Poem in printable PDF format
Toghaim liaigh do
leigheas Fheilim
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 54]
Domhnall Mhac
Eochadha
1 Toghaim liaigh
do leighios Fheilim
Airdrí na slógh,
Saor na gclann;
go ttí tar gach
liaigh dá leighios
an Rí gan chiaigh
bheirios barr.
2 Na leagha rugas
do roghain
an Rí mór is Mac
an Ríogh,
toircheas is
éinfhior na hÓighe,
oircheas déiniomh
dóighe dhíobh.
3 Níor chreach
bheag dá mbeirthí uainne
oighre Saidhbhe
searc na sgol.
fear go ró céille
agus cuimhne,
ní dó féine is
duilghe a dhol.
4 Ré mac
Fiachaidh má fríoth turbhaidh
do thinnios cinn,
cos nó lámh.
go ttí Féilim
nách fuair aonghuth
uaidh gan
chréidhim saoghlach slán.
5 Go ttabhra don
tí dá n-iarraim
aisiog sláinte
más sí a thail;
do fhédfadh grása
Dé a dhéanaimh
’s é san gcás-so
d’fhéaghain air.
6 Ní fhuaras ó
imtheacht Fiachaidh
acht Féilim ó
shoin dá shíol.
scéla is doilghe
leam ’na luighe,
geall oirne gach
duine dhíobh.
7 Go bhfóire ar
thriath fhréimhe Raghnoill
an Rí a gcroich
do cheannaigh é;
nár léige soin ní
[as] sia a n-othrus
go ttoil do Dhia
mholfus mé.
8 Teacht ’na
égmois ó nách éidir,
a Aoinliaigh na
n-othar ttinn,
más misde lat lén
na Banbha
ná hér fá mhac
Sadhbha sinn.
9 D’éis a thinnis
tuilleadh saoghail
sirim ort, a Rí
na ríogh;
dom fhear páirte,
plúr a chine.
sláinte go húr
dlighe dhíom.
10 Cuirim ar
scáth scéithe Míchíl
mac meic Aodha,
aigneadh fial,
ceann na reachta,
maor na meidhe,
naomh a shleachta
reimhe riamh.
11 Oighre
Fiachaidh ar feadh m’eólais,
dá fhine féin
[feirrde a ainm]
ní fhaca mé a
chló ’na chomhar;
sé dhó nárab
moladh mairbh.
12 Síol Ébha
d’éntoil ’s a Mháthair,
a Mheic Dé do
dhoirt do chrú,
dár ngrádh do
gheinis a gcoluinn;
mar dhál leighis
toghuim thú.