firstLine"; ?>

185. Aisling ad-chonnairc Cormac $
Length: very long (50 qq)
Certainty: 2
Period:
  1. 14th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. (Leabhar Donn, RIA 1233)
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA no 5 (23/D/4) 17th c. Munster
  4. Mayn. C 87b O’Curry transcr. incl. RIA 5
Prints:
  1. transl. (Eigse v,79)
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. poet incites patron to battle
  4. war with the Foreigners
  5. Foreign conquest of Ireland
  6. fertility in reign of just prince
  7. Prophecies of Aodh Eangach
  8. High-kingship of Ireland
  9. Aisling, poet’s vision
Poet Christian Names:
  1. mac Cearbhaill Buidhe (RIA 5)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Aodh (mac Eoghain)
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair (d. 1309)
Apologue Subclasses:
  1. Prophetic vision of Cormac mac Airt
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Aisling ad-chonnairc Cormac


[O’Dwyer, Peter: ‘A vision concerning Hugh O’Connor († 1309)’, Éigse 5, 79-91]


Mac Cearbhaill Bhuidhe Uí Dhálaigh cc.


1 Aisling ad-chonnairc Cormac

dá bhfuair Fódla fochanbhrat,

dár chadail a ttigh Theamhra

ó dhigh abaidh fhíneamhna.


2 Dar leis do bhí a mBeinn Éadair

mac Airt an fhuilt fhinnghéagaigh;

’s a aire ar an bhfairrge bhfinn

d’fhaire gach airde d’Éirinn.


3 Tadhbhas dó ar dromchladh an chuain

ris an ngaoith n-anfaidh n-ionfhuair,

iomramh na longrámh lámh ris

’s a’ sál lomnán do loingis.


4 Tángadar tairis a ttír;

nír fhéachadar don airdrígh;

nár leis an rígh ’s fa reacht leis

a tteacht slán a ttír tairis.


5 Iongnadh le Cormac na ccath

mar do-chonnairc an cabhlach;

ceó ruadh ós a n-armaibh d’fhuil;

sluagh an chabhlaigh ’na ccaorchuibh.


6 Tadhbhas do Chormac Codhail

gur lán uile d’fhaolchonaibh,

gach aird do mhoigh fhionn Uisnigh

thoir ar chionn an chabhluighsin.


7 Mar do-chonncadar na coin

uatha an cabhlach ’na ccaorchoibh;

’na mbróin aonghloin dá n-eagar,

a n-aonmhoigh nír fhuilngeadar.


8 Tadhbhas do Chormac na coin

do chomhrag ris na caorchoibh;

gur bhris sreang na ccon sa chath,

ar ndol a cceann na ccaorach.


9 Tadhbhas dó ’na dheaghaidh sin

na coin agus na caoirigh,

mar chur coilche ós gach caladh,

gan sgur choidhche ag cathughadh.


10 Ón chathughadh sin choidhche

ní fríth uaingeas aonoidhche,

gur thuitsead baothchoin Banbha

ris na caorchoibh conamhla.


11 Na coin térnó ón chéad chath

beodha, b’í ceard na ccaorach

fógra na ccon saoirdheas seang,

’s a ccor ó aoibhneas Éireann.


12 Do bhádar, nír bheatha ghar,

ceathrachad is céd bliadhan,

coin Banbha gan ceann a ccoill;

ní gearr an garrdha gobhoinn.


13 Rígh Teamhrach Midhe, mac Airt,

san chodladh chéadna ad-chonnairc

éirghe a cCruachoin chlaidhréidh Chuinn

do nuachoin airmghéir áluinn.


14 Ní raibhe ó Bheinn Éadair fhuair

go Sgeillig Iorruis adhfhuair,

cú ná duine thiar ná thoir

nár iadh uile ’mun aonchoin.


15 Gur mionadh mainnreacha clach

’mun ttréd ccomhuightheach ccaorach;

do ghabh siad don ghrafainn greim

gur thafainn iad a h-Éirinn.


16 Ní dheachaidh díobh, fa díth mhór,

munar imthig ar élódh,

caora ón aonchoin tar sál soir

slán do chaorchoibh an chabhloigh.


17 Éire na n-inbhear ccorcra,

fán ccoilén mór míolchonta;

gan chosnamh re cuaine a ccoill,

nó im dhosmhagh uaine áloinn.


18 Do mhusgail mac Airt Aoinfhir,

Cormac, croidhe forbhfhaoiligh;

aisling an réidh bhuig ón Bhóinn,

nír thuig a chéill a ccéadóir.


19 Tarla astigh a raibhe an rí

Cairbre, Fíthiol is Flaithrí -

neambras céille ar chionn sgél -

Fionn Féinne, Fearghas Fínbhél.


20 Do innis Cormac Chláir Bhreagh

gach ní ad-chonnairc don chúigear;

ré tteacht a ccreach sa chogadh,

an bhreath cheart ad-chonncodar.


21 Biaidh uair, is budh damhna dér

h’aisling, ar Fearghas Fínbhél;

luighfidh sí ar chách, ní cheilim,

go ttí an tráth fá ttairngirim.


22 Tiocfaidh chugaibh, a cceann trill,

cabhlach choiseónas Éirinn;

na laochdhanair as iad sin,

caorchamhail iad ar fhaicsin.


23 Caoirigh ar mhíne meadhair

iad, is coin ar croidheadhaibh;

brodchoin ó do-chiad a ccath;

coin iad a ccorpoibh caorach.


24 Do shíol-sa, a Chormaic uí Chuinn,

agus síol Oilill Óluim,

caoirigh soin a ccorpaibh con,

coin do olcaigh a n-uabhor.


25 Mealladh Gaoidheal ghríosas cath

ussa ná cealgadh caorach;

iongnadh fraochamhlacht na bhfear,

is caorchamhlacht a ccroidheadh.


26 Na caoirigh tar moing mara,

danair gharga ghusmhara,

geabhaid siad bhar ttír thoraibh;

do-niad mín do mhíolchonaibh.


27 Coiseónaid cabhluighe gall

orra a bhforba ’s a bhfearann;

budh iad bionnardchoin Banbha

ionnarbthar dá n-athardha.


28 Áit én-toighe a n-Inis Fáil

ní fhúigfid Gaill gan ghabháil;

cádhus uathaibh ní bhí ag boin,

go ttí a cCruchain an cú-soin.


29 Cú dod chuaine-si, a Chormaic,

an cú gan cheisd n-uamhonluit,

ó Thuathalbhroin taobh re falc,

Aodh a cCruachanmhoigh Chonnacht.


30 Tusa an cú-soin a cCruachain,

a mhic Eóghain órchuachaigh;

gion gur cú thú, a chraobh chime,

as tú Aodh na h-aislinge.


31 Tú an t-Aodh Iodhan chuireas cath;

as tú an t-Aodh oirdheirc Eanghach;

tú ua na ttrí n-Aodh eile,

a rí nua saor Sligighe.


32 Do iadhadar fát ucht ngeal

trí Aodha Aonaigh Tailtean,

trí Taidhg agus trí Cathail,

ní as gach aird dá n-ealathain.


33 Dá Chonchobhar fád chúll chas;

Dá Ruaidhrí ríoghdha an seanchas;

Dá Eóghan leis nárbh áil feall,

Dá leómhan áigh na h-Éireann.


34 Dhá Bhrian ar nár briseadh cath

[mac Briain díbhsin Duach Galach],

dias fholtach fhial ó bhfuile,

Brian Connacht, Brian Bóruimhe.


35 Trí Toirrdhealbhaigh fád taobh sheang,

is ríoghraidh oile Éireann;

ar do ghus-sa is doiligh díon;

tusa oighir na n-airdríogh.


36 As tú an chraobh lubhghuirt leabhair

ar nach fás acht fíneamhain;

crann toraidh, cnú ós na cnaibh.

tú an chobhair a cCruachain.


37 Tú an t-Aodh ós gach Aodh eile,

dá ndearna Fionn fáisdine;

méadaigh, a ghéag Iomghán, inn;

bréag at iomrádh ní fhuighinn.


38 Do gheallsad fáidhe fíre

duit, a Aodh, an airdríghe,

draoithe idir léigheann is laoidh,

saoithe Éireann ’s a n-ardnaoimh.


39 Tú an t-Aodh do fhuirghill Comhdhan,

is Ultán, is Adhomhnán;

tú fuair Bearchán na buile;

seanchlár gach cuain cuartuighe.


40 Le a fhad go ttáinic tú a lle

cóir do éilighsead t’fháithe;

méd na loisi fá Bhóinn Bhreagh

anoisi is cóir a creideamh.


41 Nír bhémlighthe(?) a fholt bog,

na teachta táinig romhod;

ní dú tár ar na teachtaibh,

a ndán is tú an tairngeartaigh.


42 Is tú an ghrian shamhraidh sholus

ar nach éidir amhorus;

is tú an bláth ’s as tú an toradh

dan dú cách do cheannsughdh.


43 Magh Meadhbha idir chnoc is choill

sa ló earraigh dá n-iarroinn,

nochan fhagham ann fá Aodh,

call ná abhall nach ionnlaogh.


44 Ní fhuaras muine gan mheas,

nó craobh thoraidh gan toirrcheas,

nó druim moighe is é ar n-a ar,

nach bé fá oire d’arbhar.


45 Usaide d’Éirinn h’aithne,

ní fhuil tráigh gan torchairthe,

’s ní fhuil ód ríoghadh riasg geal

nár líonadh d’iasg na n-inbhear.


46 Clár Banbha nach beag toradh,

leat tar chách a chuartughadh;

tú an fagharthach ar brú beann;

’s as tú an cabharthach coitcheann.


47 Atáid Gaoidhil a ngábhadh;

atá Éire a n-imbáthadh;

do ba tráth cóir dá ccobhair;

fóir cách, a Uí Chonchobhair.


48 Aisdrigh ort, ná déana síth

ag cosnamh chruidh na ccoigcrích,

feithidh buinn t’each ar fhoghail

ó leath Chuinn, a Uí Chonchobhair.


49 Gébhae Caisiol is Corcaigh;

gébhae Colt a cConnachtaibh;

gébhae, a Uí Chonchobhair, Colt;

gébhae a longtholaigh Longphort.


50 A Aodh Uí Chonchobhair Cliach,

a mheic Eóghain na n-óirsgiath,

t’fhoghail ar gach cath cinnidh

a ttoraibh clach caislingidh. Aisling ad-chonnairc Cormac.