’olc is d’oil,

bha na ngort gclárthaissi gCobhthaigh.


2 Ná cuimhnigh, a chruth fhaoilidh,

ná héagcaoin ’s ná hathchaoinidh

bhur ró éadtualaing re headh

bha chró ghéagfhuarfhuinn Gaoídheal.


3 A bhfríoth libh a los coguidh

d’easbaidh súain nó sámhchoduil

ná hathchuimhnigh - ga dtáim dhuibh -

a chathchuingidh chláir Conghuil.


4 Rúaig leathbhruach, luighe it armoibh,

díoth tathuimh is tionnabhraidh,

fáth imshníomha an chúis rod char,

a ghnúis inríogha iodhan.


5 Foighide mhaith, a mheic Airt;

fogas furtocht dod mhórairc;

go sóigh cabhair dhuinn is duit

anuidh fan gcuing, a Chormaic.


6 Cuiridh bhur ndóchas i nDia;

aigill go maith mac María;

tug th’aghaidh ar Dhía na ndúl

an Día ó bhfaghair fortún.


7 Ná cuir cunntabhart i gcás,

ná caoin dochar ná dólás,

is Ri an teaghlaigh thuas dod thaoibh;

suas led mheanmuin, a mhacaoimh.


8 A Chormaic Í Néill aniodh

tréig do mhaoith, arduigh t’aigniodh,

suas leat, a cheinnbhile cháigh,

a bhreac Seinline sruthbháin.


9 Aitchimsi an tAthair go trén

do chum neamh, úir is aiér,

do bhur gcaomhna ar chúis docra,

a ghnúis aobhdha ionmholta.


10 Sirimsi is sirmíd uile

ar an dTríonóid toghuidhe,

tre fhíor páirte mheic Muire,

sláinte dheit tré dheaghghuidhe.


11 Ón Athair go n-agha sibh

’s ó Mhac na hÓighe ar íribh

’s ón Spiorad ar neamh aniodh

ionad bhur sen ’s bhur seinsior.


12 Go ndoirte Críost dod chabhair

braon da ghrásaibh grásamhail

bhad mhóircheas, a chnú chroidhe,

fhóirfeas tú tré a thrócoire.


13 Bídh faoilidh, tréig do thuirsi,

léigidh dhíbh bhur ndoghuilsi,

go n-aghair an úair dod thoil,

anaidh ret úain go n-aghair.


14 Tiocfaidh i dtráth a dtoraidh,

daoibhsi budh sén sócomhail,

slóighshirthe go Banbha Bhreagh;

damhna fóirithne a bhfeitheamh.


15 Gabh brosdadh, a bhrath Temhra,

glac meisneach is móirmheanma,

a chraobh lile as sgáth dar sgoil,

do chridhe ’na thráth tóguibh.