firstLine"; ?>

1890. Truagh liom-sa a chompain do chor (al. ‘liomsa’) $
Length: very long c. 90 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Ulster
  2. Elsewhere Louvain
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Louvain edition of Teagasg Criosdaidhe
  2. RIA 90 (24/P/12) O Clery school -1648
  3. Göttingen Hist.773 A. O Conch. 1659
  4. BL Sloane 3567Cuch.Maguire
  5. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
Prints:
  1. transl. Dan na mBr. Mionur, no. 9
Motifs:
  1. imagery for subject (bad patient)
  2. imagery for body (or rather for will - horse)
  3. the Devil
  4. renunciation of the world
  5. Friar
  6. Rejection of Lutheranism and Calvinism
  7. Biblical allusions
  8. poet’s companach
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (Louvain ed.)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Meter Vars:
  1. Rann Mhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Truagh liomsa, a chompáin, do chor


[Cuthbert McGrath, O.F.M., ‘Three poems by Bonabheantúra Ó hEódhasa, O.F.M.’, Éigse 4, 175-96]


Bonabheantúra (alias, Giolla Brighde) Ó hEódhasa cct.


1 Truagh liomsa, a chompáin, do chor;

truagh an modh ar a bhfuil sibh:

ní léir dhoit solas fán ghréin,

an dorchachd féin ní léir dhit.


2 Ar eiriceachd do thréig tú

Dia na ndúl is creideamh Dé;

méd an uilcsi tárla dhaoibh

- móide a [r] maoith - ní thuige féin.


3 Dá bhfaictheá, mar dho chíd cách,

an tsoillsi atá d’easbhuidh ort,

bhur ndorchacht do ba léir libh,

do thuigfeadh sibh féin bhur gcor.


4 Do thuigse, gér ghrianach glan,

do dalladh í dá toil féin;

truagh nách tárla ribhsi, ó thús,

liaigh dho fhóirfeadh thú ód phéin.


5 Dot fhurtacht do rachainn féin

acht go gcluin mé - meisdi ar ndóigh -

othar neimhneach ribh dá rádh,

nách léig lámh leagha dá chóir.


6 Ad ghoire, ó nách féaduim dol,

cuirsi chugain, ar son Dé

’s ar cháirdeas na sinsear róinn,

cúis th’easláinte dod dhóigh féin.


7 An dall atá an tuigsi riamh?

nó an í an toil lé mian an chuirp

do chuir an ceósa ar dho chéill,

soilse an chreidimh nách léit dhuit?


8 Más í an tuigsi, más í an toil,

is ciontach read chor tar céill,

bíodh ormsa an tuigsi dho chosg,

’s bíodh cosg na toile ort féin.


9 Más í an tuigsi is ciontach ruibh,

ag so dhuit a leigheas súd:

creid ón Eaglais briathra Dé

ós dí nochtas féin a rún.


10 Dise thrá nochtas a rún -

Eóin dá dhearbhadh dhúin is Pól;

Sbiorad Dé ré a hais do ghnáth,

ní bhí a r mearfall - gá dám dhó.


11 An Pápa ’s a ngabhann leis -

is í an Eaglas, a-deir mé;

ní fhoil eaglas oile acht so

againn a-bhus ar bioth cé.


12 Do gheall Dia, dá dhearbhadh sin

- iomdha sgr[i]optúir ribh dá rádh -

Eaglas shoifhaicsiona Chríosd,

nách cuirfithí síos go bráth.


13 Don Eaglais Rómhántha a-mháin,

do coimhleadh so - dáil go bhfios:

atá anuas ó aimsir Chríosd

gan chlaochlódh, gan díoth, gan sgrios.


14 Gach eiriceacht táinig riamh

mall do thriall nó is gearr do mhair;

mar sin, nách eaglas do Chríosd

énchuid díobh - ná labhrad Air.


15 Ná h-abradh thrá Cailbhín claon,

nó Lúitér nar chlaon ó bhréig,

nó gibé drong leanas díobh,

gur ab d’eaglais Chríosd iad féin.


16 Gibé h-eaglas leanas siad,

ní tháinig riamh rompa féin;

más í sin an eaglas fhíor,

cionnas shaorfaid Cosd ar bhréig?


17 Do réir a n-admhála féin,

cúig céd bliadhain tar éis Chríosd,

an Eaglas Rómhántha cháidh,

bá h-í a-mháin an eaglas fhíor.


18 Ionann dí an uair sin ’s a-nos:

iodhbairt, sacramainte, modh ’s bés,

creideamh, teagasg, cumhacht, brígh -

nír aithrigh sí a sdaid do ghrés.


19 Fán n-am soin dho bhádar ann,

aithre naomhtha, clann do Dhia;

gach a bhfoil againn a-nois,

is iad soin dho theagaisg siad.


20 Fán n-am soin tháinig ón Róimh

Pádruig naomhtha rér chóir súil;

gach a bhfoil againn a-nois,

is iad soin do theagaisg dhúin.


21 An creideamh dho theagaisg dhúin

Pádruig búidh, deisgiobal Dé,

má dho thréigseam, fionnam uaibh

cia h-í an uair dho thréigseam é.


22 Sighne seineagailsi Dé

ar ar n-eaglais léir dho chách:

atá ar lorg na n-easbal saor,

aondha, coitcheann, naomh do ghnáth.


23 Ar lorg na n-easbal atá;

ní beag ámh dá dhearbhadh so

a ndénadh céideaglas Chríosd

gach ní dhíobh do-níse anos.


24 Atáid easbuig innte fós

- dearbhadh oile is lór air súd -

ar lorg a chéile do ghnáth

ó ló Pheadair gus an lá a-niú.


25 Atá ar n-eaglas aondha leis:

aonchorp cumaisg gan cheilt inn;

aoncheann ar an gcorpsa atá;

na boill thrá do réir an chinn.


26 Coitcheann acht gidh geanmnuidh í:

gabhuidh sí gach neach lén toil;

atá in gach aimsir ann riamh;

do bhí in gach tír thiar is toir.


27 Naomhtha fós ar n-eaglas shaor:

beatha a naomh, a teagaisg dhúin,

iomad a míorbhal ’s a fádh -

lór, do chách, dá dhearbhadh súd.


28 Na sighnisi - maith a gciall -

gár n-eagluisne riamh atáid;

sighne codarsna, is olc bríogh,

gár n-easgcáirdibh bhíos ’na n-áit.


29 Iomdha dearbhtha nach iad sei[n]

- mun bhudh fhada bheith gá ríomh -

dhearbhas gurab í so amhá[in]

an eaglas cháidh dho thogh Críosd.


30 Marsin gurab creidthe dhuit

gach ní ruibh dá n-abrann súd;

creidthe uaithe briathra Dé

ós dí nochdas féin a rún.


31 Lúitér, Cailbhín, taoibh ré taoibh,

san mhéid ghabhas dá dtaoibh súd

mó is inchreidthe eaglas Dé

ós dí nochdas féin a rún.


32 Mairg chreideas Lúitér na n-olc:

olc a choingheall, olc a chiall,

olca na teagaisg tug uaidh,

’s is olc ana t-oide ó bhfuair iad.


33 Do rinne bhréig ré Dia mór;

mairg do chreidfeadh dhó dá éis,

brég ré daoinibh, amhlaidh sin,

cosmhail, ris, go ndiongnadh sé.


34 Bochtacht, óghdhacht, umhlacht réidh,

do Dhia féin do gheall san iad;

do briseadh leis - beag dhá ulc -

na trí móide tug do Dhia.


35 Tug bochtacht ar shaidhbhreas mbocht;

do thréig umhla ar a thoil féin;

cailleach dhubh aige ’na mnaoi,

’na mhanach gé dho bhí sé.


36 Oide foghlama fuair sein -

an diabhal, mar a-deir féin;

gibé mar sin chreideas dó,

don diabhal fós chreideas sé.


37 Mairg do chreidfeadh Cailbhín fós,

plannda oile a pór na loch[d];

oide Lúitéir, Lúitér féin -

do sháraigh sí iad ar olc.


38 Ughdar gach uilc, do-ní so

do Dhia ghlórmhar - olc an chiall;

ionann dósan agus soin

a rádh [n]ach foil Dia ’na dhia.


39 Gur pheacaigh Críosd, aonmhac Dé,

a-deir sé - ní fearr an chiall;

ionann dósan agus soin

a rádh nach foil Dia ’na dhia.


40 Atá ar buile - táir a chiall! -

nó ní h-ionann dia atá róinn:

dia oile, cosmhail ris féin,

is eadh adhras sé dar ndóigh.


41 Ar an ndia, dá n-adhrann féin,

olc labhras - gibé is dia dhó;

an Dia fíre adhras cách

ní creidthe thrá, air, a ghlór.


42 Ní abraim go ndearna soin

adhaltrannas is goid go lór;

achd ghibé dho-ghénadh iad

measaim nár chreidthe ar Dhia a ghlór.


43 Na coirthe fá deara ar tós

Sodoma do dhódh go lár,

ní shaorfainn nách dearna riamh

’s nach dénadh fós iad do ghnáth.


44 Fiafraigh dá shlinnénnuibh féin,

fiafraigh dá bhuachaill shéimh shlim

’s do Bhésa, dá dhalta dil;

a n-abruid sin, creidfidh sinn.


45 Ar áirmheamar sonn anois,

sa gcéd urdail ré a gcois súd,

meastha ar an ndís do níodh iad

nach dóibh dho nochtfadh Dia a rún.


46 Meastha fós nách bíodh ré a n-ais

an Sbiorad naomh, an fhlaith fhíor,

dá gcoimhéd mar eaglais nDé

ar sheachrán ’s ar bhréig, do shíor.


47 Ní chreidfeadh acht duine leamh

don dís sin is dá lean iad:

míle brég i n-aghaidh Dé

’s ’na n-aghaidh féin do níodh siad.


48 Ní creidthe dhaoibhsi, is é a chríoch,

rúindiamhra an ríogh uatha súd:

creidthe ón Eaglais briathra Dé

ós dí nochtas féin a rún.


49 Atáid briathra Dé ar dhá mhodh

- creidthe ón Eaglais gach modh díobh:

cuid dhíobh san sgrioptúir atá,

cuid ar cuimhne ag cách do shíor.


50 An sgrioptúir, gidh líonmhar dhó,

a chreideamh narab lór leat:

iomdha neithe a-dobhairt Críosd

nár cuireadh ann síos fá seach.


51 A theagaisg mhionca gach laoi,

a ndearna in gach taobh ’nar ghabh -

cia an sgrioptúir, mar a-deir Eóin,

’na dtuillfeadh, fa dheoigh, a leath.


52 An mhéidsin nár sgríobhadh dhíobh

(briathra Críosd, airdríogh na ndúl)

gnáthchuimhne ar sean diaigh a ndiaigh

choimheadas, gan chiaigh, iad dúnn.


53 Gan sgríbhne mar sin do ghnáth

dho thoirbhir cách briathra D[é],

ó Ádhamh go Maoisi a-nuas,

gach drong nua don droing dá h-éis.


54 Do bhí fós an Tiomna Nua,

sealad anuas tar éis Chríosd,

gan sgríbhne, ar cuimhne, do ghnáth

’s dá creideamh ag cách do shíor.


55 Gibé adeir nách creideann sé

acht don sgrioptúir féin amháin,

fiafruighim dhe an gcreidthear leis

más é an sgrioptúir sein ’na láimh.


56 Dá n-abradh nách creideann féin

sgrioptúir Dé gur ab é sein,

fiafruighim deisean arís

créd fá gcreideann an ní a-deir.


57 Dá n-abradh go gcreid - gá dú -

gur ab é súd sgrioptúir Dé,

an treas feacht, fiafruighim dhe

nar légh sein san sgrioptúir féin.


58 An bhfacaidh san sgrioptúir riamh

- nó má dho chonnairc, cia an ball -

soisgél Lúcáis do bheith fíor,

soisgél Tomáis gan bhogh ann.


59 Bheith d’óghMhuire riamh ’na h-óigh,

baisdeadh leanbh gur chóir dho ghrés,

bheith ar an ndomhnach don Cháisg -

san sgrioptúir, fós, cáit ’nar légh.


60 Gibé le gcreidthear iad so,

creidthe dhó - nó atá gan chéill -

nách lór an sgrioptúir a-mháin

gan chuimhne ngnáith bhréithre Dé.


61 Cia an sgrioptúir is creidthi thrá,

cia an ghnáthchuimhni a-tá fíor -

a gciall araon, muin ar mhuin,

creidthi ón Eaglais gach cuid díobh.


62 Más í an tuigsi bhuaidhreas tú,

ag so a leighios - gá dú dhó -

muna fhoghna a n-abraim dhí,

do-ghéabha arís ní sa mhó.


63 Más í an toil is ciontach ribh,

slán libh, ní bheanabhsa dhí;

a leigheas ní ghébh re h-ais,

aithnidh damhsa go maith í.


64 An toil, dar ab seisi an corp,

buain uimpe ní bog an céim:

péis doicheannsa iná soin

nír dhealbh Dia, ní fhoil fan ghréin.


65 Ar fhuláireamh Ríogh na nDúl,

sruth Iordáin ar gcúl do th[ri]all,

a grinneall do nocht an mhuiir,

dá gluasacht do sguir an ghrian.


66 An pobal dár choisg mar súd

gluasacht nádúrtha dhúl mbalbh,

ainmhiana a dtoile do chosg

ní fhuairsean uatha a los arm.


67 Iomad míorbhal, iomad plágh,

bagar gnáth báis agus pian -

cosg a[i]nmhian Fhoruinn, an ríogh,

ní thá[i]nig díobh, nír fhéd siad.


68 Tionól Ifrinn an chraois duibh,

teaghlach nimhe, a bhfuil fán sbéir -

ní bhérdaois uile a los gleóidh

buaidh na toile, acht dá deóin féin.


69 Each fiadhtha ó nách fághthar fos,

a los eagla ná a los gráidh,

ní leig acht dá marcach féin

gidh glacadh a sréin amháin.


70 Meince a chách do trasgradh lé,

a marcach féin gidh é ann;

Solamh, Sámsón, Dáibhíoth naomh,

aithnidh dhóibh a taom nách fann.


71 Sámsón acht gér chalma a neart,

Solamh, gér ghaoth ceart a chiall,

gér naomhtha Dáibhíoth go ngaois -

ainmhiana a dtoil do chlaoi iad.


72 Leigheas na toile do láimh

ní ghébhsa thrá - ní náir dhúinn;

ag so síos duitsi, ghidheadh,

teagasg beag ’na h-aghaidh súd.


73 Do chéidneithibh sgrúd go grian

an chúis fár chruthaigh Dia an tail:

ionnas go dtugadh, do ghnáth,

fuath don ulc is gdh don mhaith.


74 Maithe an domhuin, leath ar leath,

dá measthaoi linn fá seach iad,

maith fhíre, gan chumasg n-uilc,

díobh uile, ní fhuil acht Dia.


75 Tearc aonmhaith aca dá bhfuil

gan a h-urduil uilc ré a h-ais;

a n-uilc uatha féin atáid:

ó Dhia amháin fuairsead a maith.


76 Mar sin gur ab é Dia a-mháin

is aon chusbóir gidh don toil;

ní h-ionghráidh, acht ar son Dé,

aoinní oile fán ghréin ghloin.


77 Ar mhaith mbréige nách buan ré

trégadh Dé do ba díoth raith -

an mhaith gan fhoircheann gan chrích

an mhaith fhíre ó mbí gach maith.


78 Mairg do thréigfeadh Dia na ngs,

tobar lán shileas do shíor,

ar an saoghal, lag na bpian,

ar an gcuirr gcriadh théid i ndíosg.


79 Solas an bheatha, mairg tug

ar phríosún ndubh, ar uaimh gceó;

an fhoraois aoibhnis do bfhearr

mairg dho thréig ar ghleann na ndeór.


80 Gleann na ndeór an saoghal bochd:

gan ann acht gol ná fáth guil;

príosún don tí thuigeas é:

uaimh dhorcha don té nách tuig.


81 Ní díol gráidh a bhfaghthar uadh:

díol ar fhuath an saoghal féin;

deoch neimhe a thiodhlaigthe thrá:

lomnán don bhás is d’fheirg Dhé.


82 Lán do bhochda a thoice mhór;

a aoibhneas fós lán do mhaoith;

an mhéid is milis dá ghrádh

ní bhí acht lán do dhom[b]las aoi.


83 Mairg charas a shaidhbhreas bocht:

beag a tharbha ag dol san n-uaigh;

a shealbh san tsaoghalso féin

mó dho phéin don fhoirinn fuair.


84 Fríoth lé Solamh saidhbhreas mór;

aithnidh dhó nách mór a bhrígh;

díomhaoineas de ghoireas sé

’a crádh inntinne an té gá mbí.


85 Beag tháireas an bheach dá mil;

a bhfríoth libh ar feadh do ré

saothar a chruinnighthe ort,

a tharbha so ní leat féin.


86 Dá gcongmhae agat do mhaoin,

bhudh beag a tarbha daoibh féin:

a coimhéad ortsa do ghnáth,

a caitheamh ag cách tar h’éis.


87 Ar dho cháirdibh ar do chloinn

do bhiadh tarbha ’na roinn súd,

an phian shíor tuille ar a son

dá bhfédthá mar so a roinn riú.


88 Dá bhfédthá, mar nách féd tú,

an phian tsíorsa riú do roinn,

roinn di[si] ní ghébhadh siad -

mairg do thréigfeadh Dia ar an ndroing.


89 Díomhaoine na toice ad-chí

dá madh léir doit í ón toil

aoibhneas bréige an bheatha cé

díomhaoine thrá é iná soin.


90 An t-aoibhneassa - gá dám dhó -

gearr mhaireas, ní mór a bhríogh:

an phian toilltear ar a shon

ma[i]rfidh so tré bhiotha síor. Truagh.