firstLine"; ?>

1849. Trean riogh uaisligheas ollam $
Length: long 32qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid (?1546 AFM)
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. patron’s intellectual attainments
  3. functions of poetry
  4. poet-patron relationship
  5. poet attacked
  6. caithreim
  7. historical precedents
  8. Historical comparisons
  9. craftsman (saor)
  10. exile, homesickness
  11. oireacht
Poet Christian Names:
  1. Cucoigcriche (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Patron Christian Names:
  1. Maghnus
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (chief 1537-1555 d. 1563)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tréan ríogh uaisligheas ollamh

[NLI G167, 128]

(see ‘A Poem Book of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61, 130-42; poem 35)

An Cuchoigcriche cenda do chum so don Maghnus remhráidhte.

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Tren riogh uaisligheas ollamh

mor da treisi tárthomar

an fhuil riogh gur uaisligh inn.

ar ndion ar uaislibh Eirionn.

2 A n-uaisle ag teacht da treisi

lucht iomchair an oire-si

iomchraid uaisle fhuinn Banbha

cuing uaisle na healadhna.

3 Tren na riogh ’ga raibhi sin

Tórna eiges do uaisligh

go mbiodh tnúth re tren Tórna

freamh a húir na healadhna.

4 Tren a riogh fa diden dáibh

Mac Coisi mór Mac Lonáin

is Mac Liag do mheall Mumhain

gur thenn iad a h[e]aladhain.

5 Tren airdriogh do uaisligh sinn

mar gach n-ollamh da n-áirmhim

gan trén ríogh ’na ccenn ag cur

ga dion dob fherr da ollamh?

6 Rí Éirne da n-ísligh fiodh

énchrann fosgaidh na bfi(o)liodh

do fhégh ar uaislibh Banbha

tren ler uaisligh ollamhna.

7 Rí do mhedaigh mór n-ollamh

meisde a mhéd do dherbhamar

gurbh é a thrén dhúinn do ba díon

an fhrémh a húir na n-airdríogh.

8 An fedh nach bfuaramar cuim

do thrén ríogh fhreimhe Conuill

ar sén do fhill ’nar n-aghaidh

nach trén inn a healadhain.

9 Rug orainn go nuaidhe a-nois

iongnamh linn re linn Mhághnois

damh re na riogh a hEamhain

nach dion é da fhileadhaibh.

10 Dóibh no gur fhulaing m’fógra

oireacht flatha fionnFhó[d]lla

taobh re a roinert dhamh nír dhíon

an gar d’oirecht an airdriogh.

11 An dóigh leis nach leanfainn air [129]

cuid d’oireacht airdrigh Murbaigh

cia dhiobh nach beóda mbagoir

deora(dh) dhiom go ndér[n]adair.

12 Aigeoram air as é a shuim

oirecht ríogh freimhe Conuill

an té as f[h]err as urra dhamh

o nach geall orra a n-(d)aoradh.

13 Nir gheall in ealadha orra

mairg dob anbfann etorra

clann Ghallchobhair gan taom ttais

taobh re mallchobhair Mághnais.

14 O Domhnaill nar dhiult úghda(i)r

os air agraim mh’ionnarbadh

mé mar ubhall is é ar tuinn

mé da fhulang ní fhédaim.

15 Brisedh ar slán as saobh an bhreath

fulang m’fógra a fholt fáinnech

an da shreith ar aonghort ann

beith re haobhdhocht ni fhédam.

16 Deacair da bhar bfile féin

deilbh aoire da ghnúis ghlanréidh

fios mo rúin as reactha dhamh

decra dhúinn gan a dhenamh.

17 Fulaing m’fógra o thír do thír

dot mhuinntir féin fáth eisíth

thú a mbaoghal or fhás óirne

th’aoradh gidh cás comhairle.

18 Ga hagra as doidhiola dhuit

ar fógra an fedh a-támuid

mor ttir do thiomchill th’ollamh

bím ar ionchaibh th’esorradh.

19 Ga mór olc da ndernais dhamh

do-gheibh mé móide mh’amhgar

a rí Doire gidh doirbh linn

muirn gacha tighe i ttéighim.

20 Geall ar n-agrai-ne os sé sin

deilbh aoire d’airdrigh Sligigh

dual cert do ghabhail a geall

ni furail teacht ’na thimcheall.

21 Tar éis a chur re chéile

mé do cheilt a cathréime

ga geall as ferr rem agra

fa [leg. ga?] gheall as fherr iontagra.

22 Leat féin a-nois munab náir [130]

an geall-sa oile ar mh’orlaimh

náir leis an ttréd riogh remhaibh

gan riomh a ngég ngeinealaigh.

23 Ar na gealltaibh do ghabh mé

cuirfe sinn agra eile

mór a-tá ar mh’agra re hedh

lá na tagra da ttísedh.

23 Olfad a fuighle millsi

beith ’na ndiaidh do dhlighfinn-si

a mbuain díom ga duilge breth

th’fion is t’fhuighle ni heinchreach.

24 Dar n-éiccsi ni dernadh dóigh

an fedh fuaramar th’onóir

do bhí ar n-uamhan ar chrú Cuinn

thú no gur fhuaraidh umainn.

25 Gor thréigis me meisde dhamh

riogradh Connacht cath Uladh

cia dhiobh nar fhéagh dot ollamh

gan tren riogh ni rabhomar.

26 Gur leigis fúinn fáth dochair

slán gach fir fa anfhochain

an eng i mbinn do chlár Cuinn

a grádh do thír ni thiubhrainn.

27 ’Na fhegmhais da n-ana sinn

rí Eirne ni he thréigim

anfaidh an croidhe is tír thall

ag rí[gh] oile da n-anám.

28 Tír Aodha na n-inbhear mall

da ttréiginn gan a tadhall

gaol di re mín na Midhe

ni bí an tír do tréigfidhe.

29 Saor uama ar luinge leonta

cosnamh cláir finnEórpa

fer a chérd d’foghluim in bfuil

Ó Domhnoill cerd ar ccúmhdaigh.

30 Bile díona cliar o cCuinn

Mongan i ccerdaibh cumainn

fer ar bfosdaidh don tír [leg.taobh?] thuaidh

ar ccraobh fhosgaidh ar anbhuain.

31 Ioldhanach uama Banbha

fer aithne gach eladhna

ar mbile ad-chíthear os coill

ar bFitheal file i bfoghluim.

32 Dreach righ ’sa fiodhbadh da bfuil

fuireann tilte clair Cobhthaigh

ga fer don fhoirinn nar fhéagh

fa thegh Oileall [leg. Oilill] a aintrén.