firstLine"; ?>

1886. Truagh do thosach a dhuine $
Length: short 12qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 20(23/M/30) E.O Caoimh 1684-1707
  3. TCD 1411(H.6.7) D. O Conaill 1737
  4. NLI G 40 18th cent.
  5. RIA 9 (24/L/5) S. O Conaill 1764
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 49-50
Motifs:
  1. envois to BVM and Michael archangel
  2. king’s officer: maor
  3. Judgement Day
  4. Sin and penitence
  5. inevitability of death
  6. Old age
Poet Christian Names:
  1. Aonghus (RIA 9, TCD 1411, NLI G 40)
  2. Donnchadh Mor (RIA 20)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh Fionn
  2. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Truagh do thosach, a dhuine


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 41]


1 Truagh do thosach a dhuine

ar dtocht i dtruaill talmhuidhe

fios an sgeoil ua[n] ag gach fhear

is truagh fa dheoidh do dheireadh.


2 An uair théi[d] an aois fhoirbhthe

ciall do chuirp ní críochnuighthe

ag dul i n-aois óige dhaoibh

do bhaois is móide a mhacaoimh.


3 Ní faghthar uaibh i n-aois leinbh

acht t’ói[ge] dia do dhíbheirg

cúis truaighe a chuirp gan chreidimh

[uilc] na huaire d’fhaoiseidin.


4 Fill[eadh] choidhche [ba] leasg libh

i meadhón t’aoise a óig-fhir

do ghlún re mire meanma

do shúr tighe an Tighearna.


5 Is ann as mheasa an mhórdhacht

mar théid sibh i seanórdhacht

is deacair a dhuine mhir

do pheacaidh uile d’áirimh.


6 Na huilc mar súd ná mar so

ní bheire eolas orra

mór an guaiseacht a chuirp chriadh

gluaiseacht an uilc ar aoin-rian.


7 A dhuine bhoicht ná bí bog

sul deach an t-anam asad

déine aithrighe i n-am chóir

ós ann caithfidhe an cuspóir.


8 An uair bhias do bhéal go bán

is do chéadfaidh ar gclaochládh

is préamh na súl ag sileadh

do lúdh féagh an bhfaicfidhear.


9 Mar fuaghfaidhear éadach taoibh

fad chorp a-muigh a mhacaoimh

gé tá an chruinne go fóill faoibh

do ghlóir a dhuine is díomhaoin.


10 An tan do chífe an gcrois ndeirg

Mac Mharia ag tocht fa throim-fheirg

féach nac mall aithnighe a fhir

nach am aithrighe an uair-sin.


11 Ní mhaithim do Mhuire mhóir

Maighdean tiomsuighthe an tionóil

eagail leam lá na deaghla

im cheann ó tá an Tighearna.


12 A Mhíchíl ní mhaithim daoibh

bí ar coimhéad m’anma a ard-mhaoir

sul bheas mo rosg go fann fuar

gan tocht id rann is ro-thruagh. TRUAGH