Poem in printable PDF format
Truagh liom Máire
agas Mairgrég
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 8]
Fearghal Óg Mac
an Bhaird .cc.
1 Truagh liom
Máire agas Mairgrég,
ní beó bláth na
n-umhailghég:
do chuir siad a
nduilli dhíobh,
dá bhuime iad don
imshníomh.
2 Fa ríor, fa
ríor, nocha nfhuil
braon ’na
ccroidhibh ón chumhaidh:
dá sheisi shuadh
fhóid Uladh,
truagh mar táid
ar ttiormughadh.
3 Ionand toirrsi
dhamhsa is dóiph,
Aodh Ruadh
céd-damhna ar cciachbhróin,
Rughroidhe Cabha
dár ccrádh,
mana turbhuidhe a
thérnádh.
4 Tréd bhocht gan
aodhaire inn
Cathbharr, cend
einigh Éiriond,
fá líg thrá, ga
truaighe dál,
atá uainde san
Eadáill.
5 San Eadáill na
n-eas dtana,
ionand is ég
Nualadha,
atá géis
chnómhoighe Chuinn,
cróluighe dhá
héis oruinn.
6 Nualaidh
dhuaislíonmhar, dóigh cháigh,
mairfidh go
laithe an luanbhráith,
tosach garma chrú
gCriomhthain,
clú a hanma idir
Éiriondchaibh.
7 Do beanadh
dhínn, dia do chor,
abhus ar tús,
tuar cumhadh,
súil mhallghlas
dar chreite a ccath,
Maghnas eite na
nUlltach.
8 Ar Mhaghnas mac
Í Dhomhnoill,
a ccrích Uisnigh
iobhardhuind,
cuire a
chomhaoisi nír chinn,
ro-Naoisi fola
Feidhlim.
9 Ceithre
héigneadha ón Bhóinn bhrais,
ceithre mic
d’Aodh mac Maghnais,
cuan dreagan nár
dháil a rún,
dháibh nír
bh’eagal acht iomthnúdh.
10 Ní
faicfidhear, foirbhthe an béd,
lorg a
ccraoitheadh ná a ccroimsdéd
fán Eithne, fán
Máigh mallfhuair,
ceithre cráidh an
Chonallshluaigh.
11 Seabhaic
uaisli Innsi Fáil,
ceithre creacha
chnuic Chruacháin,
ceithre
troimchreacha Teamhra
na doindchleatha
doigheardha.
12 Iongnadh Máire
do mharthain,
’sna haibhne nach
ionarthroigh,
as fiodhbhaidh
chríon chraoi Uisnigh
do shíor ag caoi
an cheathrair-sin.
13 Ní filltear
fiodhradh abhla
le hubhlaibh
feadh fionn-Bhanbha,
ná fiodhradh
chaillghég le cnoibh,
iongnadh Mairgrég
do mharthain.
14 Ní hí Mairgrég
ná Máire
chaoinim, is cúis
diombáighe,
acht an cor-sa ar
cró na bhFionn,
mó sa mhó osna
Éiriond.
15 A gceithre
dearbhbhráithre ar ndol,
Máire is Mairgrég
mhúir Chruachan,
cosg ag dol do
shíor ar shuan,
a ccor fa ríor is
rothruagh.