Poem in printable PDF format
Toghaidh Dia
neach ’n-a naoidhin
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 37]
Tadhg Óg Ó
hUiginn cct.
1 Toghaidh Dia
neach ’n-a naoidhin
- is creidthe ar
a chomaoinibh;
mar bhías leanbh
an lá bearair
a-tá a dhearbh
gun Dúileamhain.
2 Gan a thogha an
tráth gheinios
ar shíol Ádhaimh
imthighios
ar bheith ní as
sine ná sin
ní fheith rí
nimhe ar naoidhin.
3 Cuiridh Íosa an
uair beirthir
a airdhe sul
aithnighthir
briocht seirce
san té thoghas
nach leicfe é i
n-amhoras.
4 Do-bheir do
neoch ’n-a naoidhin
mar chéadrath
cruth forbhfaoilidh;
ní dealbh a-bháin
do-bearar
do leanbh do
b’áil d’fhoillseaghadh.
5 Do-rinne Dia do
dhealbh neamh
dá chinnlitir dá
chineadh
na foirne do
shíol ó shoin,
roighne dhíobh
agus díoghain.
6 An lá do
dhealbh an domhan
síol Éabha is é a
mbreathnoghadh
go bhfaca Dia ga
ndéanamh
cia aca do
uaisléaghadh.
7 Lucht na togha
an tráth nach gabh
le damhna ríogh
ga ríoghadh
ní horthaibh do
dhligh diomdha;
do nimh toghthair
tighiorna.
8 Urusa a aithne
- is eadh a shuim -
a Bháitéir mhac
mheic Éamoinn,
gurbh é do thogha
tharsa
rogha Dé gud
dhéanamhsa.
9 Rí na n-uile ó
do b’é a mhian
tú id chinnbhile
ar Chloinn Uilliam
a bhfuil aca ag
righe ruibh
slata idhe gut
fhéachain.
10 An lá thug
ceard na cruinne
thú dar gcabhair
chuguinne
tuig, a
chodhnaigh chnuic Meadha,
dhuit gur
ollmhaigh aisgeadha.
11 Muna bheith
Dia, a dhearc mar ghloin,
ar tí do thogha ó
thosaigh
iul agus aoibh is
aithne
dhaoibh ’n-a
dtriur ní tiobhairthe.
12 Créad fa
dtiobhairthe, a thuir Bhreagh,
mar asgaidh dhuit
ón Dúileamh
re a thuigsin
acht dod thogha
na ruisgsin mar
réaltona.
13 Dearg an béal
is bán an troigh
fuarais gud
thogha ó thosaigh;
díol [buaidhe]
saor a snoighe,
nuaidhe an taobh
’s is tanoidhe.
14 Rinn eangnamha
agus einigh
fuarais i n-aois
óigleinibh;
nach tiobhairthe
acht dod thogha
ionaithne na
hasgadha.
15 Draoithe
Éireann, a ucht geal,
gut urfhógra ó
aois naoidhean
’s gach dúil ag
arbh iongnadh eol
fiodhbhadh agus
úir is ai-eor.
16 Conn mac Úna
is amhlaidh sin
fuair a fhógra i
n-aois leinibh;
do bhí
fiodhbhaidh na Fódla
re n-iodhnaibh ga
urfhógra.
17 Gach abhann i
nInis Fháil
do bhí i nglas ar
n-a gabháil,
leis do
sgaoileadh dhí a-dearair
rí Gaoidheal dá
ghineamhain.
18 An dá shruth
do dhúsgadh dhó
fuair mar onóir ó
Íosa
siad fa úir go
haimsir Cuinn
nar fhaillsigh
Súir ná Sionuinn.
19 Bearbha do
thocht a talmhain
comhardha dá
chomhardhaibh;
ar Bearbha do bhí
geimhiol
rí Teamhra gur
tuismigheadh.
20 Ionann do
toghadh thusa
is Conn, a chruth
mállasa,
is sibh as
conchlonn do Chonn
dámadh comhthrom
ibh d’fhearann.
21 A-tá ’n-a
ithiomrádh ort
anmhain ar imlibh
Connocht;
ní fearann imil
badh fhearr,
beanam re hinnibh
Éireann.
22 Leath Éirionn,
a earla fiar,
a-tá i gcairt
Chloinne Uilliam;
ná leig do leath
féine i bhfad
Éire dá ndeach ar
dearmad.
23 Teachta a-nall
ó fhiadh Oiligh
is iomdha dot
ionnsoighidh;
ó fríoth an
t-amsa ar Oileach
gá hannsa an
chríoch chomhaidheach.
24 Comhtha as aga
n-iarraidh
ag clannuibh
Néill Naoighiallaigh;
nár an bhraidse
ar Dhún Dealgan
dúnn as fhoigse
an t-imdheargadh.
25 Fa Loch
nEachach is iomdha
cúis toirrse ga
thighiorna
halla agus tor
’n-a dtaisibh;
Banna ar an gcor
gcéadnaisin.
26 Nocha marann
do mhnáibh Gall
gan ionnarbadh ón
fhearann
bean do-ní osna i
nEamhain;
do bhí an corsa i
gcinneamhain.
27 Ionadh
marbhtha mhac nUisnigh
do treabhadh don
tuluighsin;
ar an bhfaithghe
ar thuit an triar
an aithne dhuit
an dímhiadh.
28 An chríochsa
fa chlannaibh Néill
- gabh mar
bhrosdadh, a Bháitéir, -
cloch aoil dá
bhfuil ar a feadh
nír chuir acht
saoir bhar sinnsear.
29 Cia dhíobh ler
saothroigheadh sin
an dá Iarla, a
fhir Luimnigh?
ní fhuil lios ná
cloidhe cuir
nach fuighe a
fhios i n-Ultaibh.
30 Gearr bhus
libh an líne tor
don Iarla Ruadh
do-rónadh;
ní daoibh do
chuir na clocha
bhar dtuir aoil,
a Ultacha.
31 An t-Iarla
Donn ’n-a dheaghaidh
do-ní iad dá
oidhreadhaibh;
an t-Iarla isa
hobair soin
togaibh mar
fhiadhna ar Ultaibh.
32 Clann Uilliam
ag éirghe libh
is clann Eoghain
it aighidh
ní bhia, a
shaorchrann Shídhe Truim,
san ríghe acht
aonchlann aguinn.
33 A ndearnais
d’fheidhm, a fholt tiugh
ar son coda do
chóigeadh
dá ndearna a
leath bud latsa,
a chleath Eamhna,
an Iarlachtsa.
34 Tiocfa aicme
an Iarla Ruaidh
id chomhdháil gus
an gCraobhruaidh;
do ghaolta dá
hathchur ort
faghthar t’aonta
don Iarlacht.
35 Do chreachais
an gCeapaigh n-Aird,
a chodhnaigh
Chloinne Riocaird,
iomdha bó agus
each uirthe;
nochar mhó creach
[Conmhaicne.]
36 A Mheic
Uilliam, dá éis soin
tugais maidin do
Mhaonmhuigh;
iomdha tuir aoil
’n-a n-aislibh
i Muigh Maoin an
mhadainsin.
37 Tír Fhiachrach
Muaidhe go mion
a daingne uainn
do hairgeadh;
nír dhaingne a
gcriathrach ná a gcoill
í Fhiachrach
Aighne orainn.
38 Ard Rathain do
losgadh libh
giodh céim uasal
le áirimh;
Loch Riach i n-a
dhoighir dhe,
a thriath Oiligh,
do b’uaisle.
39 Téid aca - nír
bh’iongnadh dháibh -
d’éis a ndearnais
dá ndíoghbháil
ag clódh ó fhine
Eadhra
cridhe mór ar
mhímheanma.
40 Doirbh fulung
a bhfuarais d’ulc
ag argain
Iarthoir Connacht;
ag teachta a
hUmhall tar ais
deacra fulang a
bhfuarais.
41 Tángabhair -
fa toisg shodháin -
d’fhortucht aicme
Madadháin;
feadhain nachar
mhoille ó mhnáibh
tre fheadhaibh
chloinne Cochláin.
42 Ní fhaca tusa,
a thuir Mhis,
lá creiche
Chloinne Muiris
an tóir ag tocht
id fhrithing;
budh cóir ort a
n-oirichill.
43 Tar shíol
gCréidhe do chuir sibh
Baile an Tobair
tre theinidh;
Ros Comáin lán do
loisin
nár don chombáidh
chéadnaisin.
44 An n-osgladh
idhe do ghlais
do chodhnach
Chloinne Feorais
bheith orlamh le
cíos cairte
bhíos i gcunnradh
comairce.
45 I n-Áth
Iomdháin nír fhiu lat
is síol
gConchobhair chugat
tocht gan
ionnladh ins an áth
go dtiobhradh ort
a n-ursgáth.
46 Creach nar
luime creach Codhlaigh
tugais ó Thír
Amhalghaidh;
ní beithte riu
seacha sin
liu do chreacha
ná a gcluintir.
47 A mhac
Mairgréige ó mhúr Náis,
a mheic
thoirbheartaigh Thomáis,
do chor sheilbhe
ar Mhagh Macha
tar, a eidhre an
ardfhlatha. Tag.