Poem in printable PDF format
Trí Coin chosnas
clú Gaoidheal
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 18]
Uilliam Óg Mac an
Bhaird .cc.
1 Trí Coin
chosnus clú Gaoidhel
- cur rú as obair
ar áiremh -
laoich nár dhóigh
a ccrú chaoilshledh,
clú Gaoidhel
dóibh do dáiledh.
2 Díobh Cú
Chulainn ón Chraobhruaidh
dá chlú nír
fhulaing aoinbhéim;
ní caillter a
chlú fíorlúidh
cú ríoghlúidh
Taillten taoibhréidh.
3 Díobh Cú Raoi
an ruathuir neimhnigh
uathadh gnaoi mur
ghnaoi an Mhuimhnigh,
nír filledh ó
iath fhaghlaidh
triath cabhlaigh
lindedh Luimnigh.
4 Díobh Cú
Chonnacht fhóid Uladh
na coin sin fa
mór muirer;
ní cú ’sa chlú
nár fromhadh
rú a ccomhar clú
do cuireadh.
5 Cú Raoi gan
esbhaigh n-áirmhe
re a chlú as
mesda ar mír ccruaidhne;
a chomhchlú ní
clú déinmhe
onchú Éirne is cú
Cuailgne.
6 Clú an dá chon
- suairc an seineol -
a cclú sin ní rua
roilén,
a cclú cidh cia
do mhinfhégh
lia cinél clú
’nar ccuilén.
7 Ní cú míolchon,
dá maoidhind,
cú do chuan
fhíochmhar Fhéilim,
rogha an chuain
an cú luaidhim
luaidhill clú
uaidh fá Éirinn.
8 Trí Coin
Connacht cláir Bhóinne,
mur nochtaid
dáibh a ndraoidhe,
is hé an tres cú
don chuaine
re mes Guaire crú
cCraoidhe.
9 Lá gliadh a
ngar don fherchoin
ní tiad cách
d’fhad a orchair;
cú ’na aice ní
fhoghthair
cú confaidh
craite a chomthaigh.
10 Cú Chondacht a
mbeirn baoghail
ní coiscthior ar
fheidhm éinfhir;
druidfe soir re
Síol Eoghain
gníomh leomhain
sa choin chéillidh.
11 Slat úr don
ríoghraidh roiréidh
ní cú míollraidh
mac Siobháin;
do-chóidh an cú
’s a choiléin
d’fhoiléim clú fa
tóir ttionáil.
12 Cú Raoi a
mberna nár benadh
is laechcú Emhna
Uladh,
lia do chlú an cú
fá deiredh
lia teimheal clú
na ccuradh.
13 Samhail clú ar
ccon a ccéimibh
’s a[n] cú do
throid fán Tánaigh;
cú do nocht dá
mhéin mhílidh,
sínidh éill a
ngort ghábhaidh.
14 Suaithnigh ac
sgoil na sgéla
do-chuala ar
choin na Tána;
do acht nár
cinneadh clár Una
lán súla ar
indeal n-ágha.
15 Dá n-athchor ó
Chlár Chonnla
a ccás aca dob
iomdha,
cách dá ccor tar
tuind tarrla
sgol Banbha do
dhruim dhiomdha.
16 Don sgoil dob
eolus indill
do sheolsad co
Coin cCulaind
- créd sin acht
cnú ós crobhuing ? -
molaim clú fir a
fulaing.
17 Cú Oiligh do
dherg dúinte
sealph an oinigh
’gun uaithne,
doirbh an drem
ler fher fháilte
fer an dáilte a
ccend chuairte.
18 An cú fá
cródha a ngníomhaibh
a bhfógra nír
chúis céilligh;
gan ched d’fhéin
Bhanbha bliadhain
riaraigh chléir
Adhbha Éimhir.
19 Cosnaidh an
fhéile d’Ultaibh,
féile an chonsin
a ccartaigh;
sé dop eun eoil
don ealtain -
lentair frémh
sgeoil co sgactair.
20 Téighid
chuige, nír chéillidh,
nuimhir narbh’
éidir d’áirimh,
fer gan cruas re
dáimh ndaoinigh
duas gach
aoinfhir dáibh dáilidh.
21 Cú Chonnacht,
Cú na cerda,
dá shoigheach clú
gan chumhga;
meadh dá fheidhm
Cú na cerda
cú sealga a
mbeirn as bhurba.
22 Sgol
Ghaoidheal re dáimh ndeacruigh
a ndáil gach
aoinfhir d’Ultaibh,
ní fess méin con
co ccleachtair
cleachtair tol
don fhéin Ultaigh.
23 Cú Chondacht
nach óg n-áirimh
gan lógh molta gá
mhaoinibh,
cú sa chlú ar
nach dóigh diamhair
cú fiadhaigh
mhóir gan mhaoidhimh.
24 Ac sduadhadh
cleth ccaol ccindbheg
do thraoth uabhor
each mhonnghrod;
teisd a dhuass ní
dú ar dermad
cú as nemhlag a
ccruas comhrac.
25 Nír lia
ccréchta an cú ar uairibh,
cú ar lia écht re
áirimh,
díol a choda cú
an fhiadhaigh
clú a ndiamhair
throda táirigh.
26 Inis
Sgeilliond múr míleadh
’na clú ní
leigiond leonadh,
ní fess cia díobh
rér dúnadh
dúnadh ón lia
díol deoradh.
27 Triall ac
sccolaibh Cláir Chliodhna
don ráith mur
tholaigh Temhra
triall sgoile co
Sgiath nGabhra
tarrla ó iath
Moighe Meadhbha.
28 Dá fhuil is
eolcha n-einigh,
fuil Eoghain tre
fhuil Uidhir;
tond do
léirchreach tír thoraidh
d’fholaibh
Bréiffneach tríbh tuilidh.
29 A chuiléin do
chuan ríoghbhan
luadh h’uirsgél
ac gach éinfher;
mur coin Emhna a
ccrú chaoilshledh
tú ac sgaoileadh
ealbha fhéindeth.
30 Tabhach ar na
cóic cánaibh
do mhóid as
fhachain ualaigh;
do chuir tú ós
aird h’iarraidh
cú an fhiadhaigh
aird is uamhain.
31 A chlú ar
dermad ní dleghor,
a chú co
ccerdaibh curadh,
dol ar coinghleic
ad chomhar
moladh chon
oirdhreic Uladh.
32 Sibh
créchtnaighthe a ngort ghábhaidh
-
créchtnaighthior coin an fhiadhaigh -
acht crécht ’sa
crú re a bélaibh
tú ag déanaimh
éacht gan fhiadhain.
33 Cú ar nach
roichid dámh diomhdha
dá oineach as
cáir colbha;
an cú ó
Chruachain Mheadhbha
buachail sealbha
crú Chondla.
34 Ní ghabhaid
gan díol doiligh
do thabhaigh
cíoss a chinidh,
trom a réir ar
Fád bhFuinidh
Mág Uidhir féin
’s na filidh.
35 Inis
Sgeilliond, tuar tnúidhe,
ar [....] ag
buain béime,
fada ón dún
dergadh gruaidhe
múr Guaire ar
cealgadh cléire.
36 Re caithemh
fhásas inmhe;
braithid na dámha
doilghe
cú bona an clú do
choimhdhe
rogha coindmhe ar
cCrú Chuindne.
37 Do luathaigh
ar láibh gerra
rer dháil do
dhuasaibh troma;
gan dréim suass
rú sa rulla
do thruma duass
crú Cholla.
38 Cú Chondacht
féin as feithmheach
’na bhrondadh ní
théid taithleach;
do chuir ina
ghruadh ghoirtheach
cuan toirtheach
d’fhuil a aithreach.