firstLine"; ?>

1911. Tugadh oirne easbhaidh mhor $
Length: very long c. 48qq
Certainty: 0
Areas:
  1. Scotland ?
Classes:
  1. personal
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  4. RIA 953 (23/G/1) D.Mahoneus et al 1709
  5. Turner MS Edin. Adv. MS no. 65 Argyll 1748
Prints:
  1. transl. Eigse iii, 167
Motifs:
  1. use of imagery for subject
  2. praise of personal appearance
  3. Material rewards for poetry
  4. persecution of poet by English?
  5. general grief
  6. symptoms of grief
  7. poet’s own mourning
  8. vigil on grave
Poet Christian Names:
  1. sname only
Poet Surnames:
  1. O Maoilchiarain (RIA 2)
Patron Christian Names:
  1. Fearchar
Patron Surnames:
  1. O Maoilchiarain
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Tugadh oirne easbhuidh mhór


[R. A. Breatnach: ‘Marbhna Fhearchoir Í Mháoil Chíaráin’, Éigse 3, 165-85]


Ó Máoil Chíaráin cc.


1 Tugadh oirne easbhuidh mhór,

cneasghuin na coinnle rom chríon,

mo leanabh óm leas do ládh,

do beanadh mo lámh dheas díom.


2 Do folchadh gile a ghrúadh mbreac,

budh búan ar mo chridhe a chnoc,

faríor nocha mhar mo mhac,

glan an tshlat do bhíodh fám brot.


3 Mo chalann atá gan treóir,

atá mh’anam isan úaigh,

rem áonmhac ní fhoil mo shúil,

cáolbhrat d’úir ghloin ar a ghrúaidh.


4 Gol a mháthar tar moir mhóir -

’na toigh atáthar gan treóir -

foghar ghuil mhíanaigh í Mháoil,

fáoidh luin ag íarruidh a eóin.


5 Do-rinne dom chroidhe chrú,

sinne ionar loighe dhá ló,

teagh úire giodh aige atá,

faide an lá dhúinne ioná dhó.


6 Mo sheise tar an moir mhóir,

is meise dom thoigh ón tráigh,

dob é an t-anadh aimhghlic úaim

sgaradh re a ghrúaidh mbaillbhric mbáin.


7 Ránag Magh Fáil fa bhfuil tonn,

mo dháil tar an muir is mall;

trúagh mo thadhall fan bhfíadh bhfionn:

dar liom do bhíadh m’anam ann.


8 Báoth mé gan leanmhuin mo láoigh

tar an ngleannmhuir go ngné rúaidh:

beithear arna thocht gan treóir,

gan fheitheamh m’eóin dob olc úaim.


9 Ní mhair Fearchar go bhfolt núa,

iona thocht do mheallfadh mná:

do-chúaidh ar bhfear dúasach dhó,

ní ag cnúasach bó am theagh atá.


10 Ní thig neach anoir ná aníar

dom thoigh ré heach ná ré hór:

teagaimh gach fear dána dhún,

acht an geal úr málla mór.


11 A lucht do mharbh an ngéig ngil,

is do léig fan arm a fhuil,

níor cháin an fear, níor áor ibh,

níor libh a tháobh geal do ghuin.


12 Fada a charaid ó a churp sháor,

ní anaid an lucht gá lúadh;

folt na ngleann bhfionnbhuidhe bhfíar,

cían dream a ionghuire úadh.


13 Ó Máoil Chíarán mo cháor núa,

mo ghríanán áoil, mo chráobh chnó,

dream gan shuan am thigh atá,

na mná ’na fir fa dúal dó.


14 An tráth do sgáoileadh an sgéal,

cách dhá cháoineadh nochar cheól,

mar do bháoi ar tteach doba trúagh,

neach ag cáoi úadh, neach a neól.


15 Gol a mháthar fá mór é,

gur clódh a láthar ’s a lí,

tairnig a corp agá cháoi,

olc don mhnáoi nárbh aimrid í.


16 As é ar mac ar marbhadh féin,

an tshlat is amhglar a n-úaigh;

as é a bhás rom béara a n-úir,

is méala dhúin a fhás úain.


17 Gér bheódha gach deighfhear dhíobh,

ba neimhsheadh gach deóra dháibh;

a dhíoghail ní headh do-fhúair,

do-chúaidh do ríoghaibh bhfear bhFáil.


18 Brígh mo chumhadh ní choisg lionn,

mo roisg ón dubhadh is dall,

m’ucht ’na chrosradhaigh chnámh lom,

’s a lán trom d’osnadhaibh ann.


19 Ní thráigh mo chumha le ceól,

nocha dáigh a dula dhíom,

nocha ttoirneann bean mo bhrón,

ná fleadh ná glór roibheann ríogh.


20 Do chuir ar maicne fa mháoith,

ar n-aicme ní chluin an ccúaich:

a aghaidh óg ’s a bhonn bláith

fá fhód cháich is trom re túaith.


21 Iomdha tromhuinn goin dá ghrádh

trém choluinn soir agus síar;

na doighthe ag dubhadh mo ghrúadh,

goithne fhúar chumhadh trém chlíabh.


22 Atá táobh ar sáoirmheic sunn

fá áoinleic risan ndáol ndonn:

sáidhfidh dáol am chneassa a cheann,

measa leam an táobh do tholl.


23 Turus mo mheic tar muir síar

do luigh ’na leic ar mo lár:

do-gheabhtha chrodh gan chreic ndúan,

truagh a mheic do dhol re dán.


24 Mo mhac sáor ro ghonsad Goill,

mo láogh an tslat bhosbhog bhinn ;

a mheic, giodh gan bhúar do bheinn,

is trúagh leinn gan do leic linn.


25 Ionmhuin trácht nachar throm lúdh,

ionmhuin bonn mar bhláth na ccáor,

ionmhuin seangthroigh is bos bhán,

cos is lámh Fhearchoir ar-áon.


26 Faríor as é an t-aisdear olc

ar ttaisdeal ó phort do phurt:

mé úair ag loighe ar a leacht,

feacht oile ’s a uaigh rem ucht.


27 Seanmóir cháich ní théid fam thuinn,

trésan ngéig ngealmhóir mbláith mbinn:

cách uile dá ccrádh fá a ccloinn -

gá poinn do dhuine a rádh rinn?


28 Dar linn ní coimseach ar ccíall;

sinn go toirrseach agá thúr,

mur chubhar ngeal ar áth fhúar,

am sgáth thrúagh gan sheagh gan shúgh.


29 Cumha Í Mháoil Chíarán am churp,

ar síadhán atám dá thocht;

gan mo dhul d’éag lé ar a leacht,

créad nach budh dleacht cré ar mo chorp?


30 Tug h’úidh ar Dhía riomsa, a Rí,

ní bhía súil am chionnsa ón cháoi:

an trúagh lat mo dhéar a Dhé?

féagh mé gan mhac is gan mhnáoi.


31 Easbhuidh goin an ghille sháoir,

easbhuidh linne a oil a n-úir,

táinig dh’olc an oidhidh fúair,

a thocht úain gur dhoiligh dhúin.


32 Bás Fearchuir ag searg ar súl,

mur cheard gan teannchuir atám;

rug mh’ar agus mh’eagar úam,

trúagh dhamh a leagadh ar lár.


33 Do-roinne an Coimdhe chreich ttruim,

oirne dá gach leith do ling,

do-rad mé an Coimdhe gan chloinn,

ní hé a roinn do-roighne rinn.


34 Níor dhamh dligheadh damhsa Día,

mo chlannsa gér chineadh núa:

is mé an tshlat do chuir a cnú,

atú gan mhac ’s ní fhuil mh’úa.


35 Reic a mharbhna as dár láoibh leóin,

gurab tarbha don táoibh fúair;

is dubhach olc ’na dúais dúin,

rug shúil is chlúais is fholt úainn.


36 Dul ar a lighe gach láoi

do dhubh mo chridhe is mo chlí;

úaigh Fhearchuir giodh úaine a gné,

bearrfuidh mé gach úaire í.


37 Bróg tar teach do teilgeadh leam

ag teacht tar an ndeirggeal ndonn:

do reith fear is do fhéagh ann

nar bhean tall a béal fá a bonn.


38 As prap ruguis é úan

an mac tugais a Dhé dhún ;

ón ló teasda an té fá a ttám,

do shlán, a Dhé, feasda fúm.


39 Mo mhac roba náoidhe núa,

fá cáoimhe ioná gach mac mná;

do cheannach nimhe ar dhigh dhó

a bhó dhighe am thigh atá.


40 Cubhránach (?) mo chroidhe am chlíabh,

mo shoidhe gulánach (?) géar,

a ghnáoi fhallsa ag snoighe ar súl,

súgh mo chroidhe dhamhsa a dhéar.


41 Iomdha rem dhreich srothán síos,

ochán gan mo bhreith don bhás:

is mé an crann do chuir a chnúas,

mo bharr súas ní fhuil ar ás.


42 A adhbhasa um an ccorp ccáomh,

ním calmasa ort, a úagh;

a bhoth a ndéanadh a dhán,

och mur tám got fhéaghadh úam.


43 Gan mhac feasda is fada leinn

ar aba cheasda san chill;

mo bhean nocha bhéara chloinn,

croinn gan fhréamha budh eadh inn.


44 Gach úair ghuilim tré fhleisg Lí

cuirim mur cheisd agá cháoi:

bean an bhaile nár bhac é,

a Dhé, an raibhe mac ’gan mhnáoi?


45 Och is dubha fhallsa í,

guth dhamhsa gan dula lé;

anbhann mo chorp is mo chlí,

is olc dhí nach marbhann mé.


46 An filise ’s an féar thríd,

mo chridhise an béal gan bhréig,

an tsháorshlat gan mhuirn gan mhóid,

cáolbhrat fóid ghuirm ar an ngéig.


47 Guilim ar a los gach láoi,

ní fhuilim anos do ní;

as í a mharbhnaidh do mheasg mé,

a Dhé, is leasg lem anmuin í.


48 Níor ghabh dhíom an Coimdhe cead

fan ngníomh - mur do-roighne rug;

diomdhach mé don Rígh do-rad,

mur do ghad dínn an té tug. Tugadh oirne.