Poem in printable PDF format
Trian Connacht i
gcoimhéad aoinfhir
[Carney, James:
Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 34]
Tadhg Óg Ó
Cianáin .cc.
1 Trian Connacht
a gcoimhéd aoinfhir:
ní hiongnadh do
dul ’na leith
[budh hé críoch
agus cró in Daghdha]
da ró críoch
Banbha ar breith.
2 Córaide do dul
’na cheannas
Clár Tuathail ó
tá ’na chairt;
sul tí ó hÉnna a
truaill tachair
do-ghéna uaim
Achaidh Airt.
3 Ní anfa ar cuid
do Chlár Meidhbhe
mac Úna nach
obann dán;
síodh ar Fhilib
is a éra
ná sirid síol
Énna a n-ágh ?
4 Fine Colla fá
chraoibh Sionna,
síol Raghallaigh
fá [a] rosg mall,
da mbeath ’na
cheann ar Gart nGaoidheal
ní budh fhearr
Art Aoinfhear ann.
5 Cur ’na aghaidh
fá Iath Meidhbhe?
mac Briain nocha
beantar ris;
teach folaigh ní
díon do dhuine
ar foghail ríogh
Muighe Mis.
6 Gébhaidh
comhadha Cláir Eachach,
iath Eamhna agas
ní hé a-mháin:
gan fhód a ngoire
múir Macha
gan oile a n-úir
flatha Fáil.
7 Tré leirg uaine
d’éis an chatha
crú a bhiodhbhadh
do bhí mur eas;
giolla geal ó
fhionnMhuigh Áine
do ionghair bean
táidhe a dtreas.
8 Clódh a
ndeabhaidh d’aicme Eachach
gan iath Fódla ní
fiú dáibh;
gan na oghaid ’sa
chléith catha
tré ghonaibh
sgéith flatha [Fáil].
9 Deargfaidh
Filip ag cur catha
croinn uaine dá
n-oghair badhbh;
a shíodh le duine
ina ndearna
luighe ríogh
Eamhna fá [a] arm.
10 N... ar iad fá
onchoin Cliodhna,
cuirn áille fa
n-iadhaid sloigh
foireann
brannaimh bile bhadhbha
d’arraibh tighe
in Daghdha dóibh.
11 Ríomhuighthear
le mac meic Fheidhlim
d’éigsibh Banbha
gi-bé tug;
rug in maith ar a
léim luighe,
léir ar fhlaith
Ruidhe gu rug.
12 A dtéid a
ngliaidh le géig nDaoile
ní dheachaidh
fear nach fuair goin;
do dhol on taobh
dá mbí a bhiodhbha
craobh Lí nocha
thiobhra troigh.
13 Canfaidh mise
re mac Una
[d’Uisneach Midhe
cuirfidh ciaigh]:
“Dá rabh fúibh in
Lia gan labhra,
ní bhia súil re
damhna ad dhiaidh.”
14 “Beanfa tú re
tionól Bréifneach
Banbha Cuinn do
chlannaibh cniocht:
ní rí neach ar a
ní féine
gu ndeach, a rí
Fhéile, ar h’iocht.”
15 “A ngaile libh
láthair catha
clann Eachach, a
earla nocht;
gi-bé is teann ar
tí do throda
gearr gu mbí ’gá
oba ort.”
16 . . . . . aois
macaoimh
a mheic Úna in
earla réidh,
aois as do
ghaois, a rí Ruidhe,
nach í an aois a
bhfoile fein?
17. . . . . . . .
. .d’ól bar fhíona
d aicme Cuinn ní
rainig ríomh;
a mbí at
fhionnbhrugh, a ua Fhilib.
le hiongnadh nua
ibhid fhíon.
18 . . . . . . .
. . . . .Cláir Cunga,
ceatha troma um
thulchuibh tuir,
an braon ar
uinnibh mur fhearthain,
do dhuillibh
craobh fearthair fuil.
19 . . . . . . .
. . . . .féinidh Cnucha
ceatha braoin
do-bheir fán bhFinn;
d’iomad meala um
linntibh Leamhna
filltir feadha
leabhra um linn.
20 . . . . . . .
. . . . . . . . . . . .e
braon nuadhonn ag
nighe frémh;
sruth gan guth ag
tál ón tulaigh,
fál ’mun sruth do
ughoibh én.
21..........
..........................
fa thriath mbaile
ní bhí a nglionn;
ceilt clach nocha
bhia um buinne
dá ria sgath
Cuille ós a chionn.
22
................................abhra
fan lainn gcaoil
do bhí ’na bhois;
gu dtug guin is
athghuin uadha
nír athruigh tuir
Cluana in chois.
23 . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . .
teacht ’na
choinne cia lérbh áil ? -
airm ’na
mbloghuibh ’sa chléith catha
tré ghonuibh
sgéith flatha Fáil.
24 . . . . . . .
. . . . . .bi an oruim
aicme Cuinn ní
chleachtaid síodh;
fuighle cliar gu
gcluine Filib
fian uire ní
ibhid fhíon.
25 . . . . . . .
. meic Fheidhlim
re headh troda ní
théid glas;
cuimhne ar a
fíoch ag foir Éirne.
ní dóigh in síoth
d’éirghe as.
26 . . . . . . .
. . .d’iomchur
d’eirreadh catha
craoibhe Cró;
searrach
sdédomhail cinn cobhail
édomhain linn
domhain dó.
27 . . . . . . .
. . . .é ar mac Úna
go hiath mBóinne
do bhí a thriall;
créd budh cabhair
do Mhuigh Meadhbha
gur thabhaigh
tuir Teamhra in trian ?