Poem in printable PDF format
Truagh
t’fhágbháil, a Inis Chuinn
[Cuthbert Mhág
Craith: ‘Brian Mac Giolla Phádraig’, Celtica 4, 103-204:
115-120]
Brian Mhac
Toirrdhealbhaigh Mheic Giollaphádruig cc.
1 Truagh
t’fhágbháil, a Inis Chuind,
a adhbha na n-eas
n-áluind,
a thrillseach
iasgach, éunach,
riasgach,
innesach, oiléunach.
2 Fúigfe misi -’s
is leasg liom -
th’amharc-sa, a
Iath Éirionn;
guais dúinn
gur[a]b adhaint uilc
do mh[alairt, a
úir ordhair]c.
3 Ní hannsa
dh’éinchrích oile,
ní
d’fhuath ort acht d’ionmhoine,
tug ar mh’óidh
triall ód tuinn-si,
a fh[ial an
tshlóigh] sheughuinn-si.
4 Ní fhúigfinn
tú, a threabh na Niall
d’fhonn
aoibhneasa nó ainmian,
a chríoch
ghargumhal Ghabhra,
acht d’ardughadh
mh’ealadhna.
5 Ar Dhia uile
aghus ort féin,
fhágbhuim sibh, a
ráith ríNéill,
’s i ndóigh
th’fhaigsiona fa ágh,
a róimh
taisgiodha tromdhámh.
6 Saoth
leamsa-lór do dhoghra -
fágbháil
t’fhuinn is t’athordha,
do ghrádh
ceard gcaomhnuaidhe ngeal,
a learg
thaobhuaine Thailltean.
7 Cá
truaighe, cá truime ceas
- dá measdaoi a
mhéd do dhoilgheas -
a chríoch eoil na
n-amharc sean,
gan radharc
th’fheoir ná h’inbhear?
8 Truagh fós, gan
faicsin t’fhiodhbhadh
liom, ar los mo
cheiliobhradh,
a threabh
na nduas roinntear rom -
ná cnuas do
choillteadh gcnódhonn.
9 Giodh é fós, is
fáth maoithe
gan clos fhoinn
na hardghaoithe,
théid siar tar
chéidibh do chnoc,
a fhiadh nach
éidigh iomlot.
10 Bheith dá
n-éis is damhna deoir -
binneas t’éun,
aoibhneas t’aeoir,
gáir do shealg,
congháir do chon,
is comhdháil do
learg líonmhar.
11 A Thír Bhreagh
’nar buan finfhéur,
gan graifne ar
ngreagh n-inginghér
ná súil oruibhsi
i n-am áigh -
is[barr doghailse
is diombáigh].
12 Dá n-áirmhinn
t’áineas uile,
créd é
acht adhbhar eolchuire?
do b’fhearr
dhúinn gan iomrádh ort,
a úir danb
io[mlán mh’annsacht].
13 Acht so amháin
maoidhfe misi
mo ghrádh
dhod dhroing dhílis-[s]i,
a threabh
tholach do chleacht coim:
mo shearc
d’fholach [ní fhéadaim].
14 Ní tú, a
chríoch, chaoinim uile
acht do mhná ’s
do mhacraidhe,
dream fa
haoibhne aigneadh roinn -
caoimhdhe
a gcaidreabh ’s a gcumo[inn].
15 A Inis Bhreagh
na mbeann mbog,
mór gcompán
fhágbhaim ionnod,
drong nach
fallsa cló ná coir,
’gar m[h]ó
mh’annsa iná agoibh?
16 An treabh ar
dtús ó dtá sinn -
sgoith mh’annsa
dhóibh do dhlighfinn;
an fhuil ós tós
dá gach toil:
ag soin a[n] nós
analloin.
17 D’éis na fola,
dlighthear dhíom
mo chompáin is
mh’aos imshníomh,
ós siad go bráth
nach bearar,
iad tar chách do
chuimhneaghadh.
18 A n-anmanna
dh’áireamh linn
is iomdha cairt
do chaithfinn
- ar n-aos eoil
nar mheath a modh -
’s gan
leath a sgeoil do sgríobhodh.
19 Gidh eadh, ós
éigean damhsa,
ar aoi a n-annsa
oramsa
- díorma
sliombhán nach beag barr -
bead ag iomrádh a
n-anmann.
20 Deaghmhac
Fínghin fuair mo thoil
is
tréunmhac Taidhg ’na dheaghoidh,
sgaoi is
naoimhfhéile ann dá bhfuil
do chrann
saoirfhréimhe Séufraidh.
21 Fágbhaim acu,
ós uras rinn,
an chuid eile
nach áirmhim,
beannacht
diamhair, do dhroim ghráidh,
gan roinn, do
sgiamhfhuil Sgannláin.
22 Beannacht uaim
fós dá bhféughain
- ó táid don
treibh Bhuilltéuraigh
cneis aolnuaidhe
is aobhghlan di -
saorchuaine
gaolmhar Gráinni.
23 Fágbhaim fós
beannacht bhunaidh
ag síol gcródha
gConchubhair,
fine neamhfhuar
gá dtú i dtoil;
deaghbhuan a
gclú’s a gcédfoidh.
25 Ag síol
M’leachlainn mhóir Mhidhe
’s ag síol
bhFearghail d’áiridhe,
drong neambocht
is uaisle dh’fhuil -
beannocht
uaimsi dá bhféachuin.
26 Síol
nGeochagáin na ngníomh n-áigh
is síol
nDíomsaigh, drong dheaghnáir,
cuaine data na
ndámh ndil,
mo shlán aca
dhar-íribh.
27 Ag Gearaltaibh
na dtreas dte,
mo
bheannacht do chao[in] chroidhe;
ar lucht
annsa na ngníomh ngrod;
damhsa ní díor a
ndearmod.
28 Grásaigh is
Gearaltaigh thiar -
mo
bheannacht acu ar aoinrian;
ní dual gan
iomrádh ortha -
an sluagh iomnár
athordha.
29 Mo bheannacht
dóibh tar gach ndreim -
Caomhánaigh na
n-éucht n-inghill;
’s ní cheileabh,
monuar! anois,
gur dual deireadh
don díoghrois.
30 Fágbhuim-si
fós, leath ar leath,
beannacht
uaim ag gach aoinneach
- drong
bhéilbhinn an chruidh nach cruaidh -
dá bhfuil i
nÉirinn armruaidh.
31 Taobh astoigh
dá gach nduine
- ní bhí
aon gan ionmhuine -
atáid linn seisi
mar sain
dar chinn m[e]isi
mo mheanmain.
32 An t-ord
crábhaidh do char sinn
slán ar dtús
dóibh do dhlighfinn;
lucht comhlá[in]
na ndlightheadh ndil;
dlighthear
combáidh re cáirdibh.
33 Fágbhaim acu
ceann i gceann -
leagha is
ollamhain Éireann,
sgaoi
neamhdhocht nach cruaidh re ceart;
mo
bheannacht uaim re n-imtheacht.
34 Aos dána na
ngréas ngreanta
’s a[n]
lucht seanchadh suaitheanta,
dream nár
na n-inntleacht bhfosaidh -
slán re
n-imtheacht acosain.
35 Mo
bheanacht dóibh do dhruim iuil -
aos ceoil na
gcuislionn gciniuil,
drong gan
chiaigh ar a gcroidhe,
far iaidh
mh’fhonn is mh’ionmhoine.
36 Mo shlán acu
tar éis cháigh -
mo lucht
croidhe, mo chompáin
-’s ní fairsing
táire na dtréud -
Mairsill,
Máire, agus Mairghréug.
37 Dlighim dhóibh
do dhruim ghrádha
beannacht
croidhe compánta
ag sin cairt súla
ar seanróimh
Airt, Úna agus
Ailgheanóir.
38 Mo shlán dóibh
d’éis an uile,
ós siad earr na
hionmhuine,
dream thioghnáir
rom bhir i mbroid,
do Shiobháin dil
’s do Dhiarmuid.
39 Ce bé hé ler
bh’annsa sinn -
slán tre
thoil fa n-a tuairim,
más é a leas a
luadh go grod:
bheas nocha dual
a dearmod.
40 Ag so chugad,
a Chríoch Bhreagh,
tós ós dual díbh
is deireadh,
a ráith
neambocht ler dhial druadh,
beannocht
ó Bhrian go biothtruagh. TRUAGH 7 ROTHRUAGH FÓS