firstLine"; ?>

1860. Tri gluine geinealach De $
Length: long 42qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340(H.3.19) 16th -17th cent
  2. NLS Adv 72/2/14 ? cent.
  3. RIA 1387(23/O/78)Uill.R. MacCoitir 1723
  4. Mayn. M84 S. O Murchadha na R. 1738-
  5. RIA7(24/L/13) S. O Murch. na R. 1747
Prints:
  1. text DiD no 60;
  2. transl. Ir. Monthly 50, 71
Motifs:
  1. envoi to saint (Michael archangel)
  2. reim rioghraidh, regnal list
  3. imagery for God
  4. the Trinity
  5. Christ’s Crucifixion
  6. Judgment Day
  7. Sin and penitence
  8. The Five Senses
  9. the 8 Vices & 7 Deadly Sins
  10. Fasting
Poet Christian Names:
  1. Colmcille (RIA 256,252,254; NLI G362)
  2. Donnchadh Mor (RIA 249)
Poet Surnames:
  1. saint (‘O Dalaigh Fionn’ inserted in RIA 7)
  2. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. The Trinity
Patron Surnames:
  1. ‘saint’
Apologue Subclasses:
  1. Massacre of the Innocents
  2. Longinus: pierces Christ with spear
  3. Lucifer
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Trí glúine geinealach Dé


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 60]


Donnchadh Mór Ó Dálaigh .cct. (?)


1 Trí glúine geinealach Dé

gein bhuadha an bheatha sheinché;

ní feas gidh úr a fhiodhach

[acht] treas glún don gheinealach.


2 Gidh mór nglún geinealach cháich

go hÁdhamh an fhuilt ghéagthláith

seanchas Dé is [deibheadhach] thig;

is é an geinealach gairid.


3 Córaide a chur do mheabhair

- is sé suim an gheinealaigh -

triúr ríogh nach do fhréimh dhuine

dá ríomh san réim ríoghraidhe.


4 Don triur-sain a-tá d’aicme

téid ceannas gach clannmhaicne;

gach maicne fa thrian an trír;

triar is aicme don Airdrígh.


5 An aicme thrír a-tá i nDia

treise ná tóir is roilia;

aicme gan aga ar a neart

an mhaicne ar aba a n-aithcheacht.


6 An céadghlún as cóir do ríomh

Mac Dé Athar an Airdríogh;

ar a chúl gidh cia a-dearair

Dia [darab] glún geinealaigh.


7 An Sbiorad Naomh, nochtaim de

an céadghlún do chin uime

triar comhshlán as fhearr d’fhearaibh

an gabhlán gearr geinealaigh.


8 Creidim san chéadghlún ghrádhach,

guidhim an nglún meadhánach,

an glún deidheanach dom dhíon,

geinealach úr an Airdríogh.


9 Ionann an Tríonóid ’s an triur

- gidh bé do bheith ’n-a n-ainiul -

Rí na ndúl ’n-a thrí treanaibh

rí na dtrí nglún ngeinealaigh.


10 An t-Athair mór is an Mac,

an Sbiorad Naomh an nuashlat,

go dtí dhíbh ar snaidhm re síodh

na trí rígh i n-ainm éinríogh.


11 Trí geine saora sochair

ón mhais áluinn iolchrothaigh,

ar dtrí haithreacha is í an dream

na trí glainchleatha ghuidheam.


12 Na trí thighearna thoghaim,

trí cna áille a haonchrobhaing,

is í an choill an chobhair ghar,

trí croinn toraidh an talmhan.


13 Trí chomhortha na cruinne,

trí daimh iomchuir éanchuinge,

trí rígh maolta gach móide,

aonta trír na Tríonóide.


14 Triar nach claoidhfidhear choidhche,

triar [nar] fhás i n-aonoidhche,

triar as lán d’iul is d’aithne,

triur gan dál a ndealaighthe.


15 Mh’anam ar iocht na bhfear-sain,

an triar théid i n-éinphearsain,

an fear as triar gach ré dtreall

triall i n-a theagh go dtuaiream


16 Ní fhuil achd aige féine

fios adhbhair a fhírfhréimhe;

a fhírfhréamh do ghleodh go glan

ní heol d’fhíréan ná d’fheallsamh.


17 Ní as fhaide ná uaidhe féin

ní leantar lorg an fhíréin;

fios seanAthar Dé is doiligh;

mearachadh é d’fhiafroighidh.


18 Sgarthain riot, a rí neamhdha,

nár thuairear, a Tighearna;

do shearc go dtara fam thuinn

’s ar dteacht go n-ana aguinn.


19 A Thríonóid, go dtuga i mbrígh

m’agallaimh ris an Airdrígh;

eolas damh, a Dhé athar;

sgar mé ris an mearachadh.


20 Sé dhíne ar druim an talmhan

tug Rí nimhe neartadhbhal;

re saoghal na sé ndíne

sé aonar i n-airdríghe.


21 Fearr aoineadha ná ól fleadh

do thúr rochtana ar ríghneamh;

seachna fleadh ó nach féad sinn

an dá neamh créad fa gcuinghim


22 Doilghe ná déanamh an uilc

gan an fhaoisidin d’fhóbuirt;

lór do chion cleith na gcionadh

ar mbeith d’fhior go heisiodhan.


23 M’fhaoisidin d’Airdrígh nimhe

- is damhna déar n-aithrighe

mé is mo pheacaidh, a Dé, dheit -

do pheacaigh mé go minic.


24 Admhaim go dtéid mh’aire inn

gach ní ad-chím ’s ad-chluinim;

tig dar mianaibh móid mh’anma

rem chóig ciallaibh corpordha.


25 Comhursain do chealgadh dhamh

admhaim dhuit, a Dé Athar;

do dhligh sinn cor re a chosnamh

mar ba linn crodh comhursan.


26 Do-ní mé, a Mhac na hóighe,

glór teampaill tráth seanmóire;

mar sguirthear linn don luadh glóir

sinn ag suan leis an seanmóir.


27 Ocht gcoire im dhiaidh - dia do ghlas,

seacht bpeacaidh marbhtha mharbhas,

cúig préamha dhéag ceann i gceann

as a n-éabha céad cuisleann.


28 Ciontach mé - mó ná ciontach -

re Rígh nimhe naoimhfhiortach;

do shoighníomhradh do dtí im thoil

ní as coimhlíonmhar rem chiontaibh.


29 Gach cion dá ndiongnadh duine

dá mhéad nach mó a thrócuire?

is eadh badh linn meisneach maith

gidh meirseach inn don Ardfhlaith.


30 Bean Ádhaimh d’éis a ndearna

fuair trócuire ón Tighearna;

clann Éabha tre Éabha i n-olc

[gur] mheala - is Éabha - t’fhurtocht.


31 D’éis do ghona do gha an Doill,

a chuirp Dé an deallraidh áluinn,

do chrú ar bhois an Doill a-droigh

re cois an chroinn dá chobhair.


32 A thaobh Chríost, do cheannuigh tú

cineadh Ádhaimh dot fhionnchrú;

biaidh ód ghuin gach neach ar nimh

muna ndeach t’fhuil i n-aisgidh.


33 Do chrochadar a chlann féin

éanMhac Dé - dia do dhíchéill;

caidhe a bhfachain, a Dé, dhó

gion gur bh’é a n-athair Íosa.


34 Bás tre Chríosd do chruthuigh neamh

fuair lucht comhaoise an Choimdheadh;

gidh beo an mhacradh uadh uile

truagh martradh na macraidhe.


35 Gábhadh ’n-a cheann ní cuirthe

dia Luain laithe an mheasruighthe;

gráin ar na Luanaibh ón Luan

cáir uamhain ris an aonLuan.


36 Baoghal fearg flatha nimhe

ar n-uair gidh é as mhaithmhighe;

ní aitheann i gcéadóir cion

’s ní mhaitheann éagcóir d’éinfhior.


37 Tuarasgbháil deilbhe Dé bhí

ní inneosad achd madh éinní:

faicthear ’n-a dhorus a dheilbh

’s badh solus aitreabh Ifeirn.


38 A ghnúis Dé ar nach díon teitheamh,

cur riot do leag Lúisifear;

gráinne ná gach neach a-nois

an dreach do b’áille it éagmhais.


39 A gcur fa rinn dealbha dhó

gidh maith le cách don chéadló

áille i ngnúis fhir is uamhain;

ag sin cúis an chéaduabhair.


40 Gá goire dhúinn dul tar tuinn

más í breath bearar oruinn?

go dtrialla mé tar muir soir

’s narab é [ar ndluigh] a dhéanamh


41 Mairg thuigeas ’s nach tabhair d’óidh

bréithre Dé - dia do sheanmóir!

mairg nach tuigeann a dhíol dhi,

go dtuigeam bríogh a bhréithre.


42 [Ar] Mhíchéal nár mealltar sinn

do na céidneithibh chuinghim;

go dtaghthair inn far n-itghibh

’n-a chathraigh fhinn [óireitrigh]. Trí