Poem in printable PDF format
Trí coróna i
gcairt Shéamais
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 44]
Fearhgal Óg Mac
an Bhaird cct.
1 Trí coróna i
gcairt Shéamais
- cia dhíobh
nachar dheighfhéaghais? -
críoch an sgeoil
libh ga labhra,
a fhir eoil na
healadhna.
2 Cuirfidhior -
is cubhaidh lais -
trí coróna um
cheann Séamais;
ní sgéal rúin
rádh na leabhar
gach fádh dhúinn
dá dheimhneaghadh.
3 An chéaduair -
cóir a cuimhne -
coróin Alban
iathghuirme
- rí ’n-a chló
cia ler cuireadh? -
ó Dhia dhó do
deonoigheadh.
4 An dara huair -
aithnidh dhamh -
cuirfidhior
coróin Sagsan
an sduadh mhín
ghoirmdhearcach ghlan.
um rígh
n-oirbheartach n-Alban.
5 Prionnsa óg go
n-aigneadh ard
biaidh sise ag
Séamus Stíobhard
onóir nach
iomarcach leam
coróin iongantach
Éireann.
6 Inneosad a
adhbhar soin
na trí coróna i
gcartaigh
ag rígh slóigh
Gall is Gaoidheal,
ós am cóir dá
chraobhsgaoileadh.
7 Más chead leis
a éisdeacht uaim
sloinnfiod a
cheart an chéaduair
ar fhionnAlbain
na n-iath mín
triath
ionnarbaidh gach eissídh.
8 Trí chéad
bliadhan - buan a mbríogh! -
a-tá sí ag
sliocht an airdríogh;
fa rígh Alban ní
hiongnadh
tír na
n-ardbhragh n-imiolghlan.
9 Ag naonbhar
roimhe dá fhréimh
do bhí Alba an
fhuinn fhóidréidh
ní fríoth sgéal
ar n-uair orra;
do-bhéar uaim a
n-anmonna.
10 Alba chonáigh
na gcolg ndearg
do bhí roimhe ag
dá Roibeard,
is tearc éarlamh
nach abair,
a héanbhun do
fhásadair.
11 Cóig Séamais -
ní hiul iomruill -
ro ghabh Albain
n-iobhardhuinn
dá shíol i
ndeoidh na deise;
ríomh an eoil ar
m-aireise.
12 Is é Hannraoi
t’athair féin
an t-ochtmhadh
deighrí dhíbhséin
- a mhínleanmhain
is díor dhamh -
más fhíor
d’fhírleabhraibh Alban.
13 Badh lé Alba ó
mhuir go muir
máthair an
airdríogh uasail;
do chuir sí an
choróin ma ceann,
onóir í ar nach
fuil foirceann.
14 A n-áireamh ní
leasg liomsa;
ag so an
deachmhadh deighphrionnsa
do gheabh
ríoghAlbain dá fhréimh;
Stíobhardaigh is
eadh iaidséin.
15 Do réir an
eoil fhuair meise
ag sin ceart do
chairteise
ar caomhAlbain
bhfinn bhfleadhaigh
slim
dtaobhardghlain dtaitneamhaigh.
16 Mithidh
dhamhsa a chur i gcéill
do cheart feasda,
a bhas bhláithréidh,
críoch
leabharbhragh na long ndubh
ar fhonn
[seamhar]ghlan Sagsun.
17 Bhar
seanseanmháthair - seol glan -
[inghean]
airdríogh fhóid Sagsan
críoch a sgéal
linn gá leanmhain
do fhéagh sinn i
seinleabhraibh.
18 Críoch Sagsan
na gcoll gcorcra
gan innte d’fhuil
ríoghochta
acht éinríoghan
dá gclaon coill,
craobh ler
léirlíonadh Lonndoinn.
19 Ó ló na
mnásoin a-mach
a-tá id chairtse
go cosgrach
triath ríoLunndan
do rádh ruibh
rádh na
bhfíorughdar fíorthair.
20 Ag so ar
Lonndain na learg dtais
ciall do chairte,
a Ching Shéamais,
rádh seinleabhar
ar bhur son
fa chlár
seingleabhar Sagsan.
21 A lámh as
díorgha dligheadh
- a-nois i gcéill
cuirfidhear -
ná [bí ag] teacht
ar éineing d’uaim
’s do cheart ar
Éirinn armruaidh.
22 I gcúirt
Shagsan na sreabh seang
a-tá ardchoróin
Éireann;
tuar
maothchroidhe a bheith san mbrugh
fa bhreith
laochroidhe Lonndon.
23 Fada a-tá i
dtairngire dhuit
críoch Sagsan -
is iul orrdhruic;
duit is dú Éire
amhlaidh;
is tú a céile ar
chomhardhaibh.
24 A mheic
Hannraoi na dtreas dte
ag sin mar
dleaghar dhaoibhse
gan toibhéim, a
rí, ar do reacht
na trí hoiléin i
n-aoinfheacht.
25 Céim dá mhéad
ní maoidhte dhuit;
fuil dá huaisle
san Eoruip
ní fíorghloine í
ná t’fhuil,
a rí míonmhuighe
Monaidh.
26 Ní fhuil fuil
airdríogh eile
acht fuil meic na
maighdine
ga bhfuil barr
uaisleachta ar t’fhuil
guaisbhearta Gall
id ghníomhuibh.
27 Miorr nó túis
ní théid thairrse
ar fhás
d’fhíonfhuil ionnaibhse,
’s ní hé an t-ór
a séad samhail,
ní lór bréag a
mbaramhail.
28 Dá mbeith nach
biadh - ní breath lag
fuil airdríogh
n-uasal ionnad
do chuir t’eagna
i n-uaisle sibh
bhar bhfreagra
uaimse is aithnidh.
29 Eagna
soghrádhach Soluimh
ar séan flatha
fuarabhair
a shlat
deaghabhla ón seang sreabh
geall dheaghanma
lat léigthear.