Poem in printable PDF format
Aithne charad
cláirseach Bhriain
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 8]
Maol Pádraig Mac
Naimhin cc
1 Aithne charad
cláirseach Bhriain
gá heisdeacht
a-tú i dtroimghliaidh;
a faisgin is ró
do rad
re taisgidh is
cró carad.
2 Meinic do
seinnte ma-seach
i mbrugh Bhriain
Bheinne Coilctheach;
nocho glór i
gcill do chleacht,
ba binn ag ól a
héisdeacht.
3 Re linn [an
laoichsin] Eanaigh
ní bhíodh sí go
suidheamhail;
maith a seol fa
mbíodh n-a bhrugh
ba ceol ag fion a
fosgudh.
4 Do bhíodh as
gach láimh do láimh
i ndúnadh ghéige
Gabhráin;
ba binn le slógh
gá seinm sin
ba mór a feidhm
ag flaithibh.
5 Ba tearc
aoinfhear a fheadhma
nó gor thuit a
tighearna;
re gach nduain ba
fial an flaith,
nochon uair cliar
a chomhmaith.