firstLine"; ?>

1867. Triall gach einfhir go cuirt dTeaboid $
Length: very long 56qq + prose
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 998 (23/F/21) Vellum 16th cent.
Prints:
  1. text Carney PB no. vi
Motifs:
  1. envoi to patron’s wife
  2. envoi to God
  3. imagery for patron
  4. comparison to all others
  5. patron’s liberality to poets
  6. English persecution of poets ?
  7. legal terminology qq. 7-8
  8. Historical comparisons
  9. biblical allusion
  10. house
Patron Christian Names:
  1. Theobald
Patron Surnames:
  1. Butler (lord of Caher) d. 1596
Apologue Subclasses:
  1. demands of Aithirne (and other poets)
  2. ever-fruitful tree
  3. Lion revives cubs
Meter Vars:
  1. crosantacht (sneadhbhairdne+ 22 alliterat.)
Poem:

Poem in printable PDF format

Triall gach éinfhir gu cúirt tTeabóid


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 6]


1 Triall gach éinfhir gu cúirt tTeabóid,

ceann na ndámhsgol,

brugh fairsiong fial fleadhach fíonmhor,

teisd gan trághadh.


2 Ríoghbhrugh orrdhraic na bhfleadh bhfoirfe,

iosdadh flatha,

Teamhair Chuinn as chóir ’na chonchlann

nó Ard Macha;


3 nó an Brugh ós Bhóinn, clár na ccuradh,

’na mbíoth Aonghas,

gu mbratoibh sróill ann ar uaislibh

fá a bharr chaomhthais;


4 nó Nás na Ríogh a n-iath Laighean

na lann bhfaobhrach,

nó ráth Caisil, ríophort Mumhan,

na ccorn gcraobhach.


5 Dar leat as é Conn nó Cathaoir

ar lár Teamhra,

ag dénomh cirt do shluagh Bhanbha

a measg a theaghloigh;


6 nó Niall Frosach arar fearadh

na trí ceatha,

nó Cormac Airt, airdrí Éirionn,

nár chlaon breatha.


7 Meadh chosmhoil don ríoghroidh Teabóid

san chúirt ghrianoigh,

ag dénomh cirt fá fhiadh bhFódla

as fhearr riaghoil.


8 Ní ghabh comha ó neoch dá threisi

fri huair gcóra;

ní loigheann ar anbhfann égcruaidh

an donn dódghlan.


9 Ní ér ollomh, ní ér fhilidh,

ní ér éigios,

bhá bhronnadh séd an fial faoilidh

ní ér éinfhear.


10 Teabóid Builtér, ceann na féile,

gnúis mar Ghuaire,

fear le a mbeirthior buaidh gach báire,

bladh as bhuaine.


11 Fear mar Naoisi mór mac Uisneach

go ndeilbh n-áloinn,

cách uile ag triall fá a thuairim,

ní sgél fábhoill.


12 Ursa chogaidh críche Muimhneach,

leithéid Logha,

fear le a rugadh buaidh gach catha

a ttruaill na troda.


13 Ar uaisle, ar oinioch, ar dhaonnacht,

ar dhíol ndeóradh,

cia budh cóir do chor ’na chonchlann

acht méin leómhoin?


(a) Ór as é an leómhan lúthmhor láinédrom beathadhach as uaisle do na huilibh beathadhach. Agus as é bés do-ní an leómhan mór an uair bheireas an bhainleómhan a cuaine caomhchuilén: bíd marbh go ceann ttrí ttráth a ndiaidh a mbeirthe, ina dhiaidh sin tig an feirleómhan d’fhéghoin a chloinne 7 fo-gheibh marbh iad; et cuiridh a anáil fútha 7 slánoighidh iad 7 do-ní a n-aithbheóoghadh. As amhlaidh sidhéin do-ní Teabóid Builtér aithbheóughadh aosa healadhan Éirionn uile go hiomlán, 7 a gcongmháil suas d’aindheóin gach éndhuine le budh mhian dochor nó díoghbháil do dhénamh dhóibh eidir Ghall 7 Ghaoidhiol.


14 Do-gheibhid cách cuid da sgéloibh

sgríobhtha a meamrom,

lámh as treisi cruaidh a ccomhlonn

nár thruaill tearmonn.


15 Seabhac gríobhdha críche Muimhneach

gnúis nár donnadh,

ní dhearna sé trén le teangaidh,

nír ér ollamh.


16 Atá a mbéloibh suadh is seanchadh

fá Fhiadh bhFéilim

saoirshliocht Shémuis na mbeann mbuabhoill

as fhearr dh’Éirinn.


17 Gur mheala in Brugh, fós an braonach,

Bóinn is Breaghmhach;

gur mheala an féinnidh mear muirneach

Eamhoin Abhlach.


18 Ní fhoil agoinn fhear ar n-iomchair

d’éis ar n-ainbhreath,

acht aoibhioll bheó thuinne torchoir

choisgeas anfadh.


19 As é a ainm, cisde na ccliar,

Teabóid Builtér;

do-bheir do chléir crodh gan oilbhéim,

Dia dhá choimhéd !


20 Ní beag dhúinn do mholadh Teabóid

méd a chroidhe;

do chuaidh sé tar gach n-aon eile

san raon roimhe;

tugus nach gloine dér aille

sgél na sgoile


(b) Agus as é sgél na sgoile nár fédadh sinn féin, aos ealadhna Éirionn dh’iomchor re méd ar n-ainbhreath ar na ríoghoibh tánoig romhoinn, amhail atá, aonshúil Eochadha, 7 bean ríogh Laighean, 7 sgiath Chinn Ghégáin, 7 each geal Taidhg Í Chonchobhuir. Agus dar linne ní daoire sin iná sinn féin 7 aos ealadhan Éirionn ag triall a cceann tTeabóid Builter d’égcaoine ar n-imnidh 7 ar n-édtualoing 7 d’fhagháil ar ríochtanuis a leas uile uadha go comhchoitcheann. Fear mar Ghuaire


21 Tiobóid Builtér, ceann na dáimhe,

ar ccrann cnuasoigh;

ní dhénoid Clann Néill an nós-soin,

dréim re a dhuasaibh.


22 Tiobóid tógbhus cealla is cliara,

cuid dá sgélaibh;

fear na ccorn gclochbhuadhach gcumhdaigh

dealbhdha a ndénomh.


23 Fear agá mbí cuirm is comhól

go mbadh sásadh,

fear na bhfínfhleadh dháiltear dh’ógbhaidh

’s d’aos gach dhána.


24 Triath agá mbí mórdháil Muimhneach

as maith bésa;

ina fhlaith as mór na grása

gan chlódh gcédfadh.


25 Fear do chuir a dhóigh go daingean

a nDia dhíreach;

fear dá sléchtann fiodh ciar craobhach,

sliabh is mínleach.


26 Do réir fhínné ughdor n-eólach

agus ollamh,

ní fhoil a mhac samhla sunna

ar mhéd a bhronnoidh.


27 Doimhne a eagna, gloine a ghliocus,

bláithe a bhriathra,

maordha málla ceannsa cráibhtheach

as fhearr riaghoil.


28 Longphort líonmhor do mhnáibh banda,

bíthe béilbhinn,

lán do chruitibh tédoibh taidhiúir

is aos léighinn.


29 Aos gach dána, aos gach fhileadh,

aos gach bérla,

tiaghoid uile a mbrugh na Cathrach,

gá fearr tréda!


30 Dréchta is duana, laoidhe cuanna,

cuirmtheach ceólmhor,

ní bhí easbhaidh ar rígh Cathrach

ag díol deóradh.


31 Dá mbeinn dá meas choidhche am aigneadh

tréidhe Teabóid,

as é cré chúil Ghall is Gaoidheal

’s a mér meadhóin.


32 Do-ním d’fhínné d’fhearoibh Éirionn,

ós mé a seanchaidh,

nach cualaidh mé maithios Teabóid

sgríobhtha a seanchairt.


33 Gér mhaith Conn i gCruachain Connacht,

díon gach deóraidh,

nó Clanna Néill fa mór meadhar

nó Síol Eóghain,


34 nó Siol mBriain na mbratach maothshróil

fa mór cnuasaigh,

nó Síol Carthaigh d’uaislibh Gaoidheal

go méd n-uabhair,


35 ag rígh ná ag ríoghain ná ag ollamh

ná ag fior léighinn,

ná ag seanchaidh go n-iomad eóluis

ar fhud Éireann,


36 bíoth a slán uile go haoinfhear

fán méd áirmhim,

nach táinig díbh fear budh inghill

don fhial fháilbhinn,


37 acht amháin Guaire mac Colmáin

nár dhiúlt éigeas,

ní chuala díbh meadh do Thiobóid

acht in t-éinfhear.


(c) Agus fa mór na buadha do Ghuaire mhac Colmáin nár dhiúlt énduine i leith a chúil ná a aighthe riamh. Acht atá ní cheana, fa fearr an aimsear re linn Guaire mheic Colmáin ionás re linn Teabóid Builtér; atá sin ’na iomarcaidh ar Tiobóid gan chobhuir éinfhir d’fhearuibh Éireann lais fá ndiongnann d’oineach 7 d’eangnamh ar fhileadhaibh 7 ar ollamhnaibh 7 ar aos gacha ceirde 7 gacha dána.


38 Do-chuaidh a chlú fós fá Éirinn,

mór na grása,

ar feadh Saxan is fhuinn Alban,

ar ndamh dána.


39 Ar leag lóghmhar, ar gcaor comhraig

is mó buadha;

ar n-arthrach seóil re huair ngábhaidh

fá chló gcuanna.


40 ar ndos dídin, ar gcraobh chnuasaigh,

ar muir lomlán;

ar n-adhbha ceóil fhírbhinn adhnuall

is ar n-orghán;


41 M’fhuairshreabh tobair uasail fhollán

go néimh nuaghlain;

ar gcloch mharmuir go ngnaoi ngléighil,

ar gcoill chnuasaigh.


(d) Agus is é crann cnuasaigh na dáimhe Teabóid Builtér, óir do-gheibhid draoithe 7 deaghaos gacha dána toradh gacha laoi 7 gacha mís, gacha treimhse 7 gacha bliadhna go habaigh re buain don chrann sin, ionnus gurab móide é a mbeantar de fó ionnamhuil crainn na beathadh i bParthus [óir do-ghébhdais fir domhuin uili a sásadh somblasta do thoradh in chrainn sin i bParthus acht amháin ní dá samhlughadh atámaoid]. Gidh eadh cheana, is é


in crann fígi fíneamhna

caomhthoirtheach cnuaisiomdha

don fhiodhbhaidh uasail fhailmghégaigh

ar feadh Éirionn iathghlaine

nach críon choidhchi a chaomhdhuille

gacha bliadhna biothghlaine

Tiobóid ríoghdha ruitheanda

ag dáil cruidh go comhchoitcheann

d’éixibh agus d’ollamhnaibh

’s do lucht scagtha gaoidhilge

in gach aird dá innisin

ar fud Fódla féruaine


a thuaruscbháil mar tá, óir atá eaglus 7 ealadha, dámh 7 deóraidh, brughaidh 7 biataigh 7 breitheamhain ag móradh 7 ag médughadh in chrainn uasail fhíneamhna sin .i. Teabóid Builtér.


42 Crann na beatha is uaisle solas

tar fhás talmhan,

crann na mbeannacht in crann cumhra

is fearr daghbhlas.


43 Crann is romhó maith re maoidheamh

d’fhíonfhuil Builtér,

ní theagmhann cnú fholamh iomnár

sa chrann choimhthrén.


44 Crann ina bhfuil nead in tseabhaic

tar fhéin Gaoidheal,

is í in chliar an énlaith oirdhearc

bhíos dá scaoileadh.


45 Dáibhídh rí, nó Solamh sluaghach

go méd n-eóluis,

fa lór ar tús méd a mbronnaidh

do dháimh dheóradh.


46 Colam Cille, deaghmhac Féilim,

fa trom toirbheart;

do-chóidh tar Chlainn Néill a airdteist

fhéile is oirdhearc.


47 Maith do leanadh suas le Tiobóid

lorg an einigh,

beith agá riar dó ní hannamh

go mór meinic.


48 Ní haithnidh dúin slighe molta

’s a beith uaingeach,

gach duine ag dréim re a cheird dúthchuis

ní nós nuaidhe.


(e) Agus ní nuaidhe in nós damh féin ceard m’athar 7 mo shean-athar do leanmhain, duana 7 dréchta 7 dúchanna 7 laoidhe áille adhmolta do dhénamh do Thiobóid Builtér is daor cheannchas.


49 Sgoith mo cheirde duit do dhlighfinn

a ghruaidh dealbhghlan;

do-ghén daoibh in aisti is uaisle

i gceann mo sheanchuis.


50 Seabhac Sionna, éigne Siúiri,

buinne díleann,

biaid a mholta i laoidh ’s a litir

scríobhtha im scríbheann.


51 Ní beag damh-sa cách dá mholadh,

gá fearr riaghail!

gibé is fhearr san éigse ag Tiobóid,

dá chúirt triallaid.


52 Máire Ciosóg in mhín bhonnbhán

mhálla mhórdha,

lubhghart toirtheach na gcrann gcumhra,

failmghég órghlan.


53 Gnúis fhorbhfaoilidh ris gach éinfhear,

mian na dtromdhámh,

déd geal is ruisc niamhdha; a deaghglór

ciallda a gcomhrádh.


54 Bídh i láimh ag an ord fhileadh

mar Mheidhbh Cruachan,

bean rathmhar réidh ag díol deóradh,

togha nuachair.


55 Ní théid éinfhear uaithi diomdhach

don dáimh dhoiligh;

rug a clú geall tar gach aicme

le barr oinigh.


56 Tiomnaim m’anam duit a Dhúilimh

na bhfleadh gcomhlán,

go mbear id bhrugh áluinn aingleach

is id roghrádh.