firstLine"; ?>

1885. Truagh do chor a chroidhe tim $
Length: middling c. 16qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere (abroad ?)
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 625 (3/C/12) O’Curry trscr. of BOCD
  2. Bruss.Bib.roy. 6131-33 Bk O’D’s dau.17c
  3. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no. 4 Duanta ERM
Motifs:
  1. poet invoking blessing
  2. poet insulted by patron
  3. Foreign conquest of Ireland
  4. sickness
  5. proverb q. 5
Poet Christian Names:
  1. Eoghan Ruadh (Bib.roy.6131-33, BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Rughraidhe
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1608
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Truagh do chor, a chroidhe tim


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 4]


Eoghan Ruadh Mac an Bhaird .cc.


1 Truagh do chor a chroidhe tim;

beag an díoth t’olc no t’inghreim:

ón mheid toirbhire do thoil

téid bhar n-oirbhire a n-asgoidh.


2 Urusa t’ionntódh ar ais,

mór do-gheibh fios bhar bhforais,

truagh do chor, ní cás do shíodh,

gá ttás do dhol a ndeimbríogh.


3 Ná seachnadh duine ar domhan

bhar ngríosadh, bhar ngortoghadh:

as t’uchd ní hintinn meisi,

gá dulc t’inntinn uaisleisi?


4 Gibé sgél do reacadh ruinn

an tráthsa a ttaobh Í Dhomhnuill,

mo náire ’na amhghar ort,

adhbhor gáire do ghluasocht.


5 Do-chím tar chenn gach diomdha

uaim dar thuill mo thighiorna

ar a chneidh nach coduil sibh,

neimh bhar gcoguidh do-cíthir.


6 Caidhe an chúis do chuiris róibh,

caidhe an uaisle no an onóir,

caidhe an fhearggomh ané anois,

más sé do threaghdadh tárrois?


7 A ndíaigh a n-abruim oruibh,

a chroidhe bocht banamhail,

fa fhlaith sriobhshrotha Sligigh,

maith t’ionghotha im fhoighidin.


8 Lámh Í Dhomhnuill Dúna ós Sáimh

d’easgor más fhíor san Eadáill,

cúis bhar n-amhluaigh ós sí soin,

ní hí an anbhuain gan fhochoin.


9 Gidh eadh, ní hé h’eagla féin

budh cás libh, gér lór d’oilbhéim,

achd don triall tarla roimhe,

’s d’iath Bhanbha go mbeanfoidhe.


10 D’éis a ndearna go nua anois

san easgor fuair flaith Bearnois,

gá ttás robadh soiréidh sionn

achd cás oiléin na hÉirionn.


11 Gibé mar tá ar reacadh ruinn

dá gcluineadh críoch Clann gConuill,

do mheasfadh a míobhuadh féin,

an easghlan shíodhfhuar shoilléir.


12 Dá gcluineadh sliocht Gaoidhil Ghlais

a gcuala ó mhac mheic Maghnais,

budh mór bhfáth gcomhrúin fá a cheann

ag bláth fhionnmhúir na hÉireann.


13 As sé adéara gach duine,

dá bhfillti réim Rudhruidhe

cia linn do laoidhfidhe anocht,

ó saoilfidhe inn d’fhurtocht?


14 An Coimsidh do-chí bhar ndáil,

a chríoch Mhac Mileadh Easbáin,

go bhfégha ort is oirne,

sgéla ar olc nár fhaghoimne.


15 Bíodh nach cás ar dearbhadh dhúinn,

biodh nach budh filleadh fortúin,

iomdha anoss fá dhoghruing de,

’s ní a los Í Dhomhnuill Daoile.


16 Easgar láimhe laoich Éirne

tug ar chridhibh coimhéirghi:

an teidhm tárra go ttí uadh,

ní bhí achd námha léan neamhthruagh.