firstLine"; ?>

1851. Treise an eagla iona an annsacht $
Length: middling 23qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. Francis. A 25 Brian MagNiallghuis c. 1610-28
Prints:
  1. text Ir Eccl. Rec. xxxi (1928), 10-22
Motifs:
  1. nobility of ancestry
  2. patrons’ feasts
  3. patrons’ liberality to poets
  4. poet patron relationship
  5. Persecution of poets by English
  6. English conquest of Ireland
  7. contrast of past joy and present grief
  8. storm, shipwreck
  9. proverb q. 1?
Poet Christian Names:
  1. sname only (Francis. A 25)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Domhnall Gorm, Raghn. Aongh. Alasd. Colla
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill d. 1586
Apologue Subclasses:
  1. Siren (seabird) sad in summer, glad in winter
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Treise an eagla ioná an annsacht


[Paul Walsh, ‘Worth and virtue unrequited: an Irish poet and the English’, The Irish Ecclesiastical Record 31, 1928, 10-22]


O GNIMH


1 Treisi an eagla ioná an andsacht

Goill dom chur fa chumhangsmacht

gabhoim re nGallsmacht do ghráin

nach lamhoim andsacht dadmháil.


2 Ceileam grádh a ngruadh ccorcra

seachnoim dainneóin mannsachta

roirígh do chuaineshliocht Chuinn

guaillidheacht dhaighshíl Domhnaill.


3 Grádh chloinne Colla um chroidhe

as fuath Ghall ghuirt Laoghoire

mar budh eadh gurbh annsa Goill

ar fheadh na nGall sa gabhoim.


4 Gabháil fa ghleanntaibh loma

cur chúil re cloinn ríCholla

seachna ghleann ghéigbhileadh ngeal

leam do héignigheadh maigneadh.


5 Dob fiú ar moirn gur leasg linne

dá mbeinn ar breith mintinne

na slatchroinn a cathroigh Chuinn

scarthoin re daghchloinn Domhnaill.


6 Iomántar re huair nanfaidh

mar tú a nairc ag allmharchoibh

long sa chuan ó cobhloch féin

le tonnshruth fhuar an aigéin.


7 Mar tháinic mé a measc na nGall

éigean dom dol ar mearbhall

odchí gá taighdeadh go tráigh

an bhailgshriobh a mbí bradáin.


8 Mé an téigne nar chleacht a chlaoi

meisde mé maircc le bfaghthaoi

onóir chloinde na cColladh

moille a nanóidh fhuaramar.


9 Ni tuicthi liom laithe an óil

go mbeinn énlá gan anóir

crádh croidhe doilgheas oruinn

toirrcheas moire diomfhulaing.


10 Ní dhearna mé a measc ó cCuinn

ag éis(d)eacht rem aos cumoinn

s re seinm chrunnluthann chor ccas

gul murdhuchann ón mhacnus.


11 Do ní an tén soin s ní cealg chaoi

sa ló the deagla an fhuarlaoi

gan mhuir déirghe tar a ucht

éimhghe gan ghoin gan ghuasacht.


12 Do ní arís tar fhuacht an tsáil

do shúil an laoi áloinn dfagháil

le dlúthgháir na marann mear

lúthgháir re bfaghann déigean.


13 Murdhuchan mhara breacghlais

faoilidh feadh a héigeantois

mé an murdhuchan an mhuir Goill

lér luigh durdhubhadh orainn.


14 Gan fhíon gan cheól mo chealgtha

mé fós faoilidh naigeanta

do shúil re honóir fear Rois

re feadh manóidh na néagmhois.


15 Méd a nduas díoghrais a rúin

saoilim fós is fáth iomthnúidh

cuaine gan connmháil a ccruidh

dfaghbháil as guaille ó nGofruidh.


16 Saoilim saoilte do rígh Rois

go mbia mé ar uilinn Aonghuis

ag ól bhuabhoill chaoin chuirme

nó ar ghualoinn shaoir Shomhairle.


17 Nó Raghnoill creachthóir Cliodhna

mac Sémois súgh fíneamhna

nó rédhCholla an chroidhe chlach

féthlanda toighe Teamhrach.


18 Nó ar ghualoinn deis Domhnaill Ghuirm

um thús dighe ag dáil órchuirn

nó cupa láin chneasbháin chuirr

um láimh a deasláimh Domhnaill.


19 Nó Alasdoir mheic Máire

síol iarladh fhóid fhionnMháighe

as miodh i cuaigh nó corn snasdonn

orm nó uaim ar Alusdrann.


20 Deocha doimhne uaidhe oirne

da ria mé mac Somhoirle

ealadha molta airsion uaim

an baisgheal corcra ón Chraobhruaidh.


21 Cuirn chorma iarfoighear lais

Alasdoir saormhac Sémois

cuacha clochcaoine dól air

pór na bogcraoibhe a Breatain.


22 Deocha seirce ó sin amach

íobhaid curaidh chrú hEathach

fir shúlchorra do shíol cCuinn

do fhíon ón úrCholla oroinn.


23 Dúinn araon giodh ionann frémh

meisi as fhuil Eachoidh Duibhléin

mo lucht cuil a(s) siad Sacsain

s ni hiad an fhuil Eathach soin.