firstLine"; ?>

1902. Tuar righe rath oirbherta $
Length: long 31qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny kgl.Saml.268b 16th c.
Prints:
  1. transl. Greene DMU no. xi
Motifs:
  1. irresistible attractions for women
  2. liberality to poets
  3. naval warfare
  4. mercenary soldiers
  5. War with English
  6. territory as king’s spouse
  7. king’s officers: maoir
  8. Hostages
  9. Highkingship of Ireland
  10. echo of another poem ‘Tuar righe rath tig-
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1589
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Tuar ríghe rath oirbherta


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 11]


1 Tuar ríghe rath oirbherta,

rath do dhísligh deghbherta;

fer do-gheibh geall oirbherta

mur sein is fherr n-eighreachta.

2 Sí rú uile ar n-anamhain,

crú Uidhir gá hoilemhain,

fuair sí fher rerbh ionfhuirigh

ben Da Thí gé toilemhail.

3 Gan chosg uile d’imeirghe

d’fhuil Uidhir is fhorfhuidhle;

ben Éimhir gé hinshuirghe

déinimh cen a comhuirle.

4 Go mbí uaidh ’na hénndoighir

fuair a-rís a róidheimhin;

críoch Banbha fa bhuannadhaibh

- críoch a faghla a fóiridhin.

5 Crú Uidhir ní hionaithbheir

cur a cclú is dá ccomharthoibh;

giall gonta as ass airighther,

glas corcra do chomharthoigh.

6 Cú Chondacht ós cuanachadh

cú troda do thaobhachadh;

tegh dá chrand ós caolethor

ben and agas aonothor.

7 Gan cosnamh rú ag ríghmhílidh,

crú Colla is crú ríghEoghain;

co ngabhthair géill rídhúnaidh,

Manchaigh féin as fíreolaigh.

8 Ruc d’uain fhoghla ar athimáin

togbhuidh a huaimh fhlichfhinnfhuair;

téid ben Fhloind dá lethaindeoin

le fer an chroind chrithirruaidh.

9 Laoich san áth ar adhmadain

gnaoi ar cách do chondmhadar,

a cclú is cáir do chendghadar

gan dáil a ccnú ccorrmhogal.

10 Lucht comhair cnú n-óraidhe

Cú Chonnacht ’s a fháidhfhile,

maoine uair gach énduine,

na luaidh aoidhe d’áiridhe.

11 Líon gliadh don fhéin Oilighsin

tiad a ccléith le a ccomhamhsaibh,

crú Uidhir gan uiresbhuigh

cuiridh clú tar comharsain.

12 Siad ní an dá n-imeirci

fada tiad a ttromaicme,

crodh ó chách ar comairce

do sgáth ar cCon Condaichtne.

13 A n-imlibh cuain chomhadhaigh

fuair fa inghin anfhalaidh;

do bhladh sé an ráimh rorighin

ní hé gurbh áil a n-anamhain.

14 Fiú ar gheall do chléir chomhadhaigh

re t’fhéin gur gherr gemhadhaigh,

faire ar cuan nír chuireabhair

do luadh h’aire ar ealadhain.

15 Beg dá iath nár fholmhuighiss

triath dá chead gur chuibhrighiss,

tug sein gan écht indleighis

neimh do chrécht do chuimhnighiss.

16 Ní bhí uain ar énfhilidh

a dhíol co n-uair d’óiridhibh,

riar dáimhe nár dhíolabhair

ar giall fáinde ac fóiridhin.

17 Lá d’eachtra gurbh ionfhuirigh

do bhreachtaibh mná in mheradhaigh,

tú seal a n-uaimh d’anamhain

ben uair ar a healadhain.

18 Deid is dú dáil h’iolmhaoineadh

do chlú ag dáimh gur deghluaidheadh,

a tart do bháidh bandríoghan

a lacht gráidh do ghealghruaidhedh.

19 Dot fhéin a-tá toilemhail

sé agas cách fa chomhfhalaidh,

mac ríogh ar t’fhéin d’oilemhain

do dhíol ar chléir chomhadhaigh.

20 Fríth a ccígh cuain chomhadhaigh

a dhíon uaibh gan anfhalaigh

géill ag gabháil ghenealaigh

dot fhéin d’fhagháil anadhail.

21 Cosnamh do chlú cuimhnighe

do chlú oraibh d’ionghaire;

fuair cách céill a n-oirbhire

ót fhéin ar áth n-iorghaile.

22 Bhur cclú uile ag aoidhedhaibh

a clú Uidhir d’énshiobhal;

sé ac díol cliar do-chualabhair

ar ghiall ríogh is réidhioghadh.

23 Ní tsir fher acht d’fhoghairsi

sibh fesda is dá feraibhsi,

gearr ó rug eol oraibhse

- a seol tucc an Temhairse.

24 An fhian re hucht ríghbhruidhne

tiad a dtroid le móirdheinme;

len t’fher agus h’énoighre

a bhen ar fher n-óirfheilme!

25 Críoch Bhanbha dá bhélfhaláir

damhna ríogh dá ríghghabháil;

sé ar cuimhne um iath nÉiremhóin

ciall tshuirghe sa tshíororáin.

26 Fuair so ar tsíth do tsárughadh

tol ríghna do réidhiughadh;

do-bheir lais dorn dáilemhan

’s a chorn tar aiss d’éinshiobhal.

27 An ealbha ón trian tuaidhemhain,

fian Emhna ’na n-aoidheadhaibh,

maoir sgiath is crand ccrórighin

a n-iath Gall ó Ghaoidhealaibh.

28 Cú Chondacht co ccaollongaibh,

fá chlú troda tréinfhillidh;

ní ghabh acht giall óirerraidh

dá gcar co Fiadh Féilimidh.

29 Líon áigh na ccrand ccaolarsaidh

a n-am áigh gan aoinessbhoigh;

tuc fer faithche a bhféresbhaigh

graithfne gredh na nGaoidhealsin.

30 Cú Chonnacht ós coirrphobal

dá chlú throda ag tromchreidiomh;

tegh ’sa ghabhla um ghormthobar

fleadh na hadhbha a hoirfeidiodh.

31 Sgol ac dréim a dheghmholta

bladh a ccéin co ccoimhreactha;

d’urra mar hé is ionmholta

an té as truma toirbherta.