Poem in printable PDF format
Tuar feirge
foighide Dé
[McKenna,
Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 25]
1 Tuar feirge
foighide Dé
bíom i n-oirchill
an fhínné
a dhiomdha ag fás
re gach fear
grás nach diongna
fa dheireadh.
2 Is í an fhearg
mhall as mheasa
a chiall is cúis
fhaitcheasa
tiocfa rú gan
tocht fa a thoil
olc nocha dú gan
díoghuil.
3 An ceannsacht
chaitheas rinne
is grian i ngar
dílinne
leanfaidh sé fós
na folta
i dtós ní hé as
ionmholta.
4 An éagcóir leis
dá locadh
do bhréagnuigh sé
an seanfhocal
gé tá neart Dé ar
gach duine
a cheart is é as
eaglaighe
5 Fogus dá fheirg
a hadhaint
dúinn ní cuirthe
i gcontabhairt
lá na togharma do
theacht
a chomhardha a-tá
ag toigheacht.
6 Deireadh na
n-aimsear más fhíor
do b’fhaide ó
fheirg an airdríogh
an domhan a-né
iná a-niodh
robhadh don té do
thuigfeadh
7 Tiocfaid na
síona saobha
nach budh
haimsear iontaobha
bheith
d’fholtaibh Dé ’n-ar ndeaghaidh
nochtair é le
hairdheanaibh.
8 Sneachta nach
éidir d’fhulang
gaoth as ghairbhe
urughall
cioth teineadh
’n-a dhiaidh dá dháil
biaidh i
ndeireadh an domhnáin.
9 Beid na croinn
agus an chré
ar lasadh i ló an
fhínné
géabhaid cumha na
clocha
nach budh lugha a
lasracha.
10 Achd gidh mór
ngábhadh do gheibh
ó fhuacht thall
is ó theinidh
go buain a gabhal
ón ngréin
an talamh ní
fhuair oilbhéim.
11 Fearfaid
luibhe gach leirge
deora fola
foirdheirge
fachain na fola
duinne
fola ón Athair
oruinne.
12 Is faide iná
feadh radhairc
rachas uainn san
fhiormamhaint
an fhairge as a
falaidh féin
raghaidh i
n-airde d’fhoiléim.
13 A lucht
tuillte na teineadh
ar bhar gcionn do
chífidhear
sgéal as cruaidhe
dá gcluinte
béal gach uaidhe
osluigthe.
14 Gach anam is é
a bhunadh
tiocfa is tráth
dá mhothughadh
lá an tobhaigh ar
ceann a chuirp
gearr ón fholaidh
a hadhuint.
15 Ní fhúigfe i
n-am na deaghla
Míchéal maor an
tighearna
a síol uile agus
Éabha
duine dhíobh nach
duiséagha.
16 Suidhfidh i
néallaibh nimhe
ós chionn na
n-ord n-ainglidhe
gairm shluaghaidh
ar chách cuiridh
fáth uamhain a
ionnsuidhidh.
17 Foghnamh na
gceathra ndúl dóibh
ní racha leo lá
an tionóil
an tráth díoltair
na daoine
íocfaidh cách a
gcomaoine.
18 An tuile grás
do ní a-niogh
géabhaidh cóir Dé
fa dheireadh
is gearr go
dtuitfe an tuile
geall tuitmhe ar
an trócuire.
19 Cneadha báis
na mbas dtana
fearfaid frasa
donnfhala
sreabha ainmheara
an ochta
budh airdheana
ionganta.
20 An ghoin do
bhi ’n-a bhonnaibh
’s a héaraic nar
íocamair
teilgfidh an
ghoinse i ló an luain
nach budh mhó a
cuisle an chéaduair.
21 Ní fhéadfadh
an uile naomh
dom dhíon dá
ndeachdaois d’éantaobh
san bhráth ar an
mbreitheamh gcóir
m’fheitheamh i
dtráth an tionóil.
22 Breath Dé muna
dheacha leam
ní shaorfadh inn
ó Ifreann
sí do ghuidhe an
dúilimh dhamh
ar glúinibh Muire
máthar.
23 Do ghéabha
gach duine a dhuais
ón rígh do réir a
choguais
ar cairde nocha
chuirfe
a chairde ná a
chomhuighthe.
24 Measfaidh ar
tús teacht i gcorp
measfaidh fhós
bheith i mbochtacht
athadh dár
ndéanaimhne dhó
éanoidhre an
athar Íoso.
25 Gach comaoin
dár chuir oirne
a pháis is ar
bpeacaidhne
aigeoraidh ag
breith na mbreath
aideomhaidh gan
bheith buidheach.
26 Leanfaidh Íosa
’s ní hé a-mháin
gan bhiadh gan
éadach d’fhagháil
móide leanas é
d’obadh
feabhas Dé fa
dhearlagadh.
27 Do bhreith
gach eolaigh orra
deithbhir ní
fhuil eatorra
réir gach dhuine
dá mbí bocht
is rí na n-uile
d’fhurtocht.
28 A-déara an
coimdhe re a chloinn
ní fhuaras óm aos
chumoinn
gidh mór dá
bhfolaidh fuair mé
cobhair i n-uair
na héigne.
29 Mé an bhráighe
ar a mbíadh árach
nar cobhradh ó
chompánach
nír faomhadh le
fear pháirte
mo thaobhadh eadh
m’easláinte,
30 An cumhgach ar
cuireadh mé
méad mo tharta
uair eile
íocaidh thall is
an teinidh
gan m’íotain ann
d’fhóiridhin.
31 An lucht do
chonghaibh mé a-muigh
gach uair dá
n-iarrainn leabaidh
anfaid a-muigh
uair oile
uaim ó thoigh na
trócoire
32 Ni fhuighe
sibh ó só a-mach
fód dá bhar
bhfearann chartach
teacht leamsa
nocha dú dhaoibh
a dhreamsa tú do
thathaoir.
33 A bhriathra
troma tearca
leigfidh lucht a
n-éisteachta
ar n-ionráithne
na n-anam
iolgháirthe mun
uraghall
34 Dealóghaid re
Dia athar
d’éis an mhic dá
meadhachadh
lá seanaidh na
dtrí dteaghlach
budh hí an
deaghail doimheanmnach
35 A mhallacht
cuirfidh re a gcois
rachaidh do réir
a n-eolais
sealbh Dé as a
láimh an lása
ni hé a-mháin a
mhioghrása
36 Biaidh aca i
n-ionadh an ríogh
Lúicifear nar loc
míghníomh
a lucht cumtha gá
dám dhó
budh lán d’urchra
agus d’iarghnó.
37 Sgarthar le
deidhbhléanaibh Dé
ar chách mar
chuirthear fínné
na pobuil do
choill a gceart
mar bhoing
choguil a cruithneacht
38 Na sé taoimsin
do thaidhleas
ni cosmhail ’s an
chéadaighneas
re a ghaol
béaraidh a bhuidhe
déanaimh na dtaom
dtrócuire.
39 A-rís rachaidh
dá slonnadh
a-déara go
ndearnamar
oibreacha Dé
ceann i gceann
sé toibreacha
nach tráigheann,
40 Do chuabhair
fa bhreith na mbocht
budh libh a lucht
na mbeannacht
do chionn bhar
dtoirbheart mór mion
oidhreacht na
n-ógh ’s na n-aingeal.
41 Duibh do
bheirim beannacht lais
ionadh aingil an
díomais
a chlann dán cóir
a ionadh
an ghlóir thall
do thuilleabhar.
42 Biaidh ar
mosgladh a meanma
i dtimcheall an
tighearna
re dtriall do
tigh an chuiridh
mian gach fhir dá
ionnsuighidh.
43 Oirfideadh a
aingil féin
binn le hanam
gach fhíréin
budh ceol cluaise
agus cridhe
an duaisse ón eon
ainglidhe.
44 A ndéanmaid
d’fhoghnamh uile
do iocfa re
héanduine
is tocht don anam
tar ais
a thadhal i bport
Parthais.
45 Deoch mhilis
an mhúir neamhdha
dúinn is damhna
soimheanma
grádh síor ag
gach dhuine dhí
’s go bhfuighe a
dhíol don dighse.
46 Do bhiadh i
ngach dhuine dhíbh
gé tá a ndíol aca
d’éintír
mac ríogh na
ríghe neamdha
díol tíre do
thighearna.
47 Ar chionn an
bhráith bíom ullamh
cairde go fóill
fuaramar
an athchairde ní
fhuigheam
an athghairde
ionnsuigheam.
48 Do thuair
Ádhamh is Éabha
fearg Críost is
cúis aithmhéala
go lá togha na
dtrí sluagh
ní bhí an fhola
acht gá hathtuar.
49 Dá mbeidis dom
breith ar neamh
bráthair umhal is
aingeal
uadh ní budh
fheirrde ar dteibe
is tuar feirge
foighide. Is tuar