firstLine"; ?>

1833. Togaibh eadrad is Eire $
Length: very long 56qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Francis. A25 B. MagNiallghuis 1610-28
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. RIA 1078 (B/i/1a) 18th cent.
  5. NLI G167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 1
Motifs:
  1. War with English
  2. puirt aireachais, cunntairisme ?
  3. territory as spouse of king
  4. fertility of land under true king
  5. functions of kingship
  6. prophecies of ruler
  7. comparison btn homeland & highkgship
  8. historical allusions
  9. Merchants
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (BOCD; ‘mc Mathgh.’ RIA 215)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Conn mac an Chalbhaigh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. merchant’s son flees dragon princess
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tógaibh eadrad is Éire


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 1]


1 Tógaibh eadrad is Éire,

fada atá ar tí aoinchéile;

ar gclódh aoibhneachta fear bhFáil,

gan fhear n-aoinleabtha d’fhagháil.


2 Fada nár fhéad Inis Bhreagh

tógbháil idir í is éinfhear;

olc an bhaintreabhthach bean Fhloinn,

treabh na n-aitreabhchloch n-áloinn.


3 Éigin dí dul as a cruth,

nós na mban bhíos gan chumhdach;

tír na sruth mbraontana mbinn

cruth na haontamha ar Éirinn.


4 Leannán na ríogh, Ráth Uisnigh,

do cuireadh ’sna crothuibhsin,

learga finnmhíolla a gruadh ngeal

gur tuar imshníomha d’fheitheamh.


5 Do trochlaigheadh ceann i gceann

ardphuirt aireachuis Éireann;

earradh clúimh tiomchal gach tuir,

fionnchladh gach dúin ’na dhíoghuidh.


6 Do maoladh a cnuic corra,

do treabhadh a tóranna;

Múr Té na gclaichfhinnteagh gcuir

nách aithintear é ag eólchuibh.


7 Ní mhair dhíbh trá acht a dtaise,

tugsad maise ar mhíomhaise;

múir bhratshoilse Banbha Néill -

damhna attoirse iaidséin.


8 Gidh eadh is usaide linn

an ceó tuirse atá ar Éirinn,

Múr Té do hainmnigheadh d’Art -

gur tairngireadh é d’fhurtacht.


9 Atá i ndán dó go dtiocfa

fear fhuaslaicthe a airmearta,

budh éigin trá a thocht asteagh

lá éigin ar Ghort nGaoidheal.


10 Ribhse, a Choinnmheic an Chalbhaigh,

iomdha fáidh rod-fíortharngair -

sibh ar tí a chéile is cubhaidh -

do bhí Éire ag anamhain.


11 Mairg nách tugann, a thaobh slim,

tallann éigin dá hinntinn

don ráith chuirr ghéigiobhraigh gloin,

céidiomdhaidh Chuinn is Chobhthoigh.


12 Sill go meinic a ghruadh gheal,

claon do dhearc uirre os íseal;

tug th’aghaidh ar a slios slim,

labhair ­gan fhios re hÉirinn.


13 Dlúthaigh ria, luigh ’na leaba,

a chneas áluinn oighreada;

téigh re cneas chéile Logha,

suil bheas Éire i n-aontomha.


14 Druid an béal mar bhláth suibhe,

’san déad solus sneachtui­dhe,

le póig go báintealaigh mBreagh,

go bhfáilteadhaibh chóig gcóigeadh.


15 Do-rad Niall mór mhac Eachach,

ór fhás tú, a ghruadh gheilleathach,

phóig uaidh a hionnamhla sin

dár fhuaigh fhionnadhbha nÉibhir.


­16 Tug phóig a haithghin oile

dá dtárraidh Brian Bóroimhe,

gan imriosain, a ghlac geal,

an finnliossoin Mhac Míleadh.


17 Mar mhná na n-ilgheas oile,

fuasgladh Bhanbha braonuighe

atá ar phóig d’fhoghbháil aguibh,

a bhonnbháin óig abhraduibh.


­18 Nós na mban bhíos fa gheasaibh,

biaidh Éire an fhóid bhailbheasaigh -

clár móireithreach na sriobh seang

ag fior fhóireithneach Éireann.


19 Fada roimpe ó do bhí bean

mar tá an chríochsa Mhac Míleadh,

san tseanAfraig gainmhigh gil

tealachbhuig aibhnigh éignigh.


20 Do-rinne an céidfhear ro char

baincheann na n-oiléan n-iongnadh

don óigh bharrlagúir bhosghloin

bhandragúin mhóir mhíochosmhoil.


21 Inghean Iopragáid mheic Núil

do chaith treimhse i ndeilbh dhragúin,

’sa lán d’ilgheasaibh re a hucht

budh dál imreasain d’fhurtacht.


22 Do-beirthi, gi bé hadhbhar,

ar tí a horchra dh’athadhnadh,

lá gach bliadhna buaidh ndealbha

dá gruaidh niamhdha naoidheanda.


23 Mac ceannaighe a crích fhuinidh

téid feacht n-­aon dá hionnsoighidh,

dá bhfuair ’na hinghin umhail

an sduaigh mbinnghil mbanamhail.


24 Tug toil a mheanman don mhnaoi,

guidhis an bhféata bhfoltnaoi

mar bhainchéile dá ghnúis ghloin,

géar chúis aithmhéile a hiarroidh.


25 Do ráidh ríoghan an ruisg cuirr:

“do bheinn agad dá bhféaduinn,

a óigleanaibh shídh shochruidh

dhóidleabhair mhín mhalachdhuibh.”


26 “Do dheóin nó ar éigin agam

biaidh tú”, ar an t-óg abhradonn,

“do-chuaidh mé óm fhéagain d’fhior,

ní féadair é”, ar an inghean.


27 “Bím”, ar sí, gach uair eile

i ndeilbh dhragúin teintidhe,

mo ghnúis bhláth dhonnmhálla dhil

gur fáth orghránna dh’fhaicsin.”


28 “An bhfuil cabhair dhuit i ndán,

ó so amach?”, ar an macámh,

“a ghnuis naoidhe go ngruaidh ghlan,

gá huair shaoile do shaoradh?”


29 “Atá ridire i ndán dúin,

do theacht is mé i ndeilbh dhragúin,

le póig dá saorfaidhir sinn,

do laochraidhibh Fhóid Fhéilim.


30 Budh fear dhamhsa an t-óg iochtmhar,

dó atá i ndán go ndingiontar

rí ar na hoiléanuibh don fhior,

ní is doidhéanuimh do dhéiniomh.”


31 “Do bhí a tabhairt dhúinn i ndán

d’Éirinn mise”, ar an macámh,

“an phóg mhúchfas do mheanma,

a chúlchas óg oireaghdha.”


32 “Cionnus do bheith i ndán duit,”

do ráidh an inghean ordhruic,

“an ní adeire, a chnú chridhe,

’sgan tú reimhe id ridire?”


33 Mac an cheannaighe ód-chluin sin

gabhthar leis grádha gaisgidh;

téid don bharrúrthais deirg dhuinn,

re ceird n-andúthchais d’fhoghluim.


34 Re béal maidne arís reimhe,

táinig d’fhios na hingheine;

fáth iongantais mar fhuair sin,

an sduaigh bhfionnfholttais bhfaoilidh.


35 ­Fríoth leis ar maidin mochthráith

a gnúis mhíolla mhalachbhláith,

’sa ciabh lagúr thairseach thiogh,

’na dragún taidhbhseach theiniodh.


36 Gluaisis roimhe i raon madhma

ód-chí an n-oilphéisd n-allmhardha,

a bhás don turussa ar dtocht,

cás nárbh urusa d’fhurtacht.


37 Téid tar ais dá hiomdhaidh féin

inghean Iopragáid ainnséin;

’sdo bhí an inghean bhonnbhán bhinn

lomnán d’imneadh ’na hinntinn.


38 Tug móid ón lósoin i le

nách éireóchadh d’fhior eile,

go dtí an tairngeartaidh dar dhán

sí as a hairmeartaibh d’iompádh.


39 Atá fós - fada an fulang -

a rosg uaine abhramhall,

a taobh geal, a gruaidh chorcra,

nách fuair fear a furtochta.


40 Éire an bheansoin, a bharr slim,

tusa an fear fhóirfeas Éirinn :

slóigh goimheamhla dhanar ndúr

aghadh dhoidhealbha an dragún.


41 Druid ’na coinne, a chiabh lúbtha,

ná fill ón deilbh dhragúnta

atá ar Bhóinn bhréagshrothaigh bhinn,

fóir a héagrothaibh Éirinn.


42 I láimh eachtrann re hathaidh,

a Chuinn í Chuinn Chéadchathaigh,

mór sochuidhe dá rádh ruibh

nach mothuighe Clár Cobhthuigh.


43 Atá an chóir aca, a ghruadh geal,

ní robhuidheach Meic Mhíleadh

díbh, a Choinnmheic an Chalbhaigh,

bhán dtír n-oir­dhreic n-abhallghloin.


44 Ar son nách beitheá, a bharr tiogh,

i gceannas chríche Gaoidheal,

críoch Bhanbha do bhuing a glas

tarla, a Chuinn, ar do chumas.


45 Urusa dhuit déanaimh cean,­

tnúthach gcogaidh Meic Mhíleadh;

beag na faghla, a fhir Eithne,

do-bhir Banbha buaidheirthe.


46 Adhnaidh teach don toigh re a thaoibh;

géabhaidh cách dod chéibh bharrchlaoin,

do rún cagaidh dá gcluintear,

tnúdh is abaidh adhuintear.


47 Do nós leathnuighthe an luisne

biaidh feadh an Chláir Chobhthuighse

a fhoghlaidh féin ar gach fonn,

ót fhoghlaibh ar fhéin n-eachtronn.


48 Budh é a chríoch, a chruth sídhe,

lingfidh lucht gach éintíre,

led ghruaidh mónanda ón mall sriobh,

tóranna Gall is Gaoidhiol.


49 Eirg ina gceannas, a Chuinn,

tar rompa fós go Fréamhuinn;

a chaithleómhain bhasghloin Bhreagh,

aithbheóghaidh gasraidh Ghaoidheal.


50 Ná léig dhíot ar Dhún na nGall,

ná ar chuan Easa Dá Éagann,

ná ar sheanLoch bhfíonúr bhFeabhail,

ríomhúr Teamhrach toireamhain.


51 Mairg fuair go seachónadh sibh

ar choicéadaibh chuain Shligigh,

nó ar Chruachain ngeiltrealmhaigh ngloin,.

seinTeamhraigh Thuathail Teachtmhair.


52 Briathra fádh is fuighle naomh

dá huaimse dot fholt bharrchlaon;

nách leó do tiorchanadh thall

an t-eó a fionnchaladh Fréamhann?


53 Fáidh do reachta, a rí Bearnais,

séan gcnuais ar chraoibh dhuilleaghlais,

fearg bhuinne ag breith a thoraidh,

cleith tuinne ’na torchoraibh.


54 Iomad asa ag uathadh cruidh,

iomad cruach ar chionn shamhraidh -

lucht fáisdine ón fearr t’aithne -

fáistighe ceall cumhdaighthe.


55 Tú ar toil cháigh is cách dod thoil,

tú ós cách is cách uasoibh;

tú ar breith gach aoinfhir ’sgidh eadh,

Gaoidhil fad bhreith do-beirthear.


56 Faoilidh ród, a rún faoilidh,

don toisgse atáid fionnGhaoidhil;

do nós mhná re a céile cuil

atá Éire ret óguibh.