Poem in printable PDF format
Aislingthe
do-chonnac-sa
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 21]
1 Aislingthe do
chonnacsa
is mé gan
chodladh rathrom:
dam nior shásadh
codalta
mo cheirtleath do
bhuain asam.
2 Atá aithbhear
agamsa
ar Chríost ris
nár chóir deabhaidh:
mar do scar sé
mh’anamsa
riom féin, is mé
im beathaidh.
3 Dó féin do ba
éigcneasta
sinn do scaradh
re chéile;
sinn riamh ’nár
lucht éinleaptha
mar do chum an
flaith féine.
4 Ní dom dheoin
mo dhealachadh -
air seo is fiadha
rí nimhe;
gan againn cúis
deaghalta
is mairg do
dheaghail sinne.
5 Mairg do mhac
na fíoróighe
rug an aoinbhean
do thoghas
is go raibh ’gár
dTríonóidne
mná na cruinne ar
a chomas.
6 Ó nár leig mac
mórMhuire
di bheith níos
sia ’ár n-iomdhaidh
go dtuga sé
trócaire
dom anam is dom
ionmhain.
7 Do-ghéanainn a
marbhnaidh-se
dá léigeadh a
grádh dhamsa
dámadh fhearr dá
hanmainse
ná guidhe ar son
a hanma. A.
8 ..fa mó a
dóchais-se
’s ar ndóchaisne
re fada
...................óghMhuire
inghean Iaichim
is Anna. Aislingthe.