Poem in printable PDF format
Triúr atá ag
brath ar mo bhás
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 75]
1 Triúr atá ag
brath ar mo bhás,
gé atáid do
ghnáth im bhun -
truagh gan a
gcrochadh le crann! -
an diabhail, ’s
an chlann, ’s an chnumh.
2 Ní thiobhradh
aoinneach don triúr
don dís eile,
giodh iúl claon,
an chuid do
roichfeadh ’na ghéig
dhóibh ar a gcuid
féin ar-aon.
3 An diabhal is
dordha dáil,
an fear leis nách
áil acht olc,
ar an anam
soilbhir séimh
ní gheabhadh
sé an spréidh ’s an corp.
4 Do b’fhearr le
mo chloinn mo spréidh
do bheith aca
féin a-nocht,
dhamhsa giodh
fogas a ngaol
ná mh’anam ar-aon
’s mo chorp.
5 Na cnumha,
giodh amhgar súd,
dá gcurthaoi mo
chúl san gcré,
do b’fhearr leó
aca mo chorp
ná mh’anam bocht
is mo spréidh.
6 A Chríost do
crochadh le crann
’s do gonadh le
Dall gan iúl,
ó ’táid ag brath
ar mo shlad,
is truagh gan gad
ar an triúr.