Poem in printable PDF format
Tugadh mo
choimhéad do chóigear
[Brian Ó Cuív:
‘An Invocation of Saints Peter and Paul’, Éigse 13,
52-58]
1 Tugadh mo
choimhéad do chóigear,
cogadh oirn is
eadh do-niad,
gabhaid ceannas
ar an gcolainn,
caraid fheallas
orainn iad.
2 Mo lucht comtha
ar cionn mo bhiodhbhadh
bíd choidhche
’gam chur amach,
gach buachail ’ga
bhfoil ar bhfeitheamh
uathaibh soin
beithear ’gam brath.
3 Dias is triar
tugadh dom choimhéad,
a gcomann ní
comhthach gar,
ní is sia ní
fhúigeabh gan áireamh
cia an cúigear do
dáileadh dhamh.
4 Na cóig cialla
dar cóir m’fheitheamh
fheallas orm, ní
hadhbhar rúin,
taobh ré a
gcongnamh do mheall meise,
dob fhearr
foghnamh deise dhúin.
5 Ga beag dhamh
díreach an creideamh
’s na cionta do
chor dom aoidh
dom breith suas
go dún an Dúilimh
dá ghlún thuas
dom ghlúinibh gaoil?
6 M’anacal ar
fheirg an Choimdheadh
an cóigear an
gcéin bhus beó
deacrach do Phól
is do Pheadar
gidh mór
bpeacthach leagar leó.
7 Taobhadh m’anma
rém aos cumtha
is comhairle rén
cóir taobh,
sinn ag comhrag
risin gcruinne
congmhad rinn a
n-uille ar-aon.
8 Gabhadh agam
mar fhear páirte
Pól abstal,
impidheach Dé;
nó go mbear dána
ar an Dúileamh
m’fhear grádha
múineadh mé.
9 Luan na breithe
bím ’na oirchill,
ionad saortha na
sé gclann;
reagar a leas, ós
gá labhra,
Peadar ar leas
m’anma ann.
10 I ló an
bhráith budh beag a fhoghnamh
iarraidh
maithmhighe ar Mhac nDé;
dob fhearr
d’fhoghnamh don dá easpal
congnamh leam
suil meastar mé.
11 Madh caraid
duid an dias óglach
re hÍosa badh
adhbhar sídh;
do-ghéabhtha
síodh ó Mhac Mhuire
’s ná bíodh lat
acht duine dhíbh.
12 Dá thinne óir
d’éis a ngairthe,
dá ghéig abhla
dar fhear cnuas,
maith séan a
n-eachtra lér oile,
dá éan d’ealta an
toighe thuas.
13 Maith do
fhoghain dá n-aos chomtha
an chomhairle ar
ar chinn siad,
druim do char re
cuing an tsaoghail,
dá dhamh fá
chuing aondoimh iad.
14 D’eagla thuile
dá thuinn uaille,
an dá apstal nár
fhaomh cion,
oire dochair ar
an dís-sin,
fochain croidhe
ísil d’fhior.
15 Suil rabh
m’anam ar iocht námhad
ní is taosga
théighim fá ndíon;
aca thoghaim mo
theagh leabtha,
dá fhear comhaill
reachta an ríogh.
16 Dá áirithe
fhear an domhain,
an tan bhéarar
breath an Luain,
dá dhéis do
dhamhna na n-abhlann
tarla ar éis na
n-anmann uain.
17 Maraid ar
n-éag is é a gcosmhail,
críoch a
mbeathadh beag nach tós;
atád ann a
haithle a mbuana
tairthe na gcrann
mbuadha bhós.
18 Do chuireadar
cúl ar aghaidh
an dá abstal is
ard glóir
grádh an phobail
dona peacthaibh,
lámh fá obair
ndeacraigh dhóibh.
19 Do-chuala nár
chreid a seanmóir
Síomón craoi
nachar dhiúlt geis,
do bhean sé a
cheann as an chreideamh,
gearr an ré do
leigeadh leis.
20 “Éirghe i
n-airde d’éis a chéile”,
do chan an draoi,
doirbh an gníomh,
“ar ghualainn nDé
nó go ndeachar
tualaing mé,
leathan mo líon”.
21 Do gheall an
draoi, díochra an t-ainbhfios,
don dá abstal
anmhain thuas,
tug an fáidh go
néallaibh nimhe
ar bhéalaibh
cáigh sidhe suas.
22 Rug eitil a
hucht an talmhan,
téid i bhfad is
fríoth a am,
cúis ghrádha é
don da easpal
námha Dé do
heasgradh ann.
23 Rug a-rís is
an raon gcéadna
ó chlár nimhe
námha an ríogh
gur bhuain re
talmhain dá throighibh,
amhlaidh fuair
oidhidh más fhíor.
24 Fuair a
dhiúltadh ó dhún nimhe
an neach do
bháidh briathra Dé;
mo bhuain a hulc
ní badh fhaláir
don lucht fuair
mar anáir é.
25 Mór
m’imshníomh dá n-oba Peadar
páirt oram dá
n-aithne ar dtal;
smuainim go madh
mór an mhíorbhal
madh thualaing
Pól díolghadh damh.
26 Madh áil
adhradh d’iris chrábhaidh
céim fá n-iocht
is eadh fa dú,
an saoghal is sé
mo sheise;
baoghal, a Dhé,
an treise i dtú.