firstLine"; ?>

1905. Tug t’aire riom a ri Gaoidheal $
Length: long 31qq
Certainty: 1
Period:
  1. 13th mid
  2. 13th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. Williams, Poems GBM, no. x
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. eulogy of appearance
  3. poet’s immunity - not to carry weapons?
  4. Material rewards for poetry
  5. poet insulted patron
  6. caithreim, list of triumphs
  7. fertility of land under true prince
  8. swearing by the prince’s hand
  9. King’s officers (‘giolla eich’, ‘fear gradha’
  10. fosterage/childhood
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Domhnaill
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1281
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Tug th’aire riomsa, a rí Gaoidheal


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 10]


1 Tug th’aire riomsa, a rí Gaoidheal,

do ghnúis chorcra congaibh orm

- nocha gall-labhra do dhéineamh,

a mhallabhra gléigheal gorm.


2 A fhlaith Banbha, is beag do chreidfinn

clódh oram dot aghaidh réidh;

tearc ar th’aithne guth do-ghéabhainn,

cruth th’aighthe acht go bhféaghainn féin.


3 Ní cara gidh cúich ór éistis

adhbhar gotha dod ghruaidh bhric;

is sgéal siobhlach, a chleath Conaill,

neach dár n-ionnlach romhainn rit.


4 A rí, ná beir breith ar leithsgéal

go labhruinn red leacain mbuig;

ar dteacht dod toigh budh tréan meise

dá dtoir sgéal na deise dhuid.


5 Nach eadh ro hinniseadh uaimse,

a fhir Chonaill - cruaidh an feidhm -

mhé do thocht san áth dot fhostadh,

cách ort do bhrostadh sa mbeirn?


6 Nír ghríosas cách, a chinn Teamhra,

nir theilgios arm, nír eol damh;

mana fola dún, a Dhomhnaill,

dola ar cúl comhlainn dá char.


7 Giolla h’eich, a onchú Tuama,

tug m’fhuathsa fat abhra ngorm;

olc an lus grádha dod ghiolla

tlus gránna budh ionga orm.


8 Ar fhear mar mhé is mairg do éistfeadh

glór drochdhuine, a dhreagain Fháil;

dá luighinn dó bachla buidhe,

mó is gabhtha luighe fad láimh.


9 Dar do láimhse, a leomhain Bhearnais,

briathar éithigh ní háil leinn;

ní dhearnas féin falaidh n-ionnluigh

red mhalaidh réidh sliomdhuibh seing.


10 Glór miosgaise mairg do éistfeadh

d’aimhleas orm, a fholt na n-íoc;

caidhe trá m’fhala dot ionnlach

’s nach rabha lá diomdhach díot?


11 Mac nó dalta ’gun réir riotsa

ní rachadh díot ré ndíol cháich,

nó bráthair ’gun réir ní ruighe

ód chéibh ráthaigh bhuidhe bhláith.


12 Tugais dom chléir cuairt do thíre,

tugais th’anáir, a fhir Luain;

tugais dár láimhne, a fhlaith Bearta,

sgaith áirghe beachta dod bhuaibh.


13 Tugais th’éadach agus t’airgead,

a fhir Mhis, ní mé nach tuig;

maith gach breath rugais dod ríoghaibh -

tugais each fa dhíolaibh duid.


14 Tugais do rún, a rí Teamhra,

tugais tearmann, tugais díon;

mo bheith gut ól mar fhear ngrádha

nír bhean lógh mo dhána dhíom.


15 Dála an mhacaoimh ’s na mná oileas

ar n-inneall, a fholt na ród;

dá mbeinn i ndoirr red chéibh gclaidhfhinn

fad choim féin do-raighinn ród.


16 Créad fa ndiongnainnse dáil aimhlis

eadrad is sluagh Sléibhe Ruaidh?

beag más truime dhamh an dualus;

uille gach cradh fhuarus uaibh.


17 Do chanas re Cinéal Eoghain:

iomghuin riot doba réim doirbh;

is teichthe dhúibh an t-ágh urlamh -

ni nár dhúin a urladh oirn.


18 Biodhbha dhamh an druing do chuirfinn

chugad, a laoich Locha Cé;

ni rabha acht ag clódh an chatha;

cara do shlógh Macha mé.


19 Ar mhaithibh riotsa, a rí Gaoidheal,

dá ngríosainn cách fad chorp seang;

dhuit budh cosgar, a chleath Macha,

neach do bhrostadh catha id cheann.


20 Breith don fhóir ar th’armaibh seada

sáimh libh, a leaca mar ghrís;

nír léig go dian a each orad

neach nach biadh romhad a-rís.


21 Triall catha red chathaibh móra,

a mhic Dhomhnaill, nír dháil shoirbh;

nach cuma a luadh, a fhlaith Abhaidh -

ní maith do shluagh aghaidh oirbh?


22 Fa haidhbhseach linn láimh re Modhairn

meirge uaine agus each geal;

a rí Moighe Tuama, id tiomcholl

doire cuanna sliomchorr sleagh.


23 Gér gharbh, nír gharbh re bhar sluaghaibh

sruth na Modhairne ar Muigh Gairbh,

ná an Fhinn mhór do mhéad a tonnchladh;

créad acht slógh onchon bhar n-airm?


24 Do chionn cruidh do chreacfainn moladh

red mhalaidh duinn, red bhais mbáin;

rigmid a leas luagh do mholta;

treas ar do ghruadh corcra is cáir.


25 Moladh airdríogh is eadh dleaghair

dod dreich óig, dot abhra mhall;

ní meiste, a rí, méad do mholadh -

an bhréag is í is omhan ann.


26 Moladh do ghruadh ar ghné teineadh,

taom d’adhmoladh t’abhra gcas,

moladh datha do chiabh gclodhdhonn -

ni racha pian oram as.


27 Dála cearta créad fa n-abair

’gun Athair do ordaigh neamh

dán ar ghné th’earla nó th’aighthe,

dá ndearna Sé a aithbhe ar fhear?


28 Tugas dá laoidh, a fhlaith Gaoidheal,

dod ghnúis mhálla - moladh duid;

an treas laoidh nocha laoidh d’fhithchill

a-neas daoibh, a bhithsheing bhuig.


29 Is tú is éinfhear is fhearr máthair

ó Mhuigh Cuar go Carn Í Néid;

is tú is fhéile ’s is fhearr athair

’s is déine i gceann tachair téid.


30 Is é th’iocht, a onchú Tuama,

thuilleas gach laoi lacht na mbó;

do bhreatha, a rí Chloinne Conaill,

do-ní ar choille crobhaing cnó.


31 A Í Dhomhnaill Dúine Balair,

buaidh gach tachair is tú rug;

borb do bhualadh, a bhadhbh Cabha,

stuaghadh ar arm tana tug.