Poem in printable PDF format
Truagh m’aister
go hArd Sratha
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 10]
1 Truagh m’aister
go hArd Sratha,
mo thoisg is dáil
deaghratha;
ar son nach
eusguidh uaidh inn,
a fheuchuin ní
fhuilngim.
2 I nArd Sratha
na sruth nglan
atá uaimse ’na
aonar
drong bhíos i
gcoimhne ar gcumhadh,
dream rér doilghe
dealughadh.
3 Dol ar cuairt
’na gcenn soin
go leabaidh
Easbuig Eoghoin
ca slighe dhúnn
as deacra?
rún mo chridhe an
chuidechta.
4 Uch, ní fhaicim
m’aos cumtha
’s ní clos linn a
labhartha;
doiligh ar
gcuairtne ’na gceann,
dá uaithne oinigh
Éireann.
5 Toirrdhealbhach
nár ob iomghuin
is Art óg, mac
Toirrdhealbhaigh,
móide ar léinne
leth ar leath,
a mbeith le
chéile i gcuibhreach.
6 Ba meinic mé go
meanmnach
ag Art óg ’sag
Toirrdhealbhach,
mo bharr moirne
ag duine dhíobh
ag luighe oirne
d’imshníomh.
7 Do bhí am nár
soileadh sin
a mbeith mur táid
uair éigin,
laoich do
chuartoigh an tír thall,
i n-uamhoibh
criadh go cumhang.
8 Adhbhar maoithe
le meanmain
díoth Airt,
easbhuidh Toirrdhealbhaigh,
mur [a]táid ag
snoighe ar súl
[is] báidh mo
chroidhe ar gclaochlúdh.
9 Bás
Toirdhealbhaigh is ég Airt
tug Éire gan
fhear tochmhairc;
bheith dhí gan
oighre gan fhear,
ca ní as doilghe
fá dheireadh?
10 Briseadh
croidhe, clódh meanman,
fáth bróin,
dosgadh doimheanman,
ég an oighre ’san
athar
tréud rér doilghe
dealachadh.
11 Tuar maoithe,
mana doghra,
caomhthoigh an
aois ealadhna,
beith dháibh ’na
loighe ar gach leath
láimh reroile go
huaigneach.
12 Cupla seabhac
Síthe Truim
do chleacht mé,
móide ar ndoghruing,
mairg do chealg
caidreamh na bhfer
do shearg
m’aigneadh ós íseal.
13 Truagh liomsa
i leabthoibh cumhga
ríoghradh nach
úair easumhla
dhá mhúr dhaingne
chlann gCobhthaigh
dhá chrann
fhailme d’Eoghanchaibh.
14 Dhá churaidh
do chongbhadh síoth
dhá
chuartuightheóir na gcoigcríoch
tairic sgarthoin
an ríogh rinn
dha bhríogh do
arthoigh m’inntinn.
15 Dá líg
lógmhura Leithe Cuinn,
leannáin dhísle
Dhúin Genuinn,
’siad araon as
chrádh croidhe
lán gach aon dá
n-eolchoire.
16 Mana truaighe
mur táid sin,
dhá inneoin an
uird ghaisgidh,
re taobh aroile
san úir;
a loighe araon ní
hiontnúidh.
17 Días rér
sgaoileadh tech Teamhrach
Art ’sa athair
Toirrdhealbhach,
Toirrdhealbhach
’sa oighre Art
foirne ón
hoirbhearnach m’amharc.
18 Bás
Toirrdhealbhaigh is Airt óig
mór dtír dá dtéid
i n-urchóid,
díth na bhfersoin
ar fád Fhloinn
mur tád ’na
n-easbhaidh oroinn.
19 Ní hé araon a
n-oidhidh féin
táinig dhóibh,
díochra an oilbhéim,
doiligh an ndáil
ceann i gceann,
acht oidhidh
cháigh go coitchenn.
20 Cia bhus rí i
nEamhain iobhraigh
tar éis Airt mhic
Thoirrdhealbhaigh?
cia dán cnesta
táth Temhrach,
ó’n tráth teasta
Toirrdhealbhach.?
21 Art mac Uí
Néill is Ó Néill
dá gcuimhnighim
cuid dá gcaithréim
ní fhuighinn áit
gan fhoghal
cáit a n-uighinn
m’anaghal?
22 Ní fhuil iath
nár airgsead soin
ó shruibh Bruin
go Beinn Éadoir,
ná ó Bhóinn go
hAird Uladh
mairg dán cóir a
gcuimhniughadh.
23 Go logha Dia a
ndernsad dóibh,
a mbeith mur táid
is tuar dubróin;
do shlógh Eamhna
budh hegoil,
mór mberna do
bhriseadair.
24 Ríoghradh an
uaignis annoimh
beannacht uaim re
[a] n-anmannaibh,
re taobh aroile
san uaigh
’na loighe araon
is rothruagh.