firstLine"; ?>

1872. Triur righ tainig go teach nDe $
Length: short 10qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Francis. Lib. A2 11th-12th cent & add.
  2. NLS Adv.72/1/37 Bk Dean Lismore 16c.
  3. TCD 1340 (H.3.19) 16th -17th cent.
  4. Book of O’Conor Don c. 1631
  5. RIA 8 (24/L/6) Eoghan O Caoimh ?1679
Prints:
  1. transl. Atkinson, Ir. Liber Hymnor.(1908) i - II
Motifs:
  1. incarnation
  2. Mary as kinswoman of human race
Poet Christian Names:
  1. Aonghus (RIA 209)
  2. Cormac mac Cuileannain (Mayn. M 70)
Poet Surnames:
  1. saint ( ‘Oglach De re Dan’ RIA 252)
  2. O Dalaigh Fionn
Apologue Subclasses:
  1. Nativity: visit of Three Kings
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Triúr ríogh táinig go teach nDé


[Colm Ó Ceannabháin: ‘Hymnus de Tribus Regibus’, Irisleabhar Muighe Nuadhat 1961, 45-6]


1 Triúr rí tháinig go teach nDé:

trí gnúisi mur in nglainré

ón tír oirthearaigh, ealaigh,

dtroimchennaigh, mín, maillshreabhaigh.


2 Triúr do chuaidh - fa chéim sochuir -

gus an mBeithil mbánsgothaigh:

triur dar dáileadh iúl ele;

triúr fáidheadh na fáisdine.


3 Breith in Choimdhe[adh] mhóir, mhaisigh,

tarfás don triúr chédnaisin:

sgéal dearbh is díon da gach druing,

dealbh an rígh isin réadluinn.


4 Réadla ard - fa háluinn dath -

do shoillsigh an bioth braonach

do bhí, gér chabhair chinnti,

hí ar aghaidh na firminnte.


5 Níor fhuirigh gan dul asteach

reimh an triúr go Dia nDúilech,

an réadla chonnlach, chorrbhog,

lonnrach, shéanta, shiobhalghrod.


6 Leanuid an triúr rí rathmhar

an réadla go roathlumh,

do chuaidh an réadla reampa

’na sduaidh shéanta, shoineanta.


7 Ar rochdain rígh na cruinne

don bhallsgóid réidh réadluinne,

fuair an triúr bionnfhoclach bog

iúl iongantach nár iarrsod.


8 As eadh fuaraduir annsin

ár nAthair a n-aois leinibh:

’na bruinne do bhí an glangha,

rí na cruinne ceathardha.


9 Do fhillsiod a nglúine geala,

tugsat a dt n-aisgeadha

don Té ga bhfhanann gach iúl,

as é as anam don aointriúr.


10 Tugsat aithne ar a gnúis ghil,

Muire Máthair an Dúilimh

an Ogh shaorghlan así ár siúr

gaolmhar hí reis gach n-aointriúr. Triúr