Poem in printable PDF format
Triath na
nGaoidheal Giolla-easbuig
[W. J. Watson:
‘Unpublished Gaelic Poetry, IV, V’ Scottish Gaelic Studies
3, 139-59: 142-51]
1 Triath na
nGaoidheal Giolla-easbuig,
urraim gach duine
dhó is dual;
cuiridh iarla
Gall is Gaoidheal
riaghla ar gach
aoinfhear uadh.
2 Neart an
fhéinnidh ó Ear Ghaoidheal
gébhuidh oiléin
Innsi Gall;
bu bheag soin da
chéimibh curadh:
toil gach éinfhir
umhal ann.
3 Mac MhicCailin
cnú ós crobhuing,
cách fá chánuigh
conmhuidh sé;
laoch as féile
d’fhéin na h-Alban:
ó fhréimh féine
as ardghlan é.
4 Ní h-iongnadh
umhla gach éinfhir
d’fhuil Artúir an
aignidh réidh;
meadh da h-uaisle
ní bía a mBreatuin:
ri ais an uair-si
is deacair dréim.
5 Leis ógbhaidh
Fhionnghall ó cheartus:
a chairt féin ná
fuilgiodh uaidh;
ceannus
Ghaoidheal dhó do dlighthe:
aoinfhear as mó
sirthe sluaigh.
6 A hÉirinn go
h-imlibh Leódhais
laoigh na
ngarbhchríoch as garg gníomh
leis ó chóir go
h-urlamh uile:
cungnamh slóigh
gach duine díobh.
7 Dá leantar leis
lorg na sinnser,
saoithe aige
anfuidh siad;
bí gach drong don
chléir ’na chathruigh,
da bfonn féin
nach athruigh iad.
8 Do bhéas
codhnaigh cinidh Artúir
óig Breatan do
bheith da réir;
ba h-iomdha slógh
ag cur comhlainn,
fá a bhrugh mór
da bhfoghluim féin.
9 Téid
Giolla-easbuig an oinigh
tar fhéin Eórpa
ag conmháil cliar;
dul tar chách an
gach céim oile,
budh ghnáth da
fhréimh roimhe riamh.
10 Fine Artúir
mór mhic Ambhrois,
iomdha rígh do
ríoghadh dí;
coimheas ria ní
bhfuil a nAlbain,
fuil ina lia
ardfhuil í.
11 Cing Artúr an
oiléin Bhreatnuigh,
bés iongnadh da
n-adhradh sé;
beart ríoghdha do
ghnáth da dhéanamh
ó chách is gníomh
éanar é.
12 Lán an bhuird
chruinn ag Cing Artúr
d’ógbhuidh
Breatan na mbrat d’ór;
fa lán sluaigh do
bhiadh a bhruighion,
gan triall uaidh
do mhuirior mhór.
13 D’fhoghlaim
canamhna gach críche
go cúirt
bhuadhach an bhuird chruinn;
budh bheag sin
uile da n-eachtra:
fir an chruinne
ag teacht ar tuinn.
14 Do nítheadh
sgéla iongnadh d’aithris
d’Artúr fhial
d’aidhche ’s do ló;
beatha da dheoin
níor áil d’fhéchuin
gan chnáimh
sgeoil do dhéanamh dhó.
15 Do bhiodh fá
Artur ’s gach aonach
ar faithche an
bhaile a mbeith sluagh
míle pubal sróil
go sochmaidh
is drudadh óir
ó’n taobh uath.
16 Lán na puible
ar feadh an aonaigh
d’aos ealadhna
gacha h-uird;
do bhiadh ór da
roinn don ríoghruidh,
fán ól do’n
droing bhríoghmhoir bhuirb.
17 Céad is caoga
cathar folamh
a n-oirchil na
n-aoidheadh uaidh;
bruit sróil ar
n-a bhfuaigheal iompa,
na uinell óir
ionta ar uaim.
18 Ní gluaisde
ann d’fhior ar domhan,
dún Artúir gér
iomdha a shlógh;
ionadh réidh
díobh ag gach duine,
d’fhéin an ríogh
’na suidhe ar sról.
19 Artúr uasal
ardrí an domhain,
deaghmhac
Ambhrois do fhuar bladh;
iarbhua Duibhne
na ngruadh ngealghlan:
cuimhne druadh da
dhearbhadh damh.
20 Cliú Artúir ar
feadh na cruinne
do chuaidh uath ó
iath go h-iath;
tearc fonn ar an
nochar aisdrigh,
nár ghabh drong
an ghaisgigh giall.
21 Leanaidh
sibhse, a Mhic MhicCailín,
do ching Artúr do
fhuar geall;
do sgaoileadh do
chlú fán chruinne,
ó’s tú aoinfhear
uirre as fearr.
22 Gach béas
ríoghdha da raibh ag Artúr,
d’aithris a niú
do ní sibh;
beart ríoghdha i
ngach raon do roighnis,
a chaor fhíona an
ghloinshlis ghil.
23 Gerbh iomdha
triath a ttigh Artúir,
óig Alban an
aignidh shaoir,
do bheith ní as
lia asdigh ad theaghlach,
do-bheir Dia do
dheaghrath dhaoibh.
24 Sgaoth aos
ealadhna fhuinn Bhreatan
bíd ag tionól
teas is tuaith;
fir an chruinne
ad theach ag teachta:
ní geabh duine ar
eachtra uaibh.
25 Daoibh féin dá
madh ionann aimsir
’s d’Artúr
mheadhrach bu maith sdair,
ní sibh bu réidhe
a gcruaidh chogaidh:
buaidh gach céime
aguibh air.
26 Do fhréimh
ghlain, a Ghiolla-easbuig,
go h-Artúr
áirmhinn gach glún;
orm ’na chruas ní
bhfuil an t-áradh
suas ó shoin go
hÁdhamh úr.
27 Deich nglúine
uaibhsi san fhéin curadh
Cailín iongnadh
na n-éacht mbúan;
ubhal cumhra
chríoch na nGaoidheal:
ní fríth umhla
d’aoinfhear úadh.
28 Énglun déag ó
Chailín iongnadh
d’Artúr
bhréaghlan an bhuird chruinn;
rí dob fhearr ar
fud an domhain,
do rug geall an
toraidh thruim.
29 Deichnur ghlún
ó Artúr uasal
Arar lámhdhearg
do loc báidh;
rí an domhain do
chuaidh a gcianuibh,
’s gach comhair
cruaidh d’iarruidh áigh.
30 Deich glúine
eile ó Arar bhuadhach
go Briotas le
mbriste tor;
bu maith ’na
fheidhm an fhian Bhreatnach:
’na beirn riamh
bu deacar dol.
31 Énghlún déag,
ma’s deimhin seanchas,
suas ó Bhriotas
na mbreath gceart,
Báóg na sleagh
ndorrdha ndreachbhláith,
fear bhogha bu
neamhthláith neart.
32 Dá ghlún déag
adeirid ughdair
Ádhamh ó Bháóg
do-bheir,
an céidfhear a
mbun an bheatha:
ní h-éidir dul
seacha sin.
33 Ceithre glúine
ó Ghiolla-easbuig
uaibh is trí
fithid dar bhféin,
glún Adhaimh
nochar choill céadfuidh,
don druing
náruigh éachtuigh fhéil.
34 Ag sin duit do
dhicheann seanchais,
slán croinice
chur ar gcúl,
ó bhéil suadh gan
fhágbháil aoinfhir,
a ghruaidh ógnáir
fhaoilidh úr.
35 Ó’s tú as
uaisle don fhuil Bhreatnuigh,
tar bhéas iarladh
ardaigh sdair;
coimeas ruibh ní
dóigh do dhéanamh:
ní bhfuil cóir ag
éinfhear air.
36 Gabhuidh
leatsa, a mhic Mhic Cailín,
curuidh
Fionnghall na n-eang sróil,
gach mac ríogh ag
dul fád dheaghfhuil:
ní bhionn sgur ar
meadhair mhóir.
37 Ó chrích
Leódhais go slios Banbha
ní bhionn
éanfhonn gan íoc t’fhiach;
ní bhfuil ríghe
ribh san ríghe:
sibh d’fhinne
gach tíre is triath.