firstLine"; ?>

1879. Truagh an sgeal-so linn da luadh $
Length: middling 17qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Aberystwyth Add MS 413D -1686
Prints:
  1. transl. Eigse xii, 128
Motifs:
  1. messenger bringing news
  2. envoi to patron’s wife
  3. imagery for patron
  4. patron’s liberality to poets
  5. war with foreigners ?
  6. poet’s own mourning
  7. sickness
Poet Christian Names:
  1. Aonghus (Aberystwyth Add. 413D)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh Fionn
Patron Christian Names:
  1. Seafraidh mac Taidhg
Patron Surnames:
  1. O Donnchadha an Ghleanna
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Truagh an sgéal-so linn dá luadh


[Pádraig Ó Riain: ‘Dán ar Shéafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna’, Éigse 12, 123-32]


Ó Dálaigh Fionn .i. Aonghus cecinit.


1 Truagh an sgéalso linn dá luadh

go bhfuil Séafraidh go tinn tiar

an ní adclas ó chách más fíor

a nglas ón [t]shníomh go bráth biam.


2 Ag so an chomairce a Chríost cháidh

ná tug síon dochroideach dhúinn

ná cuir am chroidhe beadhg b(h)róin

ná dearg go fóill m'oili a n-úir.


3 A Dhé chreidim coguil dúinn

ná h-obuidh ar n-itche uaim

mo chrann baguir ná bean dínn

ar feadh s[h]nímh an chaguidh chruaidh.


4 Mallacht ort a fhir na sgéul

olc an tagra a ttig ód bhéol

go bhfuil an féinnidh tinn tiar

fa mbiadh sinn ag déinimh d[h]éor.


5 A dhearbhadh as doiligh dúinn

an labhra adchluinim dom chrádh

más tinn Seafraidh cuan na ccliar

grian mo ghruadh beanfaidh a bán.


6 A ghlóir gan teirce gan tráig[h]

ar ccraobh eóil ar n-eite lúidh

ná bean díom mo bhile buaidh

síodh uaibh gion go ndlighi dhúinn.


7 Mo bhile saoirfhiodhaigh séimh

do Ghaoidhioluibh thighe an triúir

ná leag séol ar n-arthruigh uain

a mbéol chuain anfaidh ar n-iúil.


8 Triath an Ghleanna an seangglan sídh

A Dhé neamhdha a fheartaigh fhéil

ná bac Seafraidh mar sdór dhúinn

dom lón rúin ná breathnaigh béim.


9 A Choimdhe nam chuir ar ccúl

nách foighbheam ar nguin go géar

tre bhláth B[h]anbha nár dhruid dún

ná tug dhú(i)nn damhna na ndéar.


10 Mac ar tTaidhgne an talchair tré[a]n

ó thairnigh labhra ar a luadh

má tá tinn an rosg mar réodh

an léon do fhosd sinn ór suan.


11 Cia thuigfeas ar n-éigsi uainn

a éigsi guidhidh an ghlóir

nár chlaisdir a chor fa chiaigh

liaigh ar ngon ar n-aisgidh óir.


12 Triath Fleisge má tharla teinn

cia ag labhra libhsi ná linn

fuighioll féile fola Floinn

coim chléire Ó Logha re a linn.


13 Dob é an teasgadh c(h)úil a chnead[h]

dob é an t-easgur dúinn nó an don

dob é créachtghuin chríche Breagh

Séafraidh teagh sgíthe na sgol.


14 An crú Loghasa as glan gníomh

na folasa dhamh as dual

ná tug lén do ré mo ríogh

A Dhé do níodh don trén truagh. Truagh


15 Nár chailltear a leannán lé

Siobhán is doinntiugh dlaoi

bean do char an fhéile h-í

ná rabh sí fa a céile ag caoi.


16 Súr anma don mhínghil mhóir

crú Mhei(g)c Fhínghin fhearrdha fhéil

fuil Ó cCar(r)thaigh is crú Bhriain

tarthaigh na ndiaidh a clú a ccéim.


17 Cneas fuairgheal as fionnghlan folt

ní h-iongnadh uaisleacht a beart

ní slighe cháinte a ciabh (a)nocht

riar bocht is cáinte dho chleacht.