Poem in printable PDF format
Tuar ríghe rath
tighearna
[Nessa Ní
Sheaghdha: ‘Ó Conchobhair Chiarraighe’, Celtica 6,
173-83]
Maolmaire bacach
ua Géráin cct.
1 Túar ríghe rath
tighearna
brath na ríghe a
rodhamhna
do-ní cách a
chomhumhla
sul ttí tráth na
togharma.
2 An tráth
fhúair an umhlusa
do chách ní húair
ainbhfiosa
roinntear cáin
chlann bhFearghusa
do-cháidh tar am
aighniosa.
3 Do thréig ortha
a áiridhe
tolcha nach tréig
fiaghuidhe
rí fíre fhóid
Iúghoine
ar ríghe chóig
cCiarruighe.
4 Triath ar
sliocht na seanchuradh
triath fá ttig
gach tromthoradh
fáth na ccríoch
do choimhthileadh
d’fhíoch ag cách
re Conchobhar.
5 Forrthain ríogh
do ríghfhine
a ndíol orthuibh
d’áoghuire
slóigh umhla
chláir Chiarruighe
ní dáigh umhla
acht d’áonduine.
6 Fiaghuidhe
fhuinn anaithnigh
fuin Chiarruighe
comhfheithmhidh
tig d’fhoghuil
fhíadh n-anaithnigh
fían
Chodhuil na[ch] chomhtheithmhigh.
7 Dá mbé íath ’na
n-uireasbhuidh
téid a fhíach
do[n] fheadhainsin
míne cách ná [a]
ccomharsoin
do sgáth ghríbhe
ghealUisnigh.
8 Fían nach searg
a seanfholta
a bhfearg fá rían
robharta
clár mín fá fhéin
oireachta
do bhéin díbh as
dodholta.
9 An rí a
bhfeidhm nach fillfidhir
ní bhí a fheidhm
ar orcharuibh
sáoirsi ag sleidh
Í Chonchubhair
do-bheir dáoirsi
ar dhornchladhuibh.
10 Lugha díol a
dhiomhdhasoin
díoth Mumhan dá
minmheasaidh;
gí bé tosd a
ttarlasoin
as cosg é ar an
imreasain.
11 Sluagh dá
n-aithne ó n-onchonuibh
’na smual
ghairthe ós ghormthealaigh
d’iomad ghiall
chlann cConchubhuir
mall a ttrial um
thromcheanuibh.
12 Ar gach tír
dh’uaim urmasaidh
na sluaigh ón tír
thirmeasuigh
a chion ’gon úa
Fhearghaisin
ní núa dá fhior
imreasuin.
13 Rádh cháigh
réd’ chéibh lagfhiodhuigh
báire ód fhréimh
mur rugabhair
fleadh gan ól ód
t’fhadfhoghuibh
a lógh as-teach
thugabhair.
14 Thug tú
as-teagh do thréinfhine
clú na sean go
sáruighe
giodh oirdheirc
cró Ciarruighe
mó h’oirbheirt
mar áruidhe.
15 Géill ghonta
’na ngealbhasuibh
folta ar
bhféin[e] ó fhinnshleasuibh
neóil ghairthe
tre ghormlasair
ad dheóigh
d’aithle an imreasuin.
16 Tug Teamhuir a
deaghmhaisi
drud ón Eamhuin
fhádghlais[s]i
críoch do-chúaidh
a n-éadtreisi
a díoth
uaidh do fhágbhais[s]i.
17 Tolcha Midhe
minfhéachaidh
dot fhine narbh
andúthuigh
rug toruibh fiadh
finnFhiachuigh
mían oruibh don
andúthuigh.
18 Do dhál go
Bóin[n] bhailbheasuigh
do tháth an fhóid
fhinn[sh]leasuigh
grúaidh ’s a dath
mar dhonnlasuir
’god bhrath a
n-uair imreasuin.
19 Seóid bhuadha
a ttigh thromdháimhe
do dhuaisi, a
fhir fhionnBhaoíl[l]e,
learg ghairthe do
ghealghruaidhe
do dhearg
d’aithle a h’iolmhaoíne.
20 Do thúar clú
ar nach cinnfidhear
a fhiú dhá bhuar
bearnfoighear
náire chinn oc
Conchobhar
bráighe ghill ré
a ngeallfoidhear.
21 Dá mhéad dob
áil d’ionnmhusaibh
ní thráigh a
mhéad meanmasoin
clíar do chuir ó
imreasoin
a ríar don fhuil
Fhearghasoin.
22 Bearar buaidh
ré mbárclonguibh
sluaigh ó Eamhuin
fhíontonnaigh
síol Róigh ris na
réalltonnuibh
líon a n-óil um
fhíontonnuibh.
23 Fiú a ttug
ceann na cCiarruigheach
a ngeall rug ó
réidhfhiodhach
coin an ríogh ó
ríoghOileach
don sgoil bhus
díol déighionach.
24 Fada atá ar a
thromcheanuibh
gráin chatha ar
nach cinnfidhear
ucht ag cách a
Conchubhar
áth tar a
lucht lingfidhear.
25 Searc ortha
nírbh ionobtha
tolcha na ccleath
ccoimhfheactha
ní toir acht tonn
robharta
re goil fá fhonn
oireachta.
26 Bláth na sgath
do sgíamhdhathuigh
gnáth rath as na
ríoghbhreathuibh
bric gheala
chúain chiúnshrothuigh
ag búain fheadha
d’fhíorbheachuibh.
27 Sgotha geala a
nguaillighe
srotha tearca ar
ttírine
millsi sreabh
chláir Chíarroighe
as ná[i]r re
bhfear bhfíndighe.
28 Cuid do rath
an ríghmhílidh
nach bhfuil
teacht ré a thréanmháoruibh
teas nach tá[i]r
go híarnónuidh
do thráigh eas
’na éanbhráonuibh.
29 Tnúth ré a
ainm dob iomchubhuidh
a chlú ós aird
imthighidh
ma[dh]
teacht re clú cConchubhair
as tearc clú ar
nach cinnfidhir.
30 Fiú díoth an
fhuinn fhódtharthuigh
an chríoch dá
dhruim dlúitilfidh
buana a hiath
nach áitighthir
le triath Cluana
cúitigh[f]ir.
31 Do tháth
bhrúaigh na bóroimhe
do-chúaidh tar
chách cíanoidhe
ní bhia is Goill
fhóid Iúghoine
ag roinn na ccóig
cCiarroighe.
32 Cáor bhuaidh
dearbhtha dholeanta
a cceann sluaigh
ní soghonta
do thúar clú
d’fhéin oireachta
do dhréim rú as
rodholta.
33 Ticc sa n-áth
mar fhinnEachtair
fás tug ar a
thromfholtaibh;
do-ní a n-áth dá
n-iomarcuigh
an rí is cách ní
comolta[i]r. Tuar.