firstLine"; ?>

1904. Tug damh h’aire a Inse an Laoigh $
Length: very long c. 72 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. historical or
  2. House mp
Manuscripts:
  1. Mayn. M 107 ?Aodh B. MacCruitin 1712
  2. NLI G 127 R. Tipper 1713-15
  3. RIA 785 (23/G/8)S. MacSolaidh etc.1711
  4. RIA 156 (23/D/5) S. MacSollaidh 1715
  5. RIA 154 (23/M/18) S. MacSollaidh 1718-
Prints:
  1. text Leabhar Muimhneach p. 387
Motifs:
  1. reim rioghraidh, regnal list
  2. patron’s house
Poet Christian Names:
  1. Maoilin Og (AFM 1602, RIA 154, 156,785
  2. Tadhg mac Daire (M 107, G 127, RIA 11)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha NLI G 144)
  2. MacBruaideadha (E MacCraith’ RIA 486 etc.)
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh m. Conch. & m. Mairgreige
Patron Surnames:
  1. O Briain, 4th Earl of Thomond, poem 1588
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Tug damh h’aire, a Inse an laoigh


[Ó Donnchadha, Tadhg: An leabhar Muimhneach, 387-98]


Eoghan MacCraith cct.


1 Tug damh h’aire, a Inse an laoigh,

atú i n-easbaidh h’iuil neamhchlaoin,

a mhúr éingheal halladh sean

’narbh annamh féimdheadh fileadh.


2 Fiarfaighim díot, dia do chiaigh,

cá líon fear do shíol ShaoirBhriain,

a threabh sheasgair bheannghlan bhog,

lér dealbhadh easdaidh ionnad?


3 Sloinn fós, a bhraontais bhanda,

a n-oidhedha a n-anmanna,

is fad téarma gach duine dhíobh -

níor chuire déanmha doighníomh.


4 Usaide leam a luaidhe

arsan fionnmhúr féaruaine

Síol Luighdheach Minn na maghfhód

cuimhneach linn an laochradhód.


5 Iomad bliadhan ré mbuain rinn

chum na laochsin do luaidhfinn

tug sin leisge ar mo labhra

fán gceiste a fhir m’agallmha.


6 An ceangal do chuiris orm,

do rádh an síodhbhrugh sriobhghorm,

um Shíol nÉanda fá dual damh,

do-ghéabha uam a fhuasgladh.


7 Ocht mbliadhna tríochad tuir Chliach

Donnchadh Cairbreach mo chéidtriath

[fá] mír chruaidh ga seasaimh sin

don teasaidh uair a oidhidh.


8 Dealbhais cronnóg chochlach chruinn

san phort so thall rem thórainn

múr sriobhluath ó bhfilleadh frais

dar imeal fionnbhruach Forgais.


9 D’éis Donnchaidh nár dhóigh cumhadh

tig an ceannsa Conchubhar

nírbh fhéider gan mo dhul dó

céidfher dár bhrugh an brughso.


10 A haoindéag a seacht ’sa sé

fuair Conchubhar do chianré,

do dhorchaigh mo ghné arna ghoin,

go dtorchair sé ar an Siúduin.


11 Fuair Brian Ruadh, ní dál nár dhligh,

do chuirm fhlaithe na laochsin

naoi mbliadhna rén’ ól uaimse

mór n-iarla badh hanuaisle.


12 An Brian Ruadh sin na ruag dtiugh

d’éis madhma Muighe Greision

fuair i mBun Raite a riaghadh,

brugh dob aite aoilniamhadh.


13 Do chaith Toirdhealbhach, mac Taidhg,

tar éis Bhriain chosgraigh cheannaird

ré chiallaidh badh cneasda dhó

bliadhain teasda do thríocha.


14 Toirdhealbhach na longphort lán

do chéadchuir cloch im cheartlár

’S i múr Inse rem thaobh thiar

níor lingsi aon re hainmhian.


15 Fuair bás ionnam dá éis sin

mac Taidhg Chaoluisge chneisghil

géag shaor an duille dosghlan

laogh mo bhruinne an Brianachsan.


16 Donnchadh mac Briain Ruaidh reannghlain

ag roinn re rath Toirdhealbhaigh

ocht mbliadhna dho gan diombuaidh

ag so griangha an gaoidhiolshluaigh.


17 Rug ar Dhonnchadh do dhoghraing

do theas airm is anfhorlainn,

gur ling uadh féin san bhForg[h]as

ó réim na sluagh siobhalbhras.


18 Tig chugam ceann an teaghlaigh

Donnchadh i ndiaidh Toirdhealbhaigh,

a mhac féin, feirrde ar meanma,

mo mheirge séimh soidhealbhdha.


19 Gur thuit Donnchadh nár theib treas

cóig bhliadhna acht ráithe a reimheas,

ré linn soin torchair an tír

do ghoimh fhill Mhorchaidh Mhainchín.


20 Tig i ndiaidh Donnchaidh dealbhghloin

Muircheartach, mac Toirdhealbhaigh

buabhall ceannsa, tuir mar Tál

do luigh leamsa mar leannán.


21 Comhfhlaith do Mhuircheartach mhear

Diarmaid na gcaisléan gcneisgheal

[is] an borrchladh nár bhean ruinn

sa seadh Donnchadh mac Domhnaill.


22 Fuair Muircheartach, maordha a dhreach,

dhá bhliadhain tríochad tuillmheach,

agso an ghéag nár ghrádhuigh olc

go dtárraidh éag re hadhart.


23 Do chaith Diarmaid gan diomdhaidh

soisear mac [d]tréan [d]Toirdhealbhaigh

slóigh Life iar ngialladh dá ghoil

fiche bliadhan is bliadhain.


24 Ocht mbliadhna mar thós tuile

fuair Mathghamhain Maonmhuighe

fear an leasanma ón taobh thoir

níor aomh freasabhra an feadhsoin.


25 Tig dom fhiossa dá éis soin

Brian crannruadh Catha an Aonaigh;

a naoi do chaith fá cheathair,

do bhí a mhaith ós Muimhneachaibh.


26 Do díbreadh leis, laochda an rath,

Toirdhealbhach ceap na gCumrach

don taobh thoir dona Déisibh

claon ní fhoil an fhaisnéissin.


27 Ocht mbliadhna do bhí im gharrdha

Conchubhar mac Mathghamhna

fám léigean uaidh níor thuill troid

do-chuaidh lé a chluinn don Charraig.


28 Do chaith Tadhg an Chóimh chnámha

a trí fichead folána;

tug sé flaithlíonadh dár bhfonn

gur haithríoghadh é asam.


29 Mathghamhain Dall ’na dhiaidh soin

trí bliadhna is blogh do bhliadhain

fear an té do hathchradh uaim

sé arna athchur ré anuaill.


30 Toirdhealbhach Bog, bláth na mBrian,

trí bliadhna dhó gan dimhiadh,

tug móid re héad gan uamhan,

sa cóig déag fá dheaghluadhal.


31 Donnchadh, mac Mathghamhna Doill

dhá bhliadhain do bhí im chonchlainn

gur scrios fala is feall an mac

cara na gceall an chomhshlat.


32 Sé bliadhna gan ghráin gan ghoid

Tadhg ceannard cuanna an Chomhaid

isé do bhí ag loighe leam

mo bhroine ba hí a aidhleann.


33 Do chaith Conchubhar na srón

lán ré tríochad gan turbhródh,

go a chorpchur i n-úr Inse,

múr portghlan na proibhinse.


34 Naoi ráithe, fá réim molta,

don Ghiolla Dhubh dhealbhchorcra,

ceann na n-óg soirbhghreadhnach séimh,

Toirdhealbhach Óg a ainmséin.


35 Toirdhealbhach Donn deaghmhac Taidhg

d’éis an Ghiolla Dhuibh dhreachgairg,

do bhí ag breith buaidh don Bhrianfhuil

trí dheich uair acht aoinbhliadhain.


36 A mhac sin nach séan tubhadh

mo chéilese Conchubhar

go a éag is ciallaidh do chaith

dá bhliadhain déag don deaghfhlaith.


37 Don chloichse an chrotha neamhdhuibh

tig Murchadh mac Toirdhealbhaigh;

tug iar mbeith ’na Iarla air

deich mbliadhna agus dá bhliadhain.


38 Dob é céadiarla a chinidh,

sódh ionnarbtha aindlighidh,

Murchadh Cliach dár theagh mo theagh

mo-cean iath ar ar hoirdneadh.


39 Dob é mo dhara hiarla

mac Conchubhair chruithniamhdha,

Donnchadh, nár chleacht tláithe i dtreas,

sorthan seacht ráithe a reimheas.


40 Donnchadh, fear ná faca a mheadh

do thionnsgain caisléan caoimhgheal

fuair ré ghearr dár ghoire léan

san gceann oile don oiléan.


41 Táinig chugam caomh re cioth

d’éis Donnchaidh, Domhnall Cléireach,

mar ba dú a thocht ba toirtheach,

níorbh orc i gcrú chomhaidhtheach.


42 Cúig bhliadhna tug damh Domhnall,

gur himreadh orm anfhorlann

le neart saorchath sluaigh Londuin

mo chaomhthach uaim ionnorbaidh.


43 Annsin tig an treas iarla

dimiadh eachtgha an fháidiarmo

rae lán rer tonnmhaighreach tráigh

fá chlár ghormaibhneach Gabhráin.


44 Ionnum don taobhso thuaidh thoir

Conchubhar, deaghmhac Donnchaidh

mór ngné ’nar shíothlaigh a shéan

é do chríochnuigh an caisléan.


45 Fiche bliadhan do bhí so

is chóig leithbhliadhna lána

ina iarla ar fhonn Adhar

griangha mar Chonn Conchubhar.


46 Cóig bhliadhna tárraidh fá thrí

’na iarla oirdhearc Éinrí

mian oirne iomrádha air

oighre diongbhála Donnchaidh.


47 A dhearbhráthair Brian Ó Briain

seacht mbliadhna déag gan duibhchiaigh;

fuair gairm is maitheas molta

flaitheas agus ainm iarlachta.


48 A mhac sin Éinrí oile

bláth sleachta Briain Bóroimhe

Iarla Ó dTáil fá dtámuid tréan

tánaig is dáil re deighshéan.



49 Ocht mbliadhna ós an mbrugh-so

lámh chlaon fár chlaon comhursa

do chaith Donnchadh, Dia dá dhíon,

sia ar a bhfolthar féilghníomh.


50 Do chuireas díom diaidh i ndiaidh

roighne cuingeadh clann SaoirBhriain

a séimhlí dom char ar ceal

go hÉinrí dhamh fa dheireadh.


51 Ceathrar agus fiche fear

is seacht n-iarla san áireamh

líon an daghshluaigh do luigh linn

d’fhuil Anluain agus Oilill.


52 Losgadh báthadh dá ua mBriain,

fear do ré dhíobh, dias d’airmghliaidh,

sé is dá dheich do chuain na gCorc

arna mbreith uaim re hadhart.


53 Fiche bliadhan is cheithre céad

ó Éinrí nar char coimbréag,

nach dóigh d’airdleath chonchar Chuinn,

go Donnchadh Cairbreach ciallchruinn.


54 Ochmhogha míle chúig céad

ocht mbliadhna anois is neimbréag,

do smuain Sé ar neimh ar neimhthreoir

go gein Uain Dé dínightheoir. [date 1588]


55 Beir uaim go n-iúl is fhoirfe

gibé thú a fhir m’fhiosruighthe

feidhm feasda ar h’éimdheadh ní fhuil

éirneadh na ceasda ó chianaibh.


56 Sloinnse domhsa dreas oile

ó Bhrian, bun na ríoghraidhe

dár bhrúcht torchar ballbhruagh beach

go Donnchadh crannruadh Cairbreach.


57 Léig liom mar do léigeas lat

fios foirfe ar a bhfuil ceóbhrat

an réim líonmhar gCaissin gCliach

ríoghradh Chaisil na gcoirrsgiath.


58 Fios na dtriath ó dtáinig sonn

fios a n-oidheadh ’s a n-anmann

foillsigh dhúnn gan díoth bhfeasa

bíoth do thnúdh ler thuirmheasa.


59 A Inse an laoigh na learg dtais

do fhuasgail m’indearbh eólais

do-ghéan díot fáidh san bhfiosso

ní cáir gan íoc h’aincheasa.


60 Beir leat uaimse gurb é Brian,

Airdrí teann nár char dimhiadh,

Gaoidheal Gréag tiaruin is toir,

dá bhliadhain déag gan diombloidh.


61 Cuimhnigh Donnchadh deaghmhac Briain

caogad bliadhan gan bhraitchiaigh

iseadh do bhí ós Banbha,

fa rí an fear go bhfreasabhra.


62 Toirdhealbhach, mac Taidhg, mic Briain,

éinrí ar Fhódla ’s ar fhinnChliaigh,

ar a bhreith do bhí gach treabh

a trí is dá dheich don deighfhear.


63 Muircheartach Mór a mhac soin

a trí is tríocha do bhliadhnaibh

rí Éireann ba headh a ainm

fear na ngéibheann do ghiallnaidhm.


64 Taobh le Mumhain, múr Neachtain,

Diarmaid i ndiaidh Mhuircheartaigh

cheithre bliadhna do bharr Bhreagh

griangha Gall agus Gaoidheal.


65 Deich mbliadhna, reimhse go rath,

fuair Conchubhar na Cathrach

do chur chána ar mhagh Mumhan,

damh is cára a chumhnughadh.


66 Cóig bhliadhna ós Mumhain mheadhraigh

ag sin treimhse Toirdhealbhaigh

mac Diarmada ó Chlár na gCas

lámh ba fhialbhoga um ionmhus.


67 Cóig bhliadhna, rob séan soraidh

Muircheartach, mac Conchubhair

ceann na n-óigfhear ón Mháigh mhoill

ós dá chóigeadh Cláir Chonuing.


68 Trí dheich Domhnall Mór amuigh

rí déidheannach rér dhealuigh

Caiseal Mumhan na magh réidh

pudhar a char ’na chaithréim.


69 Ní áirmhim ciabh na gcleachtbhoth

mac Domhnaill Mhóir Muircheartach

ge tá sé i Saltair Chaisil

ná glacthair é ’na éagmhaissin.


70 Bíodh nár luaidh mise Murchadh

an Sgéith Ghirr go ngleódhchonfadh

ní dleaghar diomdha ar an fhear

is iomdha leabhar do luaidhfeadh.


71 Naoi rígh iseadh háirmheadh leam,

ceathrar díobh re díon Éireann,

is cóigear ós clár Caisil,

don Dál óigfhear fhionnChaissin.


72 Do naoi ríghibh don taobh theas

ní dheachaidh aon dár áirmheas

d’oidhidh ghona acht Brian abháin

d’iadh Logha doba leannáin.


73 An chomaoin do chuiris orm

agseo, a Laoighinse lionnghorm,

comaoin uam ina hionadh;

dual comaoin do chúitiughadh. T-u-g-d-a-mh.