Poem in printable PDF format
Torchair ceól
Cloinne Cathail
[Seán Ua
Súilleabháin and Seán Donnelly: ‘“Music has ended”: the death of a
harper’, Celtica 22, 165-75]
Tadhg Olltach Ó’n
Cháinte cecinit.
1 Torchair ceól
Cloinne Cathoil,
rug orra éag
anachoin,
teidhm bhus gomh
síoruidhe so,
dol dá síodhuighe
seanma.
2 Múisigtheach
dorcha domhoin,
Conchubhar Mac
Conghalaigh,
a gcúis gháire, a
ngníomh doiligh,
re síol nDáire
dealuighidh.
3 Ceól na gcuradh
ó Chuan Dor,
mairg, a Dhé bhí,
dár beanadh,
méar
beóighlinn iúlmhur aithneach
ciúnghlan
ceóilbhinn cuartuightheach.
4 Dúsgadh leóin,
losgadh anáidh,
ceól codoil crú
Donnabháin,
a éag rob
ghníomhradh ghoimhe,
béad ríoghbhan is
ríoghraidhe.
5 Sliocht
Dáire Cearb nár ceileadh,
uatha trá ní
tuigfidhear,
labhra faoilte na
bhfoghur;
damhna a gcaointe
Conchubhur.
6 Ní shaoilid
filidh náid fáidh,
ní mheasoid mná
náid macáimh,
céim soirbhis ’na
dhiaidh d’fhagháil,
liaigh
doirbhis ó nDonnabháin.
7 Glac lúthbhras
ionar lia gean,
Dallán Forgoill
na bhfileadh,
glór búidh budh
clisdi croidhe,
cisde rúin na
ríoghroidhe.
8 Taidhiúire a
théad, tiún a chor
- mar tá
a-niú is neamhthuar meanman -
lúth saor an
ríghmheóir mhire,
fíghleóir caol
ar gcruitire.
9 Dá mhéad
do-gheibhinn dá ghrádh
ní
bhraithinn choidhche im chompán
- an dallsa
nár dhall croidhe -
acht barr
annsa ar n-ionmhoine.
10 Déanomh
aoibhnis ní heól damh
im thoirchim trá
ná im dhúsgadh,
ar gclódh céille,
ar gcás cumhadh,
bás mo chéile
Conchubhar.
11 Méar lúthmhur
bhár lia anáir,
croidhe dil Í
Dhonnabháin,
fáidh amhra an
fhoilcheasa fuinn,
damhna
doirbhcheasa Domhnuill.
12 Cumhthach ar
aoi a daltáin daill
inghean
Eóghuin mheic Dhomhnuill,
is baoth
mar oire a hosna,
saoth lem
chroidhe an Charrthachsa.
13 Graifneadh
múisigheach meóir bhrais,
uaigneach ’na
dhiaidh dá dhíoghrais,
teagar coimseach
rob chaoin cuir,
toirseach dá
thaoibh a dtorchuir.