firstLine"; ?>

1888. Truagh gan Maghnas na mhac riogh $
Length: short 15qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid (1546 ? AFM)
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Motifs:
  1. nobility of blood
  2. patron’s liberality to poets
  3. poet attacked and exiled
  4. dangers of satire
  5. oireacht
Poet Christian Names:
  1. Cucoigcriche (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Patron Christian Names:
  1. Maghnus mac Aoidh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (1537-55 d. 1563)
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Truagh gan Maghnus ’na mhac ríogh

[NLI G 167, 117]

(see ’A Poem Book of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61, 130-42; poem 33)

An Cu Choigcriche remhraite don Maghnus chenda.

[Rannaíocht Mhór, Dán Díreach]


1 Truagh gan Maghnus ’na mac ríogh

ga mac do sháraigh a shén

a nert ga haird um nar iadh

mairg le budh mian techt le a thrén.

2 Ar ndul aige ar an tír thuaidh

an rí-si le raibhi ar súil

mac riogh fa treisi ar gach taoibh

do shaoil m[e]isi gur dhion duinn.

3 Mac Aodha fa hoirdherc gnáoi

slat d’fiodhbuidh tolcha Da Thí

do réir na ngníomh do ghlac sé

dob é ’na mhac riogh fa rí.

4 Sé ’na Mhaghnus dháibh fa díon

ris an dáimh go ttárla tnúdh

slat pailme do dhligh ar ndíon

mac riogh sin fa daighne [leg. daingne?] dhún.

5 Ad Mághnus ni frioth ar bfaill

ga crioch nar chabhrais go tuinn

móide as náir gan anair inn

red linn a bhranain chlair Cuinn.

6 Fachain diomdha a úa na nAodh

dot fhiodhbhuidh fa dual ar ndíon

gan tú ag cur linn mar as lór

ar n-ór red linn ar ndol díom.

7 Do bhen rinn a dhochar dhúinn

red linn i ccrothaibh do-chuaidh

a oireacht gan rígh do réir

roinert ar chléir sa tír thúaidh.

8 Mé ar dibert o thír do thír

oir as é as rí ar an tír thuaidh

’s gan labhradh oraibh fa[n] áoir

dhaoibh dob adhbhar gora[i]dh grua[i]dh.

9 Baoghal d’fuil Chonaill is Chéin [118]

go bfuil romhainn guin do ghruaidh

os d’iomardadh ar fhuil Táil

nár don fhuil mh’ionnarbadh uaibh.

10 Fulang m’ionnarbaidh uait féin

mh’ionnarbadh nir dhual dot dheóin

d’éis ar sháraigh do chlú cáigh

nár do chrú Dálaigh fa dheóigh.

11 Da fhuil riogh ghabhus it ghruaidh

fada re ar-oile a bfioch féin

diomdha ag fuil Dálaigh ar dháimh

[i]s báidh re fuil naraigh Neill.

12 Sinn tenn as na rioghaibh ríamh

gur líonadh le ar ttenn do thnúdh

ní mór leam on rellan ríogh

sídh re ar ttenn do denamh dhúinn.

13 Guais don rígh-se adhaint n-(d)áor

fam dhíbert gan fhachain úadh

sáth beadhgaidh gach robhadh riamh

do cherdaibh cliar goradh gruadh.

14 Tren fileadh ’ga rádha riamh

do Mhaghnus dlighth[e]ar ar ndíon

da bfuilngeadh sé techt rer ttrén

do budh sgeal é ar an reacht ríogh.

15 Rioghradh Temhrach fa a thaobh nua

sa dá Aodh rer cenngad clú

a rath ar bráth buan a-tá

ga lá nar sduagh a rath rú. Truagh...