firstLine"; ?>

1865. Tri uaithne ar inis Gaoidheal [al. ‘Inse, um Inis’] $
Length: long 44qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. inauguration ? (1596)
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. TCD 1378 (H.5.6) --- O’Reilly, late 17th c.
  3. TCD 1355 (H.4.14) T. de la Hid 1694
  4. RIA 154 (23/M/18) S. MacSolaidh 1718-
  5. RIA 619 (D/iii/2) Aodh O Dalaigh 1746
Prints:
  1. Extract O’Grady & Flower, Cat.i, 485-6
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. poet as one of several learned classes
  3. reim rioghraidh, regnal list
  4. functions of kingship
  5. Teagasga riogh
  6. death at outset of triumphant career q. 9
  7. The Ten commandments
  8. echo of ‘Ar shliocht triair ataid Gaidhil’
  9. allusion to Ruaraiocht
Poet Christian Names:
  1. sname only (RIA 253)
  2. Fearghal Og (TCD 1378, BL Eg. 128)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
  2. MacBruaideadha (‘T.Dall O hUiginn’ M 3)
Patron Christian Names:
  1. Art
Patron Surnames:
  1. MacAonghusa
Apologue Subclasses:
  1. Eibhear killed by Eireamhon
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Trí uaithne ar inis Gaoidheal

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 69]

{Fearghal Óg Mac an Bhaird}

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Trí uaithne ar inis Gáoidheal

dhúinne as cóir a ccraoibhsgáoileadh

trí mic Mhilidh na múr sean

ríghfhir na nglún or geineadh.

2 Tri mic Mhilidh fa mór neart

gaphthar leó Éire oirdearc

mic riogh teigheadh na ttíonol

Ior Eibhear is Eiriomhon.

3 Brisid cath re cruas a lámh

ar Thúaith Dé Danann dreachnár

gur hionnarbadh d’f[h]onn a sean

an droncc fhionnardghlan fheinnead[h].

4 D’éis gach dibearta fa dheóigh

clann Gholaimh nar ghlac míthreóir

roinnid Banbha na mbrucc ccorr

ar sgur fhaghla 7 eachtrand.

5 An leath theas o thuinn go tuinn

d’Éibhear ba ceart an chomhroinn

an leath thuaidh as teann tionol

an eancc do f[h]úair Éirimhon.

6 Fásaidh coccaidh fa cíall mhear

idir chloinn mhearrdha Mhílead[h]

fa thrí druimnibh nár díol graidh

d’fhuighlibh na ríogh bá rónair.

7 Marphthar Eibhior da éis sin

a ccath Geisille an ghaisccigh

ealt(h)a shluaigh narbh fann fleadhol

fa bhúaidh ann ag Eiriomhon.

8 Sccuirim do sccélaibh na bfhear

tuccam treas d’Ior mac Míleadh

fios gach díne dar fhár (leg. fhás) air

do ghnás gach line a leabhraibh.

9 Íór mac Mileadh láoch gan locht

air bás re bél a cumhocht

cúis toirrsi do Theamhraigh Breagh

’s don chloinn-si meanmnaigh Mileadh.

10 Faccbhais mac ba mór deaghrath

Íor mac Míleadhrmeanmnac[h]

do fúair gáirm fhe(a)innedh da éis

Eibhear a ainm re a aisnéis.

11 Ceathrar ar fhithid d’fhearaibh

’s áoinbhean go ngníomh ngaisccedhaigh

do dheighshliocht Eibhir o Íor

lér eirigh eighriocht airdríogh.

12 Ag so ainm gach einfhir dhíbh

dar ghabh Éire an fhúinn fhé(a)oirmhín

cuirfead stiuir léir rem labhra

do réir iúil na healadhna.

13 Cearmna Sobharce seang

comhfhlaith íad ar iath nEirend

tolcha breaccorra tháoiph ttiodh

eatorra ar-áon dá n-áiriomh.

14 Seatna 7 Dúach ’na deaghaidh

riomhthar ar fhonn bFhuineadhaigh

fir ba teann a ttreighibh ríogh

dream lér eirigh an t-eissiodh.

15 Ollamh Fódla fúair deaghbhlad[h]

rí Éirionn gan oirbhearnadh

a túaidh do tarrngireadh soin

úaidh do hainmnigheadh Ulltaigh.

16 Do ordaigh gan fhíoch gan fhéill

feis Teámhra ar tús a nEirinn

Ollamh Fodla nach bfhúair mairg

fogra úaidh in gach éanaird.

17 Ar Theamhraigh fós fa fearr cairt

mur ollamain ainm orrdhairc

don righfhear gan rún meabhla

do-ríneadh dún deaghdhealbha.

18 Fíanochta is Slanall fa seach

Géigi ollgothach uaibhreach

na caomhthaigh do chin o Íor

an láochraidh nar dhligh dimbrigh.

19 Fiacha 7 Bearnghal búadhach

is Oilill Fionn fíorbhuadhach

na leomain as crúaidhe a ccath

cúaine d’f[h]eolfhuil na nUlltac[h].

20 Síorlámh Aircceadmhar Áodh Rúadh

dream rioghdha go reacht mbiothbhúan

freamha fineamhna gan ceilt

righealbha tréana an túaiscceairt.

21 Diothorba is Ciombháoth na ccath

is Macha ba mór deaghrath

as dún as dior a ndeaghail

is ríomh a nglún ngeinealaigh.

22 Rudhraighe Breasail go mbrígh

Congal (?) fúair flaitheas airdrigh

ar Bhanbha Chuinn go calma

do dhruim fhaghla allmhard[h]a.

23 Fachtna Fathach fúair gach fonn

Eilim fúair fíoch is forlann

Mál teamhra is Cáolbadh na ccath

ba healbha gáolmur gradhach.

24 Gach ainm dá n-airmhim ann soin

do rioghraidh Éirionn d’Ulltaibh

mur as léir da lúadh a-nos

do réir na súadh san seanchos.

25 Conchuphar airdrí Uladh

do réir iúil na healadhan

mac samhla na sluagh dob fhearr

dár dúal Banbha na mbeimeand.

26 Leanam lorg Chonaill Chearnaigh

murair sinn a se(a)inleabhraiph

sgaram re gach n-áon oile

gabham ráon go Rudhroidhe.

27 Conall mac Aimhirghin fhéil [70]

mac Cais mic Fachtna áirmghéir

mac Caip mac Cionga corcra

giolla lerbh ait adhmolta.

28 Mac Rudhraighe ba ri ar chách

da chinel nir chúis neamhgnath

fear nár mhall sluagh ar siobal

a chlann uadh ar n-ainmnioghadh.

29 Clann Chonaill Chearnaigh gan chleith

Iríal Láoisech gan leithbhreith

fios na foirne is goire a ngáoil

da oighre oile ó eanchraoibh.

30 Síol Mordha ro ba mór slógh

do chin o Láoiseach leannmhór

ó Laoidhis nach fann feadhan

sgáoilis and ar n-áithioghadh.

31 Sliocht Íriail Ghlúnmhair na nghreadh

í Eacach nar ér áoinfhear

fir nar éirigh d’fhonn Ulltach

an drong chéillidh chosantach.

32 Gi bé a-ta acc teacht a maghaibh

’ga bfuil iúl a n-ealadhain

í Eachac[h] ’s na fréamha o bfuil

fégha a ndeachaidh on duthaigh.

33 Tarla oighre núaidhe a-nois

d’íbh Eachach do druim duthchais

óg ráth a n-urláimh an fhuinn

do chách acc congmáil chothruim.

34 Mag Aongusa urra an fhuinn

fonn Uladh ní hiúl mearbhuill

dá ttí ar ais a neart a-niodh

as lais ó cheart an cúigiodh.

35 Gach ceart da raibhe roimhe

leanaidh lorcc na láochroidhe

cuireadh Art ar gach áon ann

smacht ar gach táobh id thiomchall.

36 Liubhair Éirionn féc ar fad

as cairt nach dúal do dhearmad

acc sin fiaghain as fearr air

diallaidh gach dream ré a ndutaigh.

37 Tús ealadhna acc sliocht a sean

ó úaislibh fola Gáoidheal

tús gach molta as dóibh dleaghair

sompla as cóir do chreideamain.

38 Fuil úasal Eachach Cobha

fuil einigh is eangnomha

cia an eanfhuil an uair-si as fearr

do fhréamhaibh úaisli Eireann.

39 A Mheagh Aonghusa as ard céim

mor bfhath fa bfaghthar oilbhéim

deana an fál le bfhoghar síodh

gradh is oman an Airdríogh.

40 Í Eachach na n-aibhneadh ngeal

cosain í d’áis no d’éig(h)ean

or as ort as cóir a chion

[nó] olc cháigh muna ccoisccthear.

41 Bí go seasmhach ar son ccirt

bí umal don áos aimhnirt

congaimh srían reat meanmain mhir

meabhraidh gach cíall as cuimhnidh.

42 Tabhair onoir d’eaglais Dé

mor a lúach a ló an fhínné

ag so an t-ór as f[h]earr d’ionnmhas

gearr an lón do fhlaithiomhnas.

43 An chlíar léghas gach leaphair

d’eaglais 7 d’fhileadhaibh

an me(a)id-si bús foirfi a bfhios

na tréicc-si coidhchi a ccairdios.

44 Deich n-aitheanta áoinMhic Dé

comhaill íad in gach aoingné

na comhairle ar a-tú acc teacht

dú na (f)horfhuighle d’eisdeacht. Tri...