firstLine"; ?>

1895. Truagh sin a chinn mo chroidhe $
Length: middling 19qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 639 (24/M/43) S. O Dala 1848
  2. Cambr. Add. 6532 (e) S.H. O’Grady 19th c.
  3. RIA 2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9(index)
  4. RIA 17 (23/M/27) E. O Caoimh 1684-
  5. RIA 125 (23/E/14) S. O Dala 1846
Motifs:
  1. caithreim, manner of death
  2. War with English
  3. imagery for kingship (aodhaire)
  4. prophesied ruler
  5. patron was beheaded
  6. general grief
  7. poet’s own mourning
  8. historical precedents
Patron Christian Names:
  1. Seaan mac Seamais
Patron Surnames:
  1. FitzGerald (mac an Iarla) d. 1582
Apologue Subclasses:
  1. Clontarf
  2. Battle of Down
  3. Gt Earl of Desmond
  4. Shane O Neill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Truagh sin, a chinn mo chroidhe

[RIA 17 (23/M/27), 267]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Truagh sin a chinn mo chroidhe

lór dúinn d’ádhbhar eólchuire

mur taoi ar cuaille ós cionn Danar

si[o]nn uat [leg. uaidhe?] fá úrdhabha[dh].

2 Tú ós cionn na cceann eile

a nÁth Cliath cúis eólchaire

ar bárr gealchuaille a ghrádh ban

crádh lé mearchuaine Múmhan.

3 Mana truaighe táinig(h) de

tárla tú ar bheagán buídhne

a chinn chaoimhchéile chuain D(t)or

ré cruaidh laoich[fh]réimhe Lunndon.

4 Ó fríoth tusa a tteirce sluaig

do díogladh ort re haonuair

gér mhór linn t’éachta uile

a chinn bréagtha banchuire.

5 Uaigneas aonlaoi riamh roimhe

níor chleacht tú a n-iath Iúghoine

a bhranáin fá bhfuil gach fear

t’fhaghail mar sin níor saoileadh.

6 A mhic Iarla learg Luimnig [268]

nár dhiúlt aon fa achuinghidh

a ghruadh rónár ar snuadh sugh

as truagh t’fhagháil ad h’uathadh.

7 Duit do gheallsad fiadh na bhFionn

tarrng[i]re(dh) fhileadh Éireonn

fá-ríor ní tháinig(h) as-teach

dá bhrígh a-támuid túirseach.

8 Fios [leg. Fir?] Múmhan ad thig ag teacht

do chiúmais [leg. chiúnais?] uile a n-aoinfheacht

gé fríoth gan aonduine ibh

a aodhaire chrích(e) Caisil.

9 A (ch)She[a]áin a chnú chroidhe

do bhréagnaidh tú an tarrngaire

níor síleadh cuaille tréd chend

a Ghuaire aoidheadh Éireann.

10 Do cheann do chur ós cionn cháich

ag so an fáth as nárbh fulair

fúibh budh coir Éire uile

a chéile cláir Ciarruídhe.

11 Ní chluinim ní chuala sinn

do chómhmór d’éacht a nÉirinn

acht rí(gh) na nGaoidheal Brian Breagh

tiar do caoinedh an cédfhear.

12 Ionann tárla dhó 7 duit

do bheansad Goill gníomh ordruic

cur ’na cheann riamh ní raibhe

a chend do Bhrian Bhóroimhe.

13 Ré dubhGhalluibh a ngort gliadh

do thuit mur do thuit ríghBhrian

a chneas seangmhalla a ghlac ghlan

a mhac meardhána Murchadh.

14 Brian chatha Dúin deimhin leam(h)

rugsad Goill a hiath nÉireann

a cheann tar a sáile soir

brágha dob fhearr a nOlltaibh.

15 Ceann tShe[a]áin neartmhuir Hí Neill

rugsad Goill anba an oilbhéim

go hÁth Cliath ’na mídhe a-mach

do sgiath tíghe na Teamhrac[h].

16 Iarla ordhruic dod t’fhuil féin

sa Droichead a dhreach mhínréidh

gé gar duit an te (do) [tor]chuir

do thuit sé lé Saxanchaibh.

17 Lé Danaraibh deimhin leam

ar thuit d’uaislibh bhfear nÉireann

fearann fonnmhínr géagthrom [geal] (dil)

ní fhédfuinn [leg. -fam?] uiler a n-áireamh.

18 Dá mairtheá do mhaithfinn dáibh

ar thuit a nÉirinn fhódbháin

budh bean gacha [leg. gan?] coimdhe crioch Bhreagh

doilge do dhíth fá dheiredh.

19 Do cheann ar cuaille a chruth thais [269]

a mhic soghrádhaicc Séamuis

a lámh dob fheárr ar dhíol duan

leam fá-ríor nac róthruagh. Truagh sin...