Poem in printable PDF format
Trí ceathrair mo
charaid anma
[McKenna,
Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 24]
1 Trí ceathrair
mo charaid anma
ní héigean damh
do dheilbh sídh
cara achd Dia do
thagha tharsa
cia nach cara
dhamhsa dhíbh.
2 Do bhádar san
bheathaidh dhaonna
dár ndíon tall
mar a-tá siad
ní raibhe a-bhos
ceo ar a gcumann
a-nos gá teo umam
iad.
3 Re námhaid do
cheanglas cunnradh
gan chead dóibh
gá doilghe glas
an gealladh budh
choir do chomall
ní fhoil ceangal
oram as.
4 Ós [í] an-osa a
n-oifig dhíleas
díon m’anma gá
huaisle céim
ní thairgthe a
dhíon ort ’n-a n-éagmhais
síoth ar locht dá
bhféadmais é.
5 Na biodhbhaidh
nach bia ar mo leassa
lá an bháis gin
gur beag an rann
ní bhia an fhala
mar a hadhbhar
budh lia cara
anman ann.
6 Do cheileadh
cuimhne na páise
a piana iomdha ar
th’aos gráidh
fuarais do phéin
a rí reampa
ní as nar léir a
ndeacra dháibh.
7 Lucht iomchuir
cuingeadh an chrábhaidh
coinnmheadh
fairsing mar fuair siad
go a éag ón
chuing nochar claochló
tréad nar thuill
i n-aonchró iad.
8 Táinig ó
Chríosd cuid dá tuirse
triall a carad
gér chúis bhróin
a chumha nochar
bh’í uile
do bhí ag cura ar
Muire móir.
9 Siad ó chorp
gér fhada uaithe
asbail Dé rér
dhealaigh sí
an t-aos gráidh
do thogh i dtalmhain
fa gar dháibh ó
anmain í.
10 Nach mór do
hairigheadh orra
eagla an bháis do
beanadh dhíobh
doimheanma re
hucht na heachtra
lucht oileamhna
an reachta ríogh.
11 Peadar asbal
d’éis a thuitmhe
táinig don chaoi
nar chian sgís
a char san seilbh
do mhac Moire
gur ghlac an
fheidhm roimhe a-rís.
12 A iompódh
d’aindeoin a dhíomais
’n-a dheaghaidh
dá ndearnta ar gclódh
uch do budh
ionganta an obair
sruth ionnalta an
phobail Phól
13 Ó Ainnrias re
hucht a chrochaidh
an chroch is
fáilte fuair sí
pian na croiche
nochar chronaigh
roithe an mhian
do fholaigh í.
14 San Séam is
Eoin a aos grádha
garm ar an dís an
tan tug
an dias dár
ghoire a ghaol fola
laogh Moire mar
rogha rug.
15 M’anam i
n-anáir an ghaoilse
ar ghrádh Dé ná
diultadh só
ós dá ngreasacht
do mhaoidh meise
neasacht gaoil na
deise dhó.
16 An lá do
thaiséan do Thomás
an taobh gonta ór
ghéire a mhian
fuair an lása ó
chíoch na cneidhe
grása nach fríoth
reimhe riamh.
17 Ní ghoilleadh
ar ghlúnaibh Iacóibh
iomchar an chuirp
cruaidh an sdair
gur chúrsaigh
gach mian dá mhianaibh
pian na nglúnsain
d’fhiadhain air.
18 [Anaid] dod
chorp do chí Pilip
poill na gcló nar
[chuir a sdíom]
ar comhardha
bhear do bhallsa
m’fhear comhanma
dhamhsa is díon.
19 Geall pian ó
Pharthalón aspal
ní fhuil ar neamh
neach dá roich
ní hé nochar
bh’usa a fheannadh
achd tusa a Dhé
ag ceangal don chroich.
20 A agra ní
hadhbhar sgátha
ar sgéalaibh
cáigh cuireadh bail
neach dá racha
tar a riaghail
is breath Matha
d’iarraidh air.
21 Siomón
naomhtha námha Dhiabhail
na ndeich
n-aithne nír fheidhm dhíosg
dá bhiodhbhaidh
nó gur bhean orraim
do ionghuir fear
comainn Críosd.
22 Go dtángas
d’éanaonta uile
le hasbal
naomhtha an nóis aird
do bhaoi le
chéile ’s a chara
a ghnaoi féine ag
tagha Taidhg.
23 Barrnabas ag
breith an eolais
usaide dhúinn dul
ar séad
do bhéar dom leas
re laogh Muire
taobh ris an
treas duine déag.
24 Maithias i
n-ionad Iudhais
do orduigh Dia
a-deir an sdair
i n-am a chabhra
as a gceasdaibh
tarla crann gach
easbail air.
25 Is cungnamh do
Mhuire mháthar
Marcus Lúcas ar
lucht sídh
dá mbeireadh
ceart meise ó Mhuire
neart deise i
ngach dhuine dhíbh.
26 A beith im
chionn ós cúis eagla
éaraic na ndeor
do dhoirt sí
créad do dhéan
ris an bhfáidh bhfíre
do dháil déar
thrínne fa thrí.
27 Do réir a
hannsochta d’Íosa
uirre riamh go
roibhe a ceisd
do bhí a brón fa
a chionn ’n-a cuimhne
lór liom a
thruime do theisd.
28 Gaibhrial
aingeal a hucht Muire
miana an chuirp
do choisgfeadh sé
an lá budh
neartmhaire ar námha
teachdaire mná
dála Dé.
29 Naisgim air a
hucht an chumainn
ód chí an t-éag
re hucht mo bheoil
teacht d’aisgidh
mo chean san chássain
fear taisdil an
fhásaigh Eoin.
30 San Clára agus
Caitir fhíona
d’iadhadh liom an
lá budh áil
ní cuirthe dhamsa
i ndóigh oile
dóigh tharsa achd
i Moire a-mháin.
31 Cuimhnigheadh
d’aingeal an airdríogh
d’íoc m’uilc
gurab eadh do bhí
an bráthair bocht
ós é m’aighne
corp Dé ar dá
thairgne nó a trí. Tr .