Poem in printable PDF format
Truagh cor
chloinne hÁdhaimh
[Cuthbert
McGrath, O.F.M., ‘Three poems by Bonabheantúra Ó hEódhasa, O.F.M.’,
Éigse 4, 175-96]
Bonabheantúra
(alias, Giolla Brighde) Ó hEódhasa cct.
S. Bearnárd do
chum an dánsa san teangaidh Laidne, a dtarcaisne an tsaoghail, ní
sa líonmhaire iná mar atá annso. An bráthair bocht
rémhráidhthe (Bonabheantúra Ó hEódhasa) do chum a nGaoidhilg
an mhéid-si dhe.
1 Truagh cor
chloinne hÁdhaimh -
aimhghlic ceird
an chonnláin;
díomhaoin dóibh a
deighréir
glóir dhíomhaoin
an domhnáin.
2 Aoibhneas, is
fháth tuirsi,
toice bhocht an
bheatha:
téid a gal s[o]in
seacha
mar ghoil ré gcar
gceatha.
3 N[í] fhuil
innte acht lasair,
nó litre
ar leic oighridh,
nó brúcht
shoighnéin shiobhlaigh
ar dtoirléim ó
thoirnigh.
4 Truagh, truagh
don tí mheallas
moil bhréigi is
beag dtoraidh;
gnáth diombuadh
’na dheaghaidh
bláth diombuan an
domhain.
5 Glóir
dhíomhaoin an domhain
duille a ngaoith
ar gluasacht;
treall, dá
bhfaghtha a [h-]iasacht
gabhtha greann ré
a guasacht.
6 Mairg do-gheibh
an nglóirsi;
gearr mhaireas a
meadhuir;
’s biaidh, go
cian, fá a comhair,
an phian ’na
diaigh dleaghair.
7 Caidhe a-nois
neart Sámsóin,
nó saoirEarcuil
shlaitshídh,
neartghoil Chon
an Chleitín,
gomh Eachtair nó
Aicíl!
8 Cáit fós a
bhfuil Solamh,
saoi go n-eagna
n-iomláin,
nó an ríomhac
seang soghráidh,
Ionat, do
bfhearr n-iomráidh!
9 Caidhe cumhacht
Shésair
nó sén
Aileaxandair!
caidhi an carn
chlach gcumhdaigh,
rath na n-arm nó
an ardghoil!
10 Caidhe áille
Abslón,
inntleachd
Ariostotuil,
teanga thrén
Thuil Sicir,
ó bhruil frémh
gach focuil!
11 A cholann, a
cholann!
ad-chí cealga an
tsaoghuil;
bíoth ort iná
n-<u>amha[i]n
a chríoch bhochd,
a bhaoghuil.
12 A bheatha
bhiasd gcíordhubh,
a charn luatha ar
luaghal,
a bhláth ghég ar
ngránadh -
créd is
fháth dot uabhar!
13 Gearr go mbia
béisd chíocrach
ag creinn do
chnámh rolom
a mbrugh chriadh
bús cumhang,
a bhiadh crumh, a
cholann!
14 Gearr go mbia
an béal corcra,
’na chriaidh
fhuair d’éis dubhaidh,
’s meoir
thiomchaola an troighigh
fa fhionnchaonna
ar uluidh.
15 Budh iomdha go
h-aithghearr,
a n-áit na rosg
rédhghlan
’s fán taobh
seada sídhgheal,
leaba ag daol gá
dérghadh.
16 Ag sin críoch
do chumuinn
ris an gcruinne
gcealguigh,
má a-taoi ar tí
do chumhduigh
ná ad claoi, a
chlí, dá cearduibh.
17 Muna
fhaghthar uaibhsi
umhlacht,
aigneadh síothbhuan,
grádh coitcheann
gan chlaochlódh,
bhur
bhfoirchionn budh fíorthruagh. TRUAGH.