firstLine"; ?>

1843. Tosach feile fairsinge $
Length: long 39qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lism. 15-16c
  2. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
  3. RIA 785(23/G/8)T.ONeachtain et al.1711
  4. RIA3(23/L/17) S. OMurch.na R. 1744-5
Prints:
  1. text DiD no. 120;
  2. transl. Ir. Monthly 49, 26
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. comparison with all others
  3. patron’s feasts
  4. patron’s liberality to aos dana
  5. caithreim, list of triumphs
  6. imagery for kingship (aoghaire)
  7. Teagasga riogh
  8. Historical comparisons
  9. naming earlier text (Senbriathra Fithil)
  10. aonach, fair, assembly
Poet Christian Names:
  1. Aodh (Ollbhar) (RIA 3)
  2. Torna (Bk Dean Lism.)
Poet Surnames:
  1. O Carthaigh
  2. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Tomaltach mc Conch.mhcAodha mhcCon
Patron Surnames:
  1. MacDiarmada d.1458
Apologue Subclasses:
  1. Cormac MacDiarmada:a hag his guest
  2. The mill of plenty
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

“Tosach féile fairsinge”


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 120]


[For the apologue told here regarding the woman under geas see poem 982 Fuaras mo rogha theach mhór]


Aodh Ollabhar Ó Carrthoidh .cct. (?)


1 “Tosach féile fairsinge”

- d’fhuighlibh Fíthil an focal;

ní hiomdha dar n-aithnei-ne

neach as urra don tosach.


2 Ní thig tosach fadhálta

don tí dhligheas dán díom-sa;

ní budh mór dá bharánta

tosach an teagaisg ríoghdha.


3 Dó as fhearr thig an tosach-sa

Ó Maol Ruanaidh rí Céise;

tearc neach ar an domhan-sa

as fhairsinge ná as fhéile.


4 Do-bhéaradh Mac Diarmuda

a shúil tar ceann a einigh;

dá mbeith fear a hiarrata

níor bh’ei-sean fear a heitigh.


5 Ní ar domhan ní shanntuigheann

acht dá dháil dá gach duine;

nochan fearr an gallmhuileann

ó léigtear é fa uisge.


6 Tomhaltach Mac Diarmuda

mac na ríoghna ó Ráith Chruachan

gá seadh méad a iarrata

’s gur mó sa chách a chnuasach.


7 Rí maicne Maoil mhórRuanaidh

’ga dtá an t-eineach i gcartaigh

fíon dá ól a hórchuachaibh

uime ó mhadain go madain.


8 Is uasal an t-aoghaire,

a-tá aca ar a n-eineach;

ní fhacas fós aonduine

ag dul uadha fa eiteach.


9 Gearr budh lón a ionnmhus-san

muna bheith Dia dá cosnamh,

lámh aige dá thiodhlacadh

is lámh oile dá bhronnadh.


10 Ní hí cuid na céadoidhche

do-bheir Dia dá dhreich mhínghil

acht é ag riar gach éanchoinnmhe

bhíos ’n-a chás air dar-íribh.


11 A dtabhair mac Conchobhair

agus a bhfaghann chuige

aige ní fhuil comhchosmhail

acht trághadh agus tuile.


12 Dá mbeith [gan bhád] ionlocha

’s a dhámh i bpurt an locha

do rachadh flaith Fiodhnacha

dá bháthadh d’eagla ghotha.


13 Tomhaltach mac Conchobhair

mheic Aodha - dia do thoice -

mheic Chonchobhair chomhramhaigh

mheic Tomhaltaigh óig oile.


14 Mheic Mhaol Ruanaidh romhasglaigh

ris nach raibhe feidhm formaid

mheic Ghiolla Chríosd chomhchubhaidh

mheic Conchobhair mheic Cormaic.


15 Sgéal beag ar an gCormac-sa

a-tá agam re n-a aithris;

d’eagla gomadh domblasda

dleaghar réilioghadh gairid.


16 Lá éigin dar éirghiosdar

ar tulaigh láimh re a longphort

oireacht i ngach éinionadh

dá chumhga ’n-a mbíodh Cormac.


17 Go tulaigh na comhdhála

do-chí chuca mun dtráth-sain

bean leathchaoch ruadh roghránda

’s aonbhrat lín ar a brághaid.


18 Gabhais tres an aonach-sain

nó go ráinig sí an baile;

dí níor fhiafraigh éanduine

cia hí nó cáit a raibhe.


19 Go Carraigh Meic Diarmada

an tráth do-chuaidh an bhean-so

níor shuidh an dúil diabhalda

gur cóirigheadh lé leaba.


20 Oileachán beag éagcosmhail

do-ní i n-uillinn an tighe;

bliadhain dí ar an ndéarghadh-sain

gan easbhaidh bídh ná dighe.


21 Gur caitheadh an bhliadhain-sin

- mo chean do-rinne an ainmne -

bean ná fear dá fiafraighe

ní fhuair ar feadh na cairrge.


22 Téid an chaochruadh chiabhfhada

ar gcor na bliadhna thairse

d’ionnsaighe Mheic Diarmada

’s beannaighis dó as a haithle.


23 Innisidh a himtheachta

dó ó thosach go deireadh;

ní sgéal so nach inleanta,

sgéal as uaisle ar an eineach.


24 “Bliadhain gus an aimsir-se

dhúinn it shíth, a rí Dhuibhe,

ar bhfógra ó Thír Thairrngire

bean mé ar ar cuireadh cluiche.”


25 “I mbrugh Eamhna abhlaighe

do cuireadh mé fa gheasaibh

gan dul go Tír Thairrngire

go mbeinn bliadhain ’n-a heasbhaidh.”


26 “Níor gabhadh an bhliadhain-se

uaim gan mo bheith i n-éantaigh

’s gan neach ann dom fhiafraighe

ar feadh an dá mhíos dhéag-sain.”


27 “Do bhádhas an bhliadhain-se

i gcúirt Locha Ché chornbhláith

gan neach ann dom fhiafraighe

- is do bhíodh uile an tromdháimh.”


28 “A n-áireamh ní féadfaidhe

leath ná trian a mbí id bhaile,

’s ní shaoileann díobh éanduine

nach air féin bhíos bhar n-aire.”


29 “Ar bhéasaibh ná ar mhíbhéasaibh

ní diúltar neach ód thigh-se

- ’s ní léigthear acht fíréanaigh

amháin i dteaghdhais nimhe.”


30 “A Chormaic mheic Tomhaltaigh,

an bhfuil ar feadh an bheatha

teach i mbeinn an comhfhad-sain

gan fhiafraighe acht do theach-sa?”


31 “Beannacht agus bithbheannacht

fágbhaim uile ’gad theaghlach;

ní dearnadh ’s ní dingeantar

céim as uaisle ná a ndearnsad.”


32 "Do ním-se dhuit fáisdine

gé táim im beathadhach ghránna

go mbia an t-oineach d’áiridhe

’gat shíol go laithe an bhrátha.”


33 A geasa ó do fuasgaladh

ar n-innisin a heachtra

imthighis an ruadhchailleach;

ní dí támuid budh-easda.


34 A airdrí fial foighideach

is riot bheanas an sgéal-so;

id bhrugh ní bhí coimhidheas

re duine do shíol Éabha.


35 Níor bh’usa don chailligh-sin

bheith mar do bhí i mbrugh Cormaic

iná bheith id bhaile-se,

a rí Locha Ché chollbhuig.


36 Do-ghabhthaoi id bhrugh bhiothbhuan-sa

sgol ris gach gceird i nÉirinn

’s ní bhíodh i dTigh Mhiodhchuarta

acht duine ris gach éincheird.


37 Do ghreasa, do mhadhmanna,

ní fhéadaim bheith dá bhfaisnéis;

ní thuillfeadh san adhmad-sa

an deachmhadh cuid dod chaithréim.


38 Ad theagmháil, a Thomhaltaigh,

ní thiocfadh duine ar domhan,

a Chú Chuluinn churata

a Chonaill Chúigidh Chonnacht.


39 A-tá [ag] dúsacht th’adhmholta,

a rí ceirtbhreathach Céise,

nach foghnann don adhmad-sa

tosach acht tosach féile. Tosach féile.