firstLine"; ?>

1845. Tosach inmhe oirbheartas $
Length: long 35qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 236 (B/iv/1) D. O Duibhgeannain 1671-
Motifs:
  1. envoi to Nualaith dau. of Domhnall O Ruairc
  2. nobility of ancestry
  3. patron’s liberality to poets
  4. prowess in war
  5. Proverbs
Patron Christian Names:
  1. Tadhg mc Aodha mc Aodha mc Aodha Ruaidh
Patron Surnames:
  1. MacConsnamha d. 1537
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tosach inmhe oirbheartas

[RIA 236 (B/iv/1), 200b]

[Aoi Fhreislighe]


1 Tosach inmhe oirbertus

a[s] fada o fúair [a] dhearbadh

ar neach o théid oirrdhearcus

ni feirde a bladh do bernadh.

2 Glor nach feider d’increachadh

ar dearbh an fáidh go fosaigh

gidh [bé] lerb ail inmheachus

denadh oirbhert ar tosaigh.

3 Ro mhor an rath d’enduine

inbhe is oirbhert re cheile

f[r]ith sgríobhtha ag gac sgélidhi

tosach flaithemhnuis feile.

4 Thríd ioctur gach aondolaigh

gach ughdar riamh ’ga rádha

síad ar-áon a n-énchomhar

an fhéile is mac Con tShnamha.

5 A ríar leo do léigfidhe

deacraide dhóibh a shéna

o cliaraibh ni creidfidhe

da ndeachadh uaidh fa éra.

6 Do chlíaraibh a ccomhnaidhe

as é a theach a léim luidhe

faoigh re ar Máol Morrdhui-ne

bíd ag iomadh ré ar-oile.

7 Sa treibh dhúasaigh dháoinigh-si

do-geibhther díol gach dáimhe

tarla tegh an taoisigh-si

ag cách ’na osbi-táile.

8 Da mbeith na badh derbhchara

do thiucfadh tara dhála

locht einigh na engnamha

ni faghtur ar mac Con tSnámha.

9 Do-ni do nós Fallamhain

a chlú gur chuir fa shéla

ar mac fíal Fallamhain

fuighther máoin na héra.

10 Canfad rib gan róidheine

ribh gion gurr moidhter

ni fuighther taom toibheine

ar bar n-engnamh re háoinfher.

11 Sibh ar áth dhá ionghaire

ni díb fa dheóigh dob aithrech

cur ribh a n-am iorghaile

do budhmh a nead naithrech.

12 Neath ret feidhm n[í h]inmhesda

ursa catha mur congmhadh

do chosg a n-am imresna

argain darach do dhornnuib.

13 Ge madh aidhbhseach hfh’orlann-sa

tús is deireadh gach deachra

seachnadh cách do chomhlann-sa

dual an teinidh do seachna.

14 Ni baoghal a breathnachad

dol oraibh d’iarraidh gotha

mur a-deir an senfhocal

is snámh a n-aghaid[h] tshrotha.

15 A-tá agum baramhail

dol oraibh d’iarraidh béime

ni cóir gan a canamhain

iadhadh duirn im gha gréine.

16 Siubhlach ionn gach áonionadh

an teist a-ta in bur ndeghaidh

in t-eineach gan eilsigedh

do cuiredh ribh do mheabhair.

17 Tar [a] bfréimh da bfuilir-si [201]

is roibheg a díol derbtha

breith do ghill ni bfuidhir-si

ni sgél ar aicme Fhergna.

18 Eól damh-sa go deibheadhach

os diom dleghar a n-áiremh

fios gach glúin da giniolach

go hAdham nar tuill cáineadh.

19 Cóir tús don fhial fhorusta

Tadhg mac Áodha mhic Aodha

mhic Aoda Ruaidh róghasda

mhic Taidhg nár dhiult daonna.

20 Eoghan is Áodh oireadha

is Domhnall nar doigh a dhermad

mh[e]ic Donnchaidh shaoir shoidealbhdha

meic Giolla na Naomh námhlaigh [leg. neamhlag?].

21 Mh[e]ic Giolla (na Naomh) Críost comhdhalaigh

nar trom a theach in termuinn

m[e]ic Muirceachtaigh mhórdhalaigh

mh[e]ic Con tSnama nemhghainn.

22 M[e]ic Murchertaigh mhenmshochraidh

ris nach diultar dámha

m[e]ic Con tShnámha nemhchrothaigh

o sloinnter m[e]ic Con tSnámha.

23 Diarmuid fíal is Fallamhain

Máol Mórdha mían gan ughdair

m[e]ic Cernacháin chathlannaigh

mh[e]ic Duibhdhothra m[e]ic Dúnchaidh.

24 Báoidhín Bláthmac bunata

Feidhlimigh rioga rocháoin

mh[e]ic Criomhthainn cháoimh churata

m[e]ic Sgannláin nar thuill tathaoir.

25 Aodh fionn flaith na feadhna-sa

nar bheg treisi ar Themhraigh

m[e]ic Fergna m[e]ic Ferghusa

m[e]ic Mureadhaigh mháil mhenmnaigh.

26 Mh[e]ic Eoghain sreibh sháoithionoil

mh[e]ic Dhúachghalaigh na ngníomhach

Brían mac Eachaidh Múighmeadhóin

is Muireadhach tren Tíreach.

27 Mh[e]ic Fiachaidh sáoir Sraiftine

aga raibhe ciall gach Gáoidhil

Cairbre fial an flaithfile

m[e]ic Cormaic mh[e]ic Airt Áoinfeir.

28 Ocht bfer dhég do dheghferaibh

is fiche laoch re labhra

o Thadhg d’áiremh ginealaigh

go Conn Cédchathach calma.

29 O Chonn rioghdha raithchéillidh

go hÁdhamh prémh na bfer-sin

ceithre fichid flaithfheindidh

gan iomarcaigh gan esbaidh.

30 Da mbeithmís da ngérthogha

ar hairemh linn go cinnte

mac Con tSnámha a n-énrogha

is mestur íad fa a n-inmhe.

31 Túar airmhe don áoinfher-sin

cóir dho Shencha a hsíoladh

ni foighther fan táoiseach-sin

acht fuil righ(i) 7 rioghna.

32 Ni beite dhá bhrégnachadh

bladh [a] einigh gur chosain

ni héidir a egnach-san

re ar thuill do theist ar tosaigh.x

33 Tus inmhe nos Nuathlaighe [201b]

ag cur a clú [in] gach ennaird

cuid do rath na Ruarcaige

rug geall einigh gach einmhna.

34 Teist inghine an Domhnaill-si

annamh do cu[..........]

terc ben do-ni a foghloim-si

is céim nemh na [........].

35 Do gnáth do-ni an Bhrefneach-sin

ar daimh nac iarr oradh

dá sith riar gan aoinesbaidh

fa dereadh is fa thosaigh. Tosach...