firstLine"; ?>

1912. Tugaim aghaidh ar MhaolMhordha $
Length:
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht ?
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 739 (24/P/9)D. O Duigenan 1651-2
  2. RIA 1382 (23/O/73) T. Hickey 1814-30
  3. RIA 672 (23/C/21) E. Caomhanach 1816-
Prints:
  1. text Ir. Book Lover xxvii (1940-1), pp 266-70
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Ruadh (RIA 672, 1382)
  2. Tadhg mac Daire (RIA 672, 1382)
Poet Surnames:
  1. [MacBruaideadha]
  2. O hUiginn (‘T. Dall’ RIA 1382) and
Patron Christian Names:
  1. Maolmhordha
Patron Surnames:
  1. [MacSuibhne ?d. 1581]
Meter Vars:
  1. sneadhbhairdne 16 crosantacht
Poem:

Poem in printable PDF format

Tugam aghaidh ar Mhaol Mhórdha


[Pól Breathnach, ‘Maolmórdha Mac Suibhne’, The Irish Book Lover 27, 1941, 266-70]


Tugam aghaidh ar Mhaól mhorrdha

mairg nach ttiubhradh

feinnidh nemthlaith mar fher nAlmhun

na bfledh bfionnghlan


Fillem tar ais deis ar ttimchil

ar thuir Fhanad

go roichem a ghnuis ghealbhan ghnebhog

nemhghradh namhad


Ineosam dhó ar imigh oraind

uch mo thruaighe

fillem tar ais go geis nGáille

deis ar nuaille


Mar téid maighre sriobh go sáile

aniugh go nuaidhe

bert dob fhaide o inntleacht fhíre

imthecht uaidhe


Leigfimid ris ni run fabhuill

fios ar sgéilne

ní badh ferr dhuinn eachraidh aoibhne

dferchoin Eirne


Fios ar nechtra an uair fa ccluinfe

mo ched naire

moighfidh annsein ar fher nDaoile

a ghen gaire


7 is gaire suilbhir siabhartha do rinne in cennaighe o Chinn tSáile iar mbeith secht saoirbhliadhna fa chíaidh ccumhadh 7 ccomhthuirrsi 7 fa theimheal trenndoirche tromaigenta óir gémadh beg a dhétt do nochtadh aoinfheacht ni dernaidh a uired do shubhachus na do sholás frisin re sin no go ndeachaidh sé go daoinibh fáthacha firghlioca do leghadh litre láineólcha leighis da fhios an bfuighbedh diumarcaidh foghlama ag feallsamhnaibh no do bhúadhaibh cloch núasal na a ccuirtibh doilbhthe draoidheachta ní eigin do beradh furtacht no foiridhin no fiorchabhair dhó . gurab aire sin ro hullmhuighedh lung luchtmhar lethanaidhbsech lanionnstrumuinnteach 7 a mesg gach moroirchille da raibhe aca ar a nuiresbaidh go rugsat torc taoibhleabhar tribhliadhnach crapailte cruadhchuibhrighthe leo cengailte ar tile dheiridh na deghluinge gur bhiodhgastair nadúir an bhethadhaigh aimhreidh eigiallaigh le hiongantus na haibheisi 7 re dochraide an daoirchengail 7 re dobhaladh na dubhfhairrge gur gabh si go saothrach ag siorbruimnigh gan anadh gan oirisiomh go ttugsat lucht an arthraigh uile da naire ona hairghenaibh sin hi . conadh annsin ro eirig an apa lochtach lomthónach ro bhuí isin luing re haghaidh urghairdighthe an an uasalchennaighe gur tharruing an foised fiorleabar asin tonna do sheinmhiodh shoola gur ro shaithestair a ttóin na fiadmhuice an foiséd go fiordhaingen iar sgaoiledh in sgiamhthonna go hobann iolsgaoiltech fa thaobhaibh na trenluincce gurab annsin ro mhuigh a ghen gaire go glemhaiseach ar an ccennaighe go raibhe go cenn trí lo go noidhche ar an aonghaire sin conár ghabh taom dubhachuis na dobhróin o sin amach é ionnus gur fhilliustair go haigentach airdmenmnach don echtra sin 7 fós ni hionann sin 7 ar nechtraine o thulaigh thoirlingthe gacha tromdháime .i. teach Mhaolmhorrdha m Maoilmuire m Eogain m Murchaidh m Emoinn m Murchaidh m Domhnaill m Eóin m Eogain Chonnachtaigh m Dubhghaill m Mhaoilmuire m Murchaidh Mhir m Mhaoilmuire in Sbaráin m Suibhne a quo Clann tSuibhne, etc. Mas subhach saitheach seitrech sofhorbfhaoilidh do chuadhmar a ccenn aistir 7 imtheachta do badh cenntrom cúthail cudaltach sinn íar ccaisiompadh 7


Iar sgís merten 7 moraistir

miste a menma

curter cloidhe re craoibh ccumhra

re taoibh Temhra


Do gébhtha a dhá luachair lomra

fa bruach mBerbha

ithid clann chana gan corma

samha 7 semra


Ni lenum de ni dó atamuid

truaighe dhuinne

sinn do chur ar ccul re chéile

ni túr tnúidhe


Do fhagaibh sinn ní ar sén uaire

aithrech linne

giolla suairc is ceillidh cuinne

s feinnidh Finne


Do ghabh sinn ag siubhal romhainn

fa réim sechráin

dob é an turus corr ar ccaithréim

on donn dreachnar


Aderdis cách cía ag a mbite

a bhuighen onna

ro ghabhsum araon ag a rádha

ag Maol morrdha


Iomdha duine adubairt síadsan

sechnóin Éirenn

bhios mar sin sa tir a ttallann

on mín mérsheng


Tig a hucht an fhir adeirthí

ni dal aoinfhir

tig an fer ciúil in flaith in feinnid

maith gan mhaoidhemh


Tig an taoinfher tig in tromdháimh

tig in buighen

tig in mheirdreach s an ogh iodhan

mor in muirear


Tig in cerrbhach tig an tabhlóir

tig an taoidhigh

tig an fear glais bhos san bhráighe

ní nós naoidhe


Tig in coigrioch tig in tiorrthach

tig gach duine

tig in crosan fos s an file

mar thós tuile


7 is tuile ingantach ainiarmartach do fhas 7 do anfhorbhair san abhuinn noirrdirc niasglíonmhuir darbho comhainm an Mhaigh mhaighreach morthorchurthach a ccriochaibh mínáille na Mumhan dar fhoghailseat a hesgonna na .ix. gcluainte comhmora cruithnechta fona comursain acht as é tosach an sgeóil sin iar ndenamh feranntais 7 forgabaltais go foréigneach do Ghallaibh gruamdha geranacha glordha 7 do Dhanaraibh dána dúrchroidheacha ar shlataibh fínemhna fioruaisle na Fodhla 7 ar réltonnaibh solusglana samhrata Eimhir Fhinn 7 ar chlannaibh oirrdherca echtiomdha uasalEreann .i. clanna airdghniomharthacha Oiliolla Oluim mic Mogha Nuadhad mic Modha Neid ro gabhsat a naite 7 a nardmhainéir dhá néisi 7 ro gabhsat ag siorthreabadh gacha saorthulcha fa imlibh callchroma chlair Mhachaire Chaisil 7 fa tholchaibh arda uraoibhne Aine Cliach go rabhadar cara an chaomhshamhraidh ag a cumdach re faltaibh snáithremhra slat 7 re cloidhtheachaibh comhfhairsionga criadh ionnus gur chaomhnadar 7 gur chomhainciodar íad go haimsir a aipche 7 a ardesgcair ar meadhón mhíosa moruaisle Augustuis a nurthosach foghamhair do shunradh an ionbaidh sin go ttarla dhoibh a lot 7 a lainmhilledh don leith nar shaoilsiot a mbernadh ina a mbaolugadh gur fhas 7 gur forlíonustair an abhann orra gur sgothistair go hobann anbhuaineach iolsgaoiltech tar a himealbhordaibh gurbho lán gach machaire 7 gach maighríasg da merthuile gurbhó lán gach eitridhe dá heisi iar niumpudhadh don uisge ionnus go rabhadar ealtana iomluatha errlúaimhnecha esgonn inn gach ionadh ina dhéoigh go bfacaidh in céidfher ler fechadh na fochanghuirt an saithi siobhlach síorlúaimhnech ag iomshnamh os formnaibh aroile gur thoghairm se a charaid 7 a choigéile 7 a chomhfhogus da ccomhtharrachtuin . ciodh iad sein ann ni na naonar tangadar or ro thionóilsiot na tuatha 7 na triaththírtha fa thuarusgbhail na tturchurthadh sin gur lionsat na muighe 7 na mórtholcha fa mhínbhordaibh na Máighe conar fágbadh días na foichne na fiorphlanna do na naoi gclúaintibh comhmora cruithneachta gan tarraing 7 gan treinmhilledh ag tionól 7 ag tiomsughadh in troimeisg ag esaónta 7 ag imresuin aga iomchosnamh re aroile gurab amhlaidh sin thegmhus do Mhaolmhorrdha mhac Maoilmhuire iar na imdhiden ar na huile bhiodhbha bunaidh borbnertmhvr amail ata aós foghloma 7 fírealadhna 7 lucht coimdhe gacha ceirde da chomhfhoghuil don leith is lugha dar smúain coimhéd ar chechtar dhíbh amail ro mhillset móiresgonna na Máighe ar na mbrughadh


Do mhill an tuile iar na treabadh

muighe Mumhan

gabhthar bradan a gcliabh caradh

fa fhiadh Uladh . . . . (Transcript incomplete)