Poem in printable PDF format
Truagh do
bheatha, a bhean a-réir!
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha, no. 73]
1 Truagh do
bheatha, a bhean a-réir!
an ngoilleann ort
féin mar taoi?
ní chuala féin
thuaidh ná theas
leath th’ainnise
ar fhear ná ar mhnaoi.
2 Ar chréatúir
dár chruthaigh Dia
ní chuala riamh
leath bhar n-olc;
don duine is
boichte fán ghréin
ní thiubhrainn
féin mo dhéirc thort.
3 Gach martra dá
bhfuilngeann tú,
gach crádh
croidhe, a chúl na sreath,
dá bhfuilngeadh
sibh ar son Dé,
do rachthá gan
péin ar neamh.
4 Más dod dheóin
ataoi mar sein
ní mór gur
bh’fhearr dheit, dár ndóigh,
dá mhéad {coir}
dá ndearna tú,
dol ar do dhá
ghlún don Róimh.
5 Is truagh leam
nách léigthear doit
gidh beag
féachain soir ná siar;
dom dhóigh, ní
léigfidhe leat
a rádh go madh
geal an fiach.
6 Gé ’taoi
cosmhail mar chuid súl,
badh gearr
mhairfeas tú mar taoi;
ionann do bheatha
’gus bás;
dar leat, tugais
grádh do mhnaoi.
7 Cuid dod dhonas
[dia do bhéad]
nách deacha tú
d’éag ’na thráth;
uch, mo
thruaighe, ataoi fa-ríor!
id chairdeas
Chríost ag an mbás.
8 Ní mór an
truaighe atá dheit, -
móide a dhonas
dod dhreich naoi;
do chreidfeadh
cách cumhacht Dé,
muna bhfaicdís
féin mar taoi.
9 Iomdha giolla
séaghain suairc
do bhí san
riocht-soin uaid féin;
ní bhí an saoghal
acht fá seach;
truagh do
bheatha, a bhean a-réir.