firstLine"; ?>

1846. Tosach sidh sanas Gabriail $
Length: short 12qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 8 (24/L/6) Eoghan O Caoimh ?1679
  2. TCD1382(H.5.10)S.OSuilleamhain1703
  3. Mayn. C 88 Eoghan O Caoimh 1704
  4. RIA 151 (23/D/13) S. MacSolaidh c.1713
  5. TCD 1411(H.6.7.) Donnch.OConaill1737
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 1-2
Motifs:
  1. envoi to Michael archangel
  2. moral qualities of woman patron
  3. umhla, submission
  4. mystery of incarnation
  5. the Hail Mary?
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na Diadhachta (RIA 8,151,C88,
  2. Aonghus Ruadh mac Donnchadha
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh Fionn TCD 1411)
  2. O Dalaigh (TCD1360)[DonnchMor Eg.97]
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Annunciation
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tosach sídh sanas Gaibriail


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 1]


Do’n Mhaighdin Mhuire


1 Tosach sídh sanas Gaibriail

i gceann Mhuire ar máthair-liaigh

rígh na slógh lé sanais nglain

gabhais an ógh ón Athair.


2 Briathra milse fa mór brígh

tug an t-aingeal ón Áird-rígh

do fhóir an uile dhomhan

glóir Mhuire dá méadoghadh.


3 Ag eisdeact an mholta mhóir

thug an t-aingeal na honóir

suasan go humhal do fhan

cumhal uasal an Athar.


4 Do ráidh ríoghan an ruisg mhoill

nach geabhadh fa fhear chumainn

ná céile ar domhan acht Dia

tréidhe as ar moladh Maria.


5 Do ráidh an t-aingeal, gnúis gheal,

id bhroinn a Mhuire Mhaighdean

tiocfa an Spiorad Naomh a-nuas

san ionad nar chlaon coguas.


6 Is agat dob áil le Dia

a bhean bheannaighthe a Mharia

i dtaoibh m’fháilte go hiodhan

sláinte gach aoin d’oibrioghadh.


7 Géabhair mac ón Athair ard

Criosd ara cubhaidh amharg

dá dtiocfa sláinte na sean

[tar iochta] m’fháilte a inghean.


8 An chlann do chuaidh a-mudha

ó Dhia i ndiaigh a gcarthuna

tú do bhéara ar iúl uile

a shiúr Éabha ógh-Mhuire.


9 Tiocfa id chlí gan choill n-óighe

do thuar bhar [bhfeart] n-onóire

rí na glóire [’ma thriall tám]

as a mbiadh t’óighe iom-shlán.


10 Máthair Íosa nar fhaomh cion

ar n-umhlughadh don aingeal

tigh an coimdhe na clí ngil

an Rí as oighre ar na hainglibh.


11 Lem locht féin nach diongnainn dí

moladh ba mhó do Mhuire

ní hiongnadh méad a molta

géag fhionn-ghlan na hóghachta.


12 A Mhíchíl a aingil fhinn

caithfidh mé triall fad thuairim

ná léig ó nimh meise a-mach

ós sibh as treise ar dtosach. TOSACH