firstLine"; ?>

1878. Truagh an sgeal-sa sgaoiltear libh
Length: long 39qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 744 (A/v/2) 17th cent.
Motifs:
  1. messenger bringing news
  2. internal dating
  3. imagery for patron
  4. qualities of patron’s character
  5. nobility of patron’s ancestry
  6. function of poetry (fame)
  7. his liberality to poets
  8. death at outset of his career
  9. general grief
  10. grave-site named
Poet Christian Names:
  1. Muirgheas (RIA 744)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Robert oighir Lucais
Patron Surnames:
  1. Dillon d. 1649
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Truagh an sgéal-sa sgaoiltear libh

[RIA 744 (A/v/2), 32b]

Muirgheas Ó Máoilchonaire cecinit

[date 1649 in quatrain 38]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Trúagh an sgél-sa sgáoiltear libh

a fhir théid go tír nAirtigh

in gach séd ní soiréidh thíar

ég an choiléin bá coimhfhíal.

2 Cúis tuirsi an sgél sgaíltear lat

a ccrích Chonnacht na ccaomhmbrat

a chlaisdin damhna do dhoigh

san mBanbha n-aisdigh n-adhbhail.

3 Sgél do árdaigh orra ceas

’s do ísligh áoibh na n-écceas

teasbháil an fhir as lén linn

ag sin an sgél lé sginnim.

4 Trúagh an toisg dá ttárla ad bheól

an sgél as f[h]oicsi d’fhirleón

ré hucht ccosanta chlíar bFáil

don bhosacla fhial armcháidh.

5 Giodh olc gach aoinsgél oile

dá bfúair tusa a theachtaire

measa an sgél ro-m sgaith-se a-nos

dhuit-se ní sen go sonus.

6 Dearbh nar fhág brigh um bhallaibh

neimh an sgeóil rér sgáthamair

ní ceolfoghar cneasda sin

feasda acht deónughadh doiligh.

7 Easbhaidh dhuinn deimhin an radh [33a]

eidir fhior mhnáoi is mhacamh

anam teagbhala chliar cCuinn

gan dail eadrána aguinn.

8 Aicme Dhíolmhan na ndrécht nglan

fir ba fáoilidh a-nallan

gaothfhoirne na ngég i bpáis

tre ég láochoidhre Lúcáis.

9 Eg an úasail oirdheirc óig

Roibeard úr mac mhic Teabóid

fachain fiorbhróin ’s gach séd so

do thréd brioghshlóigh na Banbha.

10 Ba damhna flatha ré a feas

Ribeard Diolmhan ré dheighmheas

fear nár ghann gart an sdúaigh-si

gan alt ann acht árdúaisle.

11 Comhardha flatha fíor so

d’úaisle d’féile 7 d’eagna

dearbh gur hadhnadh áoibh na cceard

isin ccáoin roghlan Ribeard.

12 Roibeard Díolmhain lúaitter leam

níor mhair sé acht seal aithghearr

dá maradh do bá beó a bhladh

tamhan far theó gach taghadh.

13 Ar son fós nach mair an mac

Roibeard Diolmhan bá deaghshlat

mairfidh beó a leabhraibh linn

an t-eó [ó] Teamhraigh tháoibhshlim.

14 Neimhiongnadh a iomrádh sin

d’eagluis d’éigsibh is d’úaislibh

tré mhéd a míadha ’na mhúr

gég ba diada go ndeaghrún.

15 D’eagluis Dé fa dainimh sin

bás oidhre ardmhuir Airtigh

a dhile dhóibh bá cádhos

róimh gach file an (file an) fíorárus.

16 Fírcheart d’éigsibh ga tt(h)ú dhe

an t-óg amhra do chuimhne

ó dhligheadh gach grésa grinn

bésa fileadh a bfaighlim.

17 Eaglais is éigse fa mheirg

san mBanbha tre bhás Ribeird

trúagh an béd dáoirghleic dáimhe

tre ég saoirmeic Siubáine.

18 Tig da éag-san gan fhuireach

Roibeard dealbhdha Díolmhuinech

a theasbháil as turbhaidh thren [leg. thinn?]

urbhaidh is easram d-dher (?). [leg. d’Éirinn?]

19 A n-iath Cuinn ’mun ccuraidh chaomh

ní tearc treinfhir da ardghaol

’gá ttrágh a ttromchumhaidh the

orchraghail is crádh croidhe.

20 Fa fhonn Midhe nach mór locht

iomdha tré árdúa an Uiocont

óig dhaingne gan bheirt mbearna

as aindre ag beilt broinmhedhra.

21 A leith Modha na múr nglan

fa dual do mhac a mháthar

a cháoineadh lé a ghlangháol grinn

’s daghráon d’fáoidead ’na intinn.

22 Feadh réimhis Roibheird amhra

úa Teabóid tríath cathchalma

ba leomhanta gníomh a ghal

ag dion beógharta brughadh.

23 Marcshlúagh lúthmur laochdha ar learg

on tráth fá tteasda Ribeard

’s níor ttirmdhíne gan chas ccion

tré bhas grinngribhe Gaoidheal.

24 Beithir láochdha a láibh na ngal

mac Sir Luchais laoch báoghlach

gríobh na nguaisbeart ngarg ’s gach dú

árd a úaisleacht ’s a fhíalchlu.

25 Úa toghtha Teabóid Díolmhain [33b]

Roibeard na bfleadh bfíorlíonmhur

a brugh ní chúala gan chion

go dul úadha don úirfhior.

26 Ar a bhord do bhídís so

mór ndrong séghainn go snasda

’s bró mharcshlúagh mheardha go teann

um ealbha ghartbhúan Ghaileang.

27 Ar an mbord ccédna go ccion

do bhíodh eagluis na n-oirior

’s éigse gan toibhéim ’na thigh

mun ngéig-se oiléin Uisnigh.

28 Do ghrés do-geabtha ar an mbord

in gach ionbhuidh gan fhodhord

lucht glainiúil na ttreón nár thim

’s ceól bá taighiúir téidbhinn.

29 Ní bhíodh easbhaidh orra so

fleadha seice iná siúcra

in gach aimsir bá gniomh gle

fíor nár áidhbhsigh a n-aidhbhle.

30 Claochlódh trúagh tárla [nó táime] ann

ó bfuil iomad go hanbhfann

comhdha na cCuircneach nach mair

bá suiltbheach tromdha torchuir.

31 A mheic Lúcáis na ngreadh ngrinn

bá luinne libh mur fhuiglim

óig chalma go ccreich ad ghar

ná bheith i n-adhbha at aonar.

32 Ní tearc bhós fár mbeith i ccill

láoch gan aigneadh gan inntinn

is uaisle ní sáobhghlór so

úaibh-se i n-áonbhrón mun am-sa.

33 Mór ttríath lúthmur dod lucht gáoil

a n-íath Éireann ’s gach [a]óntáoibh

i ttromcheas cumhadh gan cheilt

oircheas dubhadh fán doibheirt.

34 Ní hiongnadh d’úaislibh fhuinn bhFáil

’s dá lucht cumainn is comhráidh

bheith imshníomhach tré dhul do

an cur ilghníomhach amhra.

35 Úrmhac inghine Mháire

rug leis fós [leg. fios?] is fíoráille

’s féile nárbó gann gean

is tréidhe Gall is Gáoidheal.

36 D’inghin tSeáin ní sén gar

go ttoir sáogal na sáogal

a cédfhear ’sa clú ba te

a-nú fá éideadh úire.

37 A nÁth Lúain na láoch gan locht

ann do c(h)uireadh a cháomhchorp

go seanmóir um fheart an fhir

dleacht an eangróimh da aithribh.

38 Naoi mblíadhna ceathrachad cáigh

míle sé chéd ’na ccomhdháil

ó ghein Dé Coimdhe na cceard

go ré mo roighne Ribeard. [date 1649]

39 Do bhi thrá a threise so

ar mhór n-íath d’Eirinn amhra

gur chaith réimheas go rún nglan

ní feilfhios dúinn a derbadh.

40 Rugadh úainn día do dhoghra

posd cumhdaigh chlíar n-ealadhna

ó ghribhfheirg ag soighidh slúagh

oighidh Ribeird as rothruagh. Truagh...