firstLine"; ?>

1852. Treoin an cheannais Clann Dalaigh $
Length: very long c. 62qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
  2. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  2. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
  3. TCD 1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  4. BL Egerton 112 M. O Conchobhair 1780
  5. Mayn. M 14 Pol O Longain et al. 1820
Prints:
  1. transl. Eigse v, 9
Motifs:
  1. envoi to patron’s wife
  2. Envoi to another patron
  3. imagery for patron
  4. qualities of character
  5. nobility of ancestry
  6. poet incites to battle
  7. prowess in battle
  8. war with Foreigners
  9. prophecies of ruler
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Og (Stoneyhurst)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. An Calbhach Ruadh mac Maghnusa
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Cath Muighe Leana: Eoghan’s exile
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Treóin an cheannais Clann Dálaigh


[Owen McKernan: ‘“Treóin an cheannais” by Gofraidh Óg Mac an Bhaird’, Éigse 5, 8-24]


1 Treóin an cheannais Clann Dálaigh,

tar anbhuain gach éanghábhaidh,

lucht ionghaire na ngníomh ngill,

ag díon fionnMhoighe Féilim.


2 Laoich cródha as déine a ndeacraibh,

sliocht Dálaigh m[h]ic M[h]uircheartaigh.

caor shlóig[h] na dtréan-tachar dtrom,

dan cóir céachtachadh Cualann.


3 Fál dídin Leasa Lughaidh

balla Chóigidh Chonchubhair,

an chlann bheó as measardha modh,

easumhla leó nach lamhthar.


4 Fada iad in gach aimsir

ag clódh gach uilc anai[dh]bhsigh,

’na bhfiadhaidhibh áigh le headh,

bhá cháir grianoirir G[h]aoidheal.


5 Mór neart [aca?] roimhe riamh,

sailg[h]e ceannais Ghuirt Ghailian,

buadh fiadhaigh b[h]raoinleasa Breagh,

d’iarraidh aoibhneasa a n-aithreadh.


6 Go huain greama do ghabháil,

dóibh ar p[h]ríomhport Pharthaláin,

cinn slógh a dtrodaibh nár thais,

dob’ obair clódh a gceannais.


7 Atá gach aonbhuadh aca,

buidhean na gcleas gcurata,

na Dálaighsin dan dú geall,

’na lán-doirsibh clú is céimeann.


8 Do chuireadar, eang ar eing,

Clann Dálaigh na nduas n-ing[h]ill,

d’aontoil aobhdha go mbáigh mbrais,

láimh fá chaomhna gach ceannais.


9 Congbháil an cheannais fheadhna,

ag sin feidhm na finn-ealbha,

laoich armnuaidhe na sról seang,

is clódh anbhuaine Éireann.


10 Leanaidh dá nós a-nosa,

An Calbhach mac Maghnasa,

a fheidhmdheacra a gcás ni c[h]uir,

ar ghnás deaghshleachta Dálaigh.


11 Ua n ríog[h]raidhe ó Ráith Breagh,

sás cosnaimh cheirt a shin[n]sear,

barr roimheadhra ’na ghlaic ghloin,

’sbraic as croidheamhla a gcliathaibh.


12 Comhla dhorais na deacra,

meanma neartmhar naoidheanta,

fear cianfhaire ceall is cliar,

fiadhaidhe na n-eang n-imchian.


13 Lámh thoirbheartach na dtreas dtrom,

sás ion[n]arbtha fhian n-eachtrann,

rosg néamhanta nách ná[i]r cruth,

éanshompla áigh na nUltach.


14 Míleadh cródha nach claon breath,

éan seabhaic na sealg bhfuilteach,

rún diamhair ren doiligh deall,

ag iarraidh oirir Éireann.


15 Dearna chorcra ó chaitheamh sleagh,

bráighe dhonn ó dhath mháilleadh,

méin rathmhar chródha chaithmheach,

[neamh-]ónna athlamh ionnsaightheach.


16 Deagh-ua an Chalbhaigh na gcolg sean,

dúsgadh áinis m[h]ac Míleadh,

clódh feadhma gasra[idhe] Gall,

meanma as casmhaile cumann.


17 Fear gan sgáth re ngráin ngábha[i]dh,

cuingidh Cloinne ríoghDhálaigh,

draig cathardha dá gcrom cleath,

dan fonn athardha Uisneach.


18 Inis Banbha an fhuinn ealaigh,

dual dó is dá shinnsearaibh,

críoch géiggeal do chothaigh Conn,

dochair a héigean d’altrom


19 Maith d’Éirinn as úr tolcha,

clú an Chalbhaigh ’sdá chomhardha,

a lámh ’sa neartlann go neimh,

ag cládh eachtrann dá himlibh.


20 Ó’s le hiomchar gach anshóigh,

fríth ceannus Phuirt Pharthalóin

leis ó’n gheal-chuing buaidh a bhrog[h],

gruaidh dan cearchaill an cogadh.


21 A n-éan-am go soiche so,

do réir eólais na heagna,

níor fríth riamh sochar mar s[o]in,

nach biadh dochar ’na dheaghaidh.


22 Conn Céadchathach na dtreas dte,

le neart gliadh tárraidh treise,

gur shnaidhm ceartchuir bruaigh Bhanbha,

le buaidh nearthmha[i]r nathardha.


23 Feacht dá raibhe Conn na gcath,

a gceannus Tolcha Teamhrach,

gur bhuail imreasain áigh air,

fá finnleasaibh Cláir Chobhthaigh.


24 Mac Mogha Néid um a[i]msin,

ós Mumhain bhuig bhraonai[dh]bhsigh,

do chuir sé cogadh ar Chonn,

dar hoba[dh] é ’na fhearann.


25 Ion[n]arbthar le Conn ciallaidh,

Eóghan gona a[i]rdfhianaibh,

do’n Sbáin mhín g[h]lénuaidhe ghil,

ó Thír fhéaruaine Éibhir.


26 Naoi mbliadhna do bhí ag fuireach,

idir fhianaibh allmhuireach,

gan buain le bláth-achadh Breagh,

dá tháthachadh uaidh d’éigean.


27 Tig an uairsin go Fonn bhFáil

buidhean adhbhal ó’n Easbáin,

go breacBhanbha na mbrog[h] mbog,

le Mogh neartchalma Nuadhad.


28 Iarrthar cath nó cuid d’Éirinn,

ar mhac fheargach FhinnFhéilim,

ó Eóghan éimheach mhór mhear,

ar shlógh Éireann dob’ éigean.


29 Leath Bhanbha na mbrog[h] n-aolta,

tug Conn d’eagla easaonta,

cur beóghal a gcruaidh confa[i]dh,

uaidh d’Eóghan ’s dá allmhurchaibh.


30 Cúig bhliadhna déag, dearbhtha an sdair,

do bhí an roinnse ag na ríog[h]aibh,

críoch an da[gh]shlua[i]gh armdha fhinn,

go dtarla anbhuain d’Éirinn.


31 Do choingibh Conn fá géar ga,

an roinn cheart so ar Chrích Fhódla,

drong armfhuileach nār iarr ceart,

do mhian allmhu[i]r[e]ach d’imtheacht.


32 Do bhí ag Eóghan re a aghaidh,

fiche céad do churadhaibh,

fian armghlan léar cuireadh cáin,

buidhean adhbhal ó’n Easbáin,


33 “Ní bhiaimne feasda ag fuireach”

dob’í aitheasg allmhu[i]r[e]ach,

“a gCrích theasaolta fhinn Fháil,

’s nach linn easaonta d’fhagháil.”


34 Do ráidh Eóghan na dtreas dte,

“ní ghéabhsa ó Chonn ceart críche,”

triath ó chruaidh fhorla[i]nn nár an,

“gan comhrainn cuain nó cogadh.”


35 Le briathraibh caoine an churaidh,

do fhanadar allmhuraigh,

do mhian cathaighthe re Conn,

fá fhiadh clachfhoirbhthe Cualann.


36 Tionóltar leó leath ar leath,

go Muigh Léana a líon taoiseach,

gur mharbh Conn Eóghan amhra,

’sa d[h]rong dheóradh danardha.


37 Mac Féilim na mbárc mbeannach,

cairbtheóir áigh na h-Éireannach,

Clár bogairsidh Banbha a le,

tarla ó’n obairsin aige.


38 Ionann breathnughadh dá mbrath,

Conn Céadchathach ’s An Calbhach,

roinn ar a cheartfhonnaibh ní c[h]uir,

ná Goill eachtrannaigh Eóghain.


39 Géabhaidh um cheart Chláir Fódla,

An Calbhach an caomhfhógra,

fuairsiod Gaoidhil Bhrú[i]gh Bhanbha,

ó’n dlúimh dhaoinigh dhanardha.


40 Gluaiseadh sé coimhlíon catha,

d’áirseadhaibh fhóid fhionnMhacha,

lucht na gcéimeann gcruaidh gconfaidh,

do bhuain Éireann d’allmhurchaibh.


41 Díog[h]la[dh] ortha gan fhuireach,

an drong uathmhar allmhu[i]r[e]ach,

a súr gliadh d’iomardadh air,

fá fhiadh fhionnardghlan Fhiontain.


42 Gríosadh leis a gceann cogaidh,

d’éirg[h]e athlamh aonphobail,

ro[i]ghne slóig[h] cathardha Chuinn,

’na mbróin athardha álainn


43 Mac Maghnusa nach mall cuing,

br[e]ath c[h]umhra Críche Conaill,

go sgrios Gall buainleasa Breagh,

barr suaimhneasa ná sireadh.


44 Baineadh díol ’na ndeachaidh de,

do chóigeadhaidh Cuain Doire,

’sdo Chruachain C[h]uinn ’sdo Chnodhbha,

do’n droing uathaigh allmhurdha.


45 Tabhra[dh] fós, is feirrde a rath,

d’f[h]eólmhach cniochtGhall Chláir Teamhrach,

biadh d’f[h]aolchonaibh go móid mhir,

le laochradhaibh Fhóid Oiligh.


46 Réidhighthear leis, leath ar leath,

d’ealtain bhraineón [m]beól neimhneach,

raon tre c[h]oillidh caoilshleagh gcorr,

ar bhroinnibh aoigheadh [n-]eachtrann.


47 Cosnadh-san críocha na sean,

le cuideachtain Mhac Míleadh,

[fá] Chlár [droing-]fhíonghlan Cuan Dor,

ar shluagh loinglíonmhar Lonndan.


48 Ní bhíodh tarbha a dtugadar,

acht a rádh go rabhadar,

fá chlár bhfinnlíg[g]eal bhfear bhFáil,

bean imdhídean dá n-anáir.


49 A spraic ó’n fann fear foghla,

a ghlór meardha measardha,

a chosg gleódhocra, a ghrádh ban,

a lámh bheóghonta biodhbha[dh].


50 A mhílidh go méin bhflatha,

a imeachtraigh ardratha,

a sgrios daorchuinge Craoi Chuinn,

a naoi chaomhchloinne Conaill.


51 A eó aigéin na dteannta,

a dhraig neartmhar, naoidheanta,

a shlógh daghbhuaidhe ós gach dionn,

a c[h]lódh anbhuaine Éireann.


52 A rún dóchais Choluim cháidh,

a ghealladh bréithre Bearcháin,

deaghfhál do dhíon ar dheacraibh,

dar sgrí[o]bh Seanán saoileachtuin.


53 Do tha[i]rrngir Fionn, feirrde de,

do chuir Ciarán a gcuimhne

fear t’anma, tar aon eile

dod thaobh tarla an tairrngire.


54 Suirghe libh ag lios Eamhna,

’sa súilibh na seanTeamhra,

a c[h]aithc[h]nis gan cuing gcroidhe,

d’aithris Chuinn is Chonaire.


55 Airdeóchaidh fós gan taom dtais,

meanma gliadh buidhne Bearnais,

let’ f[h]eadhmaibh lúidh is lámhaigh,

’s led’ mheanmuin úir ioldánaigh.


56 Ní lugha úidh Oiligh Néid,

ag leanmhuin ar do leithéid,

a ndóigh cabhra dá c[h]neadhaibh,

tarla a óidh ar t’oileamhuin.


57 A Chalbhaigh do char tusa,

d’f[h]urtacht an Fhoinn Loghaso,

go béin a ndocrachta de,

céim socrachta nach sirthe.


58 Donnchadh mac Néill m[h]ic D[h]onnchaidh,

sás múchta gach [mór-]c[h]onfaidh,

tosach gach garma dó de,

gá turbha as mó budh maoidhte?


59 Inghean Bháitéir nach claon cuir,

ar ar(?) caoin caidreabh miochair,

bean ’gá mbí a tréidhe ar togha,

is í an fhéile a haonrogha.


60 Nós na Suibhneach gan dul di,

tug Eibhilín dá haire,

ní neamhdhoichte céim a gcorp,

ar bhéim dearlaigthe, ar dhaon[n]acht.


61 Le hEibhilín bearthar breath,

d’uaisle iomshláin is d’oineach,

cruth soillseach le deirbhdhíol nduas,

geilghríobh as coimseach coguas.


62 Is daingen budh cóir a c[h]ur,

geall féile a hucht a hathar,

posd rinnghrinn raith is reachta,

flaith dob’ inghill n-uaisleachta. Treóin an Cheannais Clann Dálaigh.